Cosaint fostaithe i gcás fostóir dócmhainneach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/94/AE maidir le fostaithe a chosaint i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra

CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Déantar fostaithe a chosaint leis an treoir a bhfuil éileamh acu ar luach saothair nár íocadh i gcoinne fostóra atá i staid dócmhainneachta.

Tagann an staid dócmhainneachta de thoradh ar iarratas a dhéantar faoi imeachtaí breithiúnacha lena mbaineann dífheistiú páirteach nó iomlán shócmhainní an fhostóra agus ceapadh leachtaitheora, sa chás go ndearna an t–údarás breithiúnach inniúil an méid seo a leanas:

Féadfaidh tíortha AE, trí eisceacht, éilimh de réir catagóirí áirithe fostaí a eisiamh má thairgtear cosaint choibhéiseach dóibh le cineálacha eile ráthaíochta. Féadfaidh tíortha AE oibrithe tí a fhostaíonn duine nádúrtha a eisiamh.

Seachas na heisceachtaí sin, áfach, feadfaidh gach fostaí tairbhe a bhaint as an treoir seo beag beann ar fhad an chonartha fostaíochta nó ar an gcaidreamh fostaíochta. Dá bhrí sin, tá feidhm aici maidir le fostaithe páirtaimseartha, conarthaí ar théarma seasta agus conarthaí sealadacha.

Institiúidí ráthaíochta

Ní mór do thíortha AE institiúidí ráthaíochta a bhunú trína ráthaítear íocaíocht éilimh fostaithe agus, nuair is cuí, pá téarfa ar fhoirceannadh caidrimh fostaíochta. Féadfaidh siad uasteorainneacha a shocrú ar na híocaíochtaí a dhéanann an institiúid, agus ní mór do na híocaíochtaí sin a bheith mór go leor le cur le cuspóir sóisialta na treorach.

Ní mór íostréimhse an luach saothair a dhéanann an institiúid ráthaíochta a ríomh ar bhonn:

Ní mór d’fhostóirí ranníocaíocht a dhéanamh i gcomhair mhaoiniú na n–institiúidí sin, mura bhfuil sé cumhdaithe go hiomlán ag na húdaráis phoiblí.

Slándáil shóisialta

Féadfaidh tíortha AE a ordú nach bhfuil feidhm ag an ráthaíocht íocaíochta maidir le:

Ina theannta sin, murar íoc an fostóir na ranníocaíochtaí slándála sóisialta éigeantacha ach gur asbhaineadh iad ón luach saothair a íocadh, bainfidh fostaithe tairbhe as a dteidlíocht iomlán sochar i ndáil leis na hinstitiúidí árachais.

Cosnaítear leasanna na bhfostaithe i ndáil le sochair seanaoise, lena n–áirítear sochair marthanóirí, faoi na scéimeanna pinsin fhorlíontaigh. Tá feidhm ag an gcosaint seo maidir le fostaithe a d’fhág an gnólacht sular tharla an dócmhainneacht chomh maith.

Cásanna trasnáisiúnta

Má d’oibrigh an fostóir dócmhainneach ar chríocha 2 thír AE ar a laghad, is an t–údarás sa tír ina raibh an fostaí ag obair de ghnáth an t–údarás a bheidh freagrach as na héilimh a íoc.

Mar an gcéanna, cinntear méid chearta na bhfostaithe i ndáil leis na hinstitiúidí ráthaíochta faoin dlí náisiúnta a bhaineann leis an institiúid ráthaíochta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 17 Samhain 2008. Le Treoir 2008/94/CE códaítear Treoir 80/987/CEE agus a leasuithe ina dhiaidh sin agus gabhann sí in ionad na Treorach sin agus a leasuithe ina dhiaidh sin. B’éigean dlí a dhéanamh de Threoir 80/987/CEE i dtíortha AE faoi 1983.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/94/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2008 maidir le cosaint fostaithe i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra (Leagan códaithe) (IO L 283, 28.10.2008, lgh. 36-42)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/94/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm fhorálacha áirithe Threoir 2008/94/CE maidir le cosaint fostaithe i gcás dhócmhainneacht a bhfostóra (COM(2011) 84 críochnaitheach, 28.2.2011)

Nuashonraithe 27.11.2020