Tá Treoir (AE) 2024/1788 ina cuid de phacáiste a dearadh chun dícharbónú chórais fuinnimh an Aontais Eorpaigh (AE) a éascú trí gháis in–athnuaite agus ísealcharbóin, go háirithe hidrigin, a chomhtháthú, agus dírítear inti ar an méid seo a leanas:
margaí inmheánacha comhtháite atá go hiomlán oibríoch maidir le gás nádúrtha agus hidrigin a chruthú;
tacú le spriocanna aeráide an Aontais Eorpaigh, go háirithe aeráidneodracht faoi 2050;
cearta agus cosaintí tomhaltóirí sa mhargadh gáis a neartú;
a áirithiú go dtabharfar cosaint faoi leith do thomhaltóirí leochaileacha agus dóibh siúd a dtéann bochtaineacht fuinnimh1 i gcion orthu, lena n–áirítear le linn an aistrithe fuinnimh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá an treoir, ar athmhúnlú í de Threoir 2009/73/CE (cuid den tríú pacáiste fuinnimh), ina cuid d’iarracht níos leithne, lena n–áirítear freisin Rialachán comhfhreagrach (AE) 2024/1789, chun córais fuinnimh an Aontais a dhícharbónú, ag díriú ar na margaí gáis nádúrtha agus hidrigine. Is píosa riachtanach í den phacáiste “oiriúnach do 55”, a bhfuil sé mar aidhm leis laghdú 55 % a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin faoi 2030 agus aeráidneodracht a bhaint amach ar deireadh faoi 2050.
Dícharbónú
Féachtar leis an gcreat um dhícharbónú a tugadh isteach leis an treoir le cur le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais tríd an méid seo a leanas:
comhtháthú gás in–athnuaite agus ísealcharbóin laistigh den chóras fuinnimh a éascú;
rialacha comhchoiteanna a leagan síos maidir le gás nádúrtha agus hidrigin a iompar, a sholáthar agus a stóráil, rud a chuideoidh le margadh hidrigine feidhmiúil a bhunú;
rialacha a chur san áireamh lena n–éascófar an t–aistriú ó chóras bunaithe ar ghás nádúrtha go córas bunaithe ar ghás inathnuaite agus ar ghás ísealcharbóin.
Praghsáil soláthair mhargadhbhunaithe
Féadfaidh soláthróirí an praghas ar ghás nádúrtha agus ar hidrigin a chinneadh gan srian.
Tá Ballstáit AE freagrach as iomaíocht éifeachtach a áirithiú i measc soláthróirí ionas go mbeidh na praghsanna cóir do thomhaltóirí deiridh i gcónaí.
Ní mór do na Ballstáit cosaint tomhaltóirí leochaileacha agus iad siúd a dtéann bochtaineacht fuinnimh i gcion orthu a áirithiú. Leagtar síos critéir shoiléire leis na rialacha nua maidir le cén uair is féidir leis na Ballstáit idirghabháil a dhéanamh i socrú praghsanna do ghás nádúrtha.
Géarchéimeanna maidir le praghas gáis nádúrtha a bhainistiú
I gcás ina dtarlaíonn méadú tobann suntasach ar phraghsanna i margaí gáis nádúrtha, féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh géarchéim réigiúnach nó uile–Aontais maidir le praghais gáis nádúrtha a fhógairt faoi na coinníollacha seo a leanas:
ní mór meánphraghsanna i margaí mórdhíola gáis nádúrtha a bheith comhionann le 2.5 oiread an mheánphraghais ar a laghad le cúig bliana anuas agus a bheith €180/MWh ar a laghad, agus beifear ag súil go mairfidh sé sin ar feadh sé mhí ar a laghad;
ní foláir gur tháinig ardú thart ar 70 % ar phraghsanna miondíola gáis agus go mbeifear ag súil go bhfanfaidh siad ard ar feadh trí mhí ar a laghad.
A luaithe a fhógrófar géarchéim agus a chomhlíonfar coinníollacha áirithe, féadfar idirghabhálacha poiblí spriocdhírithe sealadacha maidir le socrú praghsanna ar sholáthar gáis nádúrtha a chur chun feidhme d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, do theaghlaigh agus do sheirbhísí sóisialta riachtanacha.
Cearta agus cosaintí tomhaltóirí
Tugtar roinnt beart isteach leis an treoir chun cearta agus cosaintí tomhaltóirí sa mhargadh gáis a áirithiú, rud a ailíníonn iad leis na cinn atá bunaithe sa mhargadh leictreachais cheana.
Saor–rogha soláthróra. Beidh an ceart ag gach custaiméir a sholáthróirí gáis nádúrtha agus hidrigine a roghnú, beag beann ar an áit ina bhfuil an soláthróir lonnaithe laistigh den Aontas Eorpach. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil córas soláthróra na rogha deiridh i bhfeidhm chun leanúnachas an tsoláthair a áirithiú do chustaiméirí teaghlaigh ar a laghad.
