Próiseas Bologna: limistéar Eorpach an ardoideachais a bhunú
Is é is aidhm le próiseas Bologna, a tionscnaíodh le Dearbhú Bologna (1999) agus ar a ndéantar measúnú gach 3 bliana i gcomhdhálacha aireachta, córas níos inchomparáidí, níos comhoiriúnaí agus níos comhtháite a thabhairt isteach don ardoideachas Eorpach.
GNÍOMH
Dearbhú Bologna an 19 Meitheamh 1999 - Comhdhearbhú na nAirí Eorpacha um Oideachas (Níl sé foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh).
ACHOIMRE
Is é is aidhm le próiseas Bologna, a tionscnaíodh le Dearbhú Bologna (1999) agus ar a ndéantar measúnú gach 3 bliana i gcomhdhálacha aireachta, córas níos inchomparáidí, níos comhoiriúnaí agus níos comhtháite a thabhairt isteach don ardoideachas Eorpach.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Tá sé d’aidhm leis córas céimeanna acadúla a aithnítear agus a chuirtear i gcomparáid lena chéile go héasca a chruthú; soghluaisteacht mic léinn, múinteoirí agus taighdeoirí a chur chun cinn; agus foghlaim agus teagasc ardchaighdeáin a chinntiú.
-
Áirítear ar phríomhréimsí fócais an phróisis foghlaim ar feadh an tsaoil, infhostaitheacht, struchtúr céimeanna, oscailteacht idirnáisiúnta, bailiú sonraí agus dearbhú cáilíochta.
-
Ba é príomhchuspóir le linn na chéad 10 mbliana den phróiseas limistéar Eorpach an ardoideachais (EHEA) a bhunú. Bunaíodh é in 2010 le Dearbhú Bhúdaipeist-Vín. Don chéad 10 mbliana eile, bainfidh na cuspóirí le comhdhlúthú Limistéar Eorpach an Ardoideachais.
-
Tá an próiseas i bhfeidhm i 48 tír faoi láthair, agus is ionann iad, in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, agus comhaltaí Phróiseas Bologna.
-
Níl an próiseas forchurtha ar rialtais náisiúnta nó ar ollscoileanna. Ina áit sin, is gealltanas idir-rialtais, deonach é a dhéanann gach tír shínithe chun a córas oideachais féin a athchóiriú.
-
Bhí rath gan fasach ar phróiseas Bologna i gcomhar trasteorann réigiúnach san ardoideachas, agus mheall sé aird ó áiteanna eile sa domhan. Dá réir sin tá sé ina fhócas anois idirphlé a chruthú leis na comhpháirtithe domhanda chun an próiseas a neartú. Cuireann an Chomhairle béim ar an bpointe sin chomh maith ina conclúidí 2014 ar an ngné dhomhanda um ardoideachas Eorpach.
-
Tionóladh an chomhdháil aireachta is déanaí in Eireaván, an Airméin an 14-15 Bealtaine 2015. Tá sé beartaithe an chéad Chomhdháil Aireachta eile a thionól sa Fhrainc in 2018.
CÚLRA
Tá na tíortha atá rannpháirteach sa Choinbhinsiún Cultúrtha Eorpach (1954) i dteideal ballraíochta ar limistéar Eorpach an ardoideachais, ar an gcoinníoll go ndearbhaíonn siad a rún cuspóirí Phróiseas Bologna a chorprú isteach ina gcóras ardoideachais féin. Ba cheart dóibh faisnéis a chur ar fáil chomh maith ar an dóigh a gcuirfidh siad na prionsabail agus na cuspóirí i bhfeidhm.
Tá próiseas Bologna ar aon dul le cuspóirí chreat oideachais agus oiliúna AE agus lena Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás agus poist.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin EHEA
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Limistéar Eorpach an ardoideachais in 2015: Próiseas Bologna tuarascáil cur i bhfeidhm
Conclúidí ón gComhairle ar an ngné dhomhanda um ardoideachas Eorpach (IO C 28, 31.1.2014, lgh. 2-5).
Nuashonraithe 23.07.2015