Comhionannas inscne sa mhargadh saothair

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2006/54/CE maidir le cur chun feidhme phrionsabal na gcomhdheiseanna agus na cora comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm leis an treoir seo roinnt treoracha maidir le comhionannas inscne a chomhdhlúthú trí reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) sa réimse um chaitheamh comhionann le fir agus le mná i gcúrsaí fostaíochta a shimpliú, a nuachóiriú agus a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunphrionsabal is ea comhionannas idir fir agus mná i ndlí AE a bhaineann le roinnte gnéithe den saol sa tsochaí, lena n–áirítear an saol oibre.

Comhionannas i bhfostaíocht agus i ndálaí oibre

Toirmisctear leis an treoir idirdhealú díreach*idirdhealú indíreach* idir fir agus mná i dtaca leis na dálaí seo a leanas:

Lena chois sin, cuirtear cosc le hAirteagal 157 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar idirdhealú ar fhorais inscne maidir le cúrsaí pá as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Tá feidhm ag an bprionsabal seo chomh maith maidir leis na córais um aicmiú post a úsáidtear chun pá a chinneadh.

Mar eisceacht, áfach, féadfar údar a thabhairt le caitheamh ar bhealaí éagsúla le fir agus mná ar bhonn cúiseanna a bhaineann le cineál na gníomhaíochta gairme faoi leith, má bhíonn na bearta a ghlacfar dlisteanach agus comhréireach.

Ní mór do Bhallstáit AE fostóirí a spreagadh chun gníomhú in aghaidh an idirdhealaithe (idir idirdhealú díreach agus idirdhealú indíreach) ar fhorais inscne, agus go háirithe i gcoinne ciaptha* agus ciapadh gnéasach*.

Comhionannas i gcosaint shóisialta

Caitear go comhionann le fir agus mná faoi na scéimeanna gairmiúla slándála sóisialta, ach go háirithe faoi mar a bhaineann le:

Tá feidhm ag an bprionsabal seo maidir leis an bpobal oibre ar fad, lena n–áirítear:

Saoire mháithreachais, tuismitheoirí agus uchtaithe

Ag deireadh saoire mháithreachais, tuismitheoirí agus uchtaithe, tá an ceart ag fostaithe chun:

Cosaint ceart

Ní mór do na Ballstáit leigheasanna a chur i bhfeidhm d’fhostaithe a bhí ina n–íospartaigh idirdhealaithe, amhail nósanna imeachta comhréitigh agus breithiúnacha. Lena chois sin, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun fostaithe agus a n–ionadaithe a chosaint ar chaitheamh go holc ag an bhfostóir mar fhreagairt ar ghearán laistigh den chuideachtaí nó ar imeachtaí dlíthiúla ar bith.

Ní mór dóibh pionóis agus deiseanna cúitimh a bhunú maidir le damáiste a rinneadh dóibh.

I gcás imeachtaí dlí, roinntear an dualgas cruthúnais idir an duine a chuireann an gearán idirdhealaithe isteach agus an páirtí atá cúisithe as idirdhealú. Má chuireann an gearánach fíricí os comhair na cúirte ar féidir toimhde idirdhealaithe a chruthú leo (e.g. tá tuarastail níos ísle ná na fir ag gach bean sa chuideachta), ansin caithfidh an gearánaí a chruthú nár sáraíodh prionsabal na córa comhionainne (e.g. tá poist éagsúla acu nó oibríonn siad go páirtaimseartha).

Cóir chomhionann a chur chun cinn

Ceapann na Ballstáit comhlachtaí ar é a ról cóir chomhionann a chur chun cinn, agus anailís agus monatóireacht a dhéanamh uirthi, lena áirithiú go bhfuiltear ag cloí leis an reachtaíocht agus tacaíocht neamhspleách a chur ar fáil d’íospartaigh idirdhealaithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sé i bhfeidhm ón 15 Lúnasa 2006. B’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 15 Lúnasa 2008.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Idirdhealú díreach. Sa chás go gcaitear le duine amháin ar bhealach nach lú fabhar ná mar a caitheadh nó ná mar a chaití le duine eile i gcás comhchosúil ar bhunús cine nó eitneach.
Idirdhealú indíreach. Sa chás go gcuirfí daoine d’inscne amháin faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le daoine d’inscne eile faoi fhoráil, faoi chritéar nó faoi chleachtas atá neodrach de réir dealraimh, (mura bhfuil údar maith oibiachtúil leis an bhforáil, leis an gcritéar nó leis an gcleachtas sin le haidhm dhlisteanach, agus go bhfuil an modh chun an aidhm sin a bhaint amach cuí agus riachtanach).
Ciapadh. Sa chás go dtarlaíonn iompar neamh–inmhianaithe a bhaineann le hinscne duine arb í an aidhm nó an éifeacht leis dínit duine a shárú, agus timpeallacht bhagrach, naimhdeach, mhaslach, náireach nó ghránna a chruthú.
Ciapadh gnéasach. Sa chás go dtarlaíonn cineál ar bith iompar neamh–inmhianaithe béil, neamhbhriathartha nó fisiceach de chineál gnéasach, arb í an aidhm nó an éifeacht leis dínit duine a shárú, go háirithe nuair atá timpeallacht bhagrach, naimhdeach, mhaslach, náireach nó ghránna á cruthú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na gcomhdheiseanna agus an chaithimh chomhionann le fir agus le mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (athmhúnlú) (IO L 204, 26.7.2006, lgh. 23–36)

Nuashonraithe 03.02.2022