Faisnéis níos fearr do thomhaltóirí. Gheobhaidh gach custaiméir faisnéis níos fearr maidir le tairiscintí, i gconarthaí agus i mbillí. Beidh siad ábalta an margadh is fearr dóibh a roghnú mar gheall ar uirlisí iontaofa comparáide, agus athrú ó sholáthróir amháin go soláthróir eile go héasca. Beidh níos mó smachta acu ar a n–ídiú gáis trí chórais méadraithe chliste.
Cosaint níos fearr i gcás díospóide le soláthróir fuinnimh. Beidh gach custaiméir ábalta dul i muinín sásraí díospóidí lasmuigh den chúirt, amhail ombudsman fuinnimh, lena n–áirítear nuair a bheidh fadhbanna acu le táirgí nó le seirbhísí a bhaineann le soláthar gáis nó a dhíoltar le soláthar gáis.
Fócas ar leith ar chustaiméirí leochaileacha agus orthu siúd a dtéann bochtaineacht fuinnimh i gcion orthu. Tabharfar cosaint faoi leith ar dhícheangail soláthair gáis do chustaiméirí leochaileacha agus dóibh siúd a dtéann bochtaineacht fuinnimh i gcion orthu, lena n–áirítear le linn chéimniú amach beartaithe an gháis iontaise.
Forbairt agus pleanáil líonra
Déantar achoimre sa treoir ar bhearta chun gréasáin fuinnimh a fhorbairt agus a chomhordú, lena n–áirítear:
bainistíocht níos speisialaithe agus forbairt bonneagair hidrigine a áirithiú trí oibreoirí córais tarchurtha agus oibreoirí córais dáileacháin a dheighilt go háirithe maidir le hidrigin;
soláthar agus éileamh amach anseo a réamh–mheas sna cásanna comhpháirteacha, mar a thugtar orthu, arna bhforbairt ag oibreoirí bonneagair ábhartha gáis nádúrtha, hidrigine agus leictreachais ar a laghad;
plean forbartha gréasáin 10 mbliana á chur isteach ag oibreoirí córais tarchurtha gáis agus hidrigine gach dhá bhliain, lena n–áiritheofar go bhfuil an bonneagar ceart i bhfeidhm chun freastal ar an soláthar agus an t–éileamh amach anseo a réamh–mheastar sna cásanna comhpháirteacha;
plean bonneagair ceithre bliana á chur isteach ag oibreoirí gréasáin dáileacháin hidrigine ina sonrófar forbairt an ghréasáin amach anseo;
pleananna díchoimisiúnaithe á bhforbairt ag oibreoirí córais dáileacháin nuair a mheastar go laghdóidh an t–éileamh ar ghás nádúrtha agus nuair is gá codanna den ghréasán dáileacháin gáis nádúrtha nó den chóras iomlán a dhúnadh nó a chuspóir a athrú le haghaidh hidrigine.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?
Ní mór an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin . Ba cheart go mbeadh feidhm ag na rialacha atá sa treoir ón dáta céanna.
Bochtaineacht fuinnimh. Easpa rochtain teaghlaigh ar sheirbhísí fuinnimh riachtanacha lena n–áirithítear leibhéil bhunúsacha agus caighdeáin mhaithe maireachtála agus sláinte (e.g. téamh, uisce te, soilsiú, etc.), a tharlaíonn de bharr tosca amhail neamh–acmhainneacht, glanioncam neamhleor, caiteachas ard fuinnimh agus droch–éifeachtúlacht fuinnimh i dtithe.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir (AE) 2024/1788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialacha comhchoiteanna do na margaí inmheánacha do ghás in–athnuaite, do ghás nádúrtha agus do hidrigin, lena leasaítear Treoir (AE) 2023/1791 agus lena n–aisghairtear Treoir 2009/73/CE (athmhúnlú) (IO L, 2024/1788, ).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L, 2024/1787, ).
Rialachán (AE) 2024/1789 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis na margaí inmheánacha do ghás in–athnuaite, gás nádúrtha agus hidrigin, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1227/2011, (AE) 2017/1938 agus (AE) 2019/942 agus (AE) 2022/869 agus Cinneadh (AE) 2017/684 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (athmhúnlú) (IO L, 2024/1789, ).
Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú) (IO L 231, , lgh. 1–111).
Moladh (AE) 2023/2407 ón gCoimisiún an maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L, 2023/2407, ).
Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (IO L 57, , lgh. 1–16).
Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (“An Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, , lgh. 1–17).
Moladh (AE) 2020/1563 ón gCoimisiún an maidir le bochtaineacht fuinnimh (IO L 357, , lgh. 35–41).
Rialachán (AE) 2019/942 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (athmhúnlú) (IO L 158, , lgh. 22–53).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/942 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, , lgh. 1–77).
Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, , lgh. 82–209).
Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, , lgh. 210–230).
Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, , lgh. 1–56).
Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, , lgh. 1–16).