Fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2020/1783 maidir le comhar idir cúirteanna AE i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó thráchtála
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Féachtar leis le feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus luas na n-imeachtaí breithiúnacha trasteorann i gcásanna sibhialta agus tráchtála trí na nósanna imeachta maidir le fianaise a ghlacadh a shimpliú agus a chuíchóiriú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá feidhm leis an rialachán maidir le cúrsaí sibhialta agus tráchtála i gcás go n-iarrann cúirt* (“cúirt iarrthach”) ar chúirt i dtír eile AE (“cúirt iarrtha”) fianaise a ghlacadh nó i gcás gur mian léi é sin a dhéanamh go díreach í féin.
Maidir le hiarratais ar fhianaise a fháil:
- ní úsáidtear iad ach in imeachtaí breithiúnacha atá ar siúl cheana nó atá á mbreithniú;
- cuirtear isteach iad, i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh, ar fhoirm chaighdeánach ina gcuimsítear na sonraí riachtanacha go léir;
- tarchuirtear iad trí chóras díláraithe TF atá slán agus iontaofa agus a chloíonn leis na cearta bunúsacha agus na saoirsí bunúsacha;
- admhaítear go bhfuair an chúirt iad laistigh de 7 lá gnó;
- déantar iad a phróiseáil faoi spriocdhátaí éagsúla má bhíonn an t-iarratas neamhiomlán nó mura bhfuil an dlínse is gá ag an gcúirt iarrtha.
Maidir le cúirt a n-iarrtar uirthi fianaise a ghlacadh:
- gníomhaíonn sí gan mhoill agus, ar a dhéanaí, faoi cheann 90 lá;
- féadfaidh sí físchomhdháil nó teileachomhdhálú a úsáid má iarrann an chúirt iarrthach é sin uirthi agus má cheadaíonn a dlí náisiúnta é;
- ceadaíonn sí do na páirtithe agus dá n-ionadaithe, lena n-áirítear páirtithe na cúirte iarrthaí agus a n-ionadaithe, bheith i láthair agus fianaise á glacadh má bhíonn an ceart ar fáil i dtír na cúirte iarrthaí;
- féadfaidh sí an t-iarratas a dhiúltú más rud é:
- go ngaireann an duine atá le scrúdú an ceart chun diúltú d’fhianaise a thabhairt nó má tá cosc air nó uirthi é sin a dhéanamh de réir an dlí,
- nach gcomhlíonann an t-iarratas an rialachán nó má tá sé lasmuigh d’inniúlacht na cúirte,
- mura soláthraíonn an chúirt iarrthach faisnéis bhreise ar bith a theastaíonn nó éarlais laistigh de na spriocdhátaí riachtanacha.
Maidir le cúirt a fhéachann le fianaise a ghlacadh í féin go díreach i dtír eile AE:
- déanann sí teagmháil le comhlacht lárnach nó údarás inniúil tíre a ghlacfaidh leis an t-iarratas nó a dhiúltóidh é faoi cheann 30 lá agus féadfaidh sí coinníollacha a chur leis agus cúirt faoi leith a shannadh;
- féadfaidh sí físchomhdháil nó cineál eile cumarsáide cianda a úsáid chun an duine lena mbaineann a cheistiú.
Go ginearálta, ní fhéadfaidh cúirt a n-iarrtar uirthi fianaise a ghlacadh aisíocaíocht a éileamh ón tír iarrthach i gcomhair cánacha nó costas, ach féadfaidh sí aisíocaíocht a éileamh chun an méid seo a leanas a chlúdach:
- táillí le haghaidh saineolaithe agus ateangairí, lena n-áirítear éarlais nó réamhíocaíocht i gcomhair chostais dhochúla na saineolaithe agus n-ateangairí sin;
- an costas a bhaineann le físchomhdháil nó teileachomhdhálú.
Maidir le tíortha AE:
- ainmnítear comhlacht lárnach chun go ndéantar:
- faisnéis a sholáthrú do na cúirteanna,
- na deacrachtaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn a réitiú,
- iarratais a chur ar aghaidh, i gcásanna eisceachtúla, chuig an gcúirt inniúil;
- Soláthraítear faisnéis phraiticiúil don Choimisiún Eorpach, amhail sonraí maidir leis na comhlachtaí lárnacha agus na húdaráis inniúla;
- clúdaíonn siad na costais a bhaineann le suiteáil, feidhmiú agus cothabháil na gcóras náisiúnta TF.
Leis an gCoimisiún:
- dréachtaítear agus tugtar cothrom le dáta lámhleabhar leictreonach d’fhaisnéis phraiticiúil a fhaigheann sé ó na húdaráis náisiúnta;
- féadfar gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun gnéithe teicniúla den reachtaíocht a leasú;
- tá sé freagrach as bogearraí a chruthú, a chothabháil, a fhorbairt agus a mhaoiniú, a bhféadfadh údaráis náisiúnta úsáid a bhaint astu in ionad a gcórais náisiúnta TF;
- faoin 2 Iúil 2023, cuirfidh sé clár mionsonraithe ar bun chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchar an rialacháin;
- cuireann sé tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Níl feidhm ag an rialachán sa Danmhairg.
Aisghairm
Le Rialachán (AE) 2020/1783 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 agus cuirtear an Rialachán sin ina ionad (féach an achoimre.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 2022.
Le Rialachán (AE) 2020/1783 leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 (agus na leasuithe ina dhiaidh sin) agus cuireadh in ionad an Rialacháin agus na leasuithe sin é, go sonrach trí úsáid a bhaint as digitiú agus teicneolaíocht nua–aimseartha chun dlús a chur leis na próisis agus costais agus moilleanna a laghdú do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí.
CÚLRA
- Clúdaítear i nósanna imeachta sibhialta breithiúnacha ábhair amhail conarthaí, maoin, comharbas agus dlí teaghlaigh agus cuideachtaí. Faoi 2018, bhain thart ar 3.4 milliún cás cúirte sibhialta agus tráchtála le níos mó ná tír AE amháin.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Cúirt: údarás náisiúnta ar bith is féidir fianaise a ghlacadh (i.e. ní comhlachtaí breithiúnacha amháin).
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2020/1783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó ábhair thráchtála (fianaise a ghlacadh) (athmhúnlú) (IO L 405, 2.12.2020, lgh. 1-39)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 1206/2001 ón gComhairle an 28 Bealtaine 2001 maidir le comhar idir cúirteanna na mBallstát i dtaca le fianaise a ghlacadh in ábhair shibhialta nó ábhair thráchtála (IO L 174, 27.6.2001, lgh. 1-24)
Nuashonraithe 26.01.2021