Modhanna samplála agus anailíse chun leibhéil éilleán áirithe i mbia–ábhair a rialú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2017/644 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse maidir le leibhéal dé–ocsainí, PCBanna de chineál dé–ocsaine agus PCBanna neamh–dhé–ocsaineacha i mbia–ábhair áirithe a rialú go hoifigiúil

Rialachán (AE) 2015/705 lena leagtar síos modhanna samplála agus critéir feidhmíochta le haghaidh modhanna anailíse chun na leibhéil aigéid éarúcaigh i mbia–ábhair a rialú go hoifigiúil

Rialachán (CE) 333/2007 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun na leibhéil luaidhe, caidmiam, mearcair, stáin neamhorgánaigh, 3-MCPD agus beinsi[a]piréine i i mbia–ábhair a rialú go hoifigiúil

Rialachán (CE) 401/2006 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun na leibhéil míceatocsainí i mbia–ábhair a rialú go hoifigiúil

CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

Leagtar amach iontu modhanna samplála agus anailíse chun na leibhéal éilleán i mbia a sheiceáil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Rialachán (AE) Uimh. 2017/644

Is truailleáin chomhshaoil bhuansheasmhacha iad dé–ocsainí agus comhdhúile de chineál dé–ocsaine, ar seachtháirgí beaga de phróisis dó nó thionsclaíocha iad den chuid is mó. Bhaintí úsáid as PCBanna agus trealamh leictreach, dúigh, greamacháin, moilliúchán bladhaire, agus péinteanna á ndéanamh. Tá siad thar a bheith buansheasmhach agus thar a bheith tuaslagtha i saill, rud a mhíníonn an fáth a bhfuil PCBanna fós ann agus gur féidir leo méadú i saill ainmhithe agus feadh an bhiashlabhra.

Rialachán (AE) Uimh. 2015/705

Gnáth–chomhábhar olaí síolta áirithe is ea aigéad éarúcach agus léiríodh go bhfuil éifeachtaí díobhálacha aige ar an tsláinte má úsáidtear méideanna móra de.

Rialachán (CE) Uimh. 333/2007

I Rialachán (CE) 333/2007 leagtar síos modhanna chun sampláil agus anailís a dhéanamh ar leibhéil riandúl agus éillithe próiseála i mbia–ábhair.

Rialachán (CE) Uimh. 401/2006

Substaintí tocsaineacha is ea míceatocsainí a tháirgeann fungais lena bhféadfaí bia agus beatha a éilliú ag gach céim den bhiashlabhra. D’fhéadfadh éifeachtaí carcanaigineacha a bheith ag míceatocsainí áirithe ar an ae agus ar na duáin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) 2017/644 ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2017 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse maidir le leibhéil dé–ocsainí, PCBanna de chineál dé–ocsaine agus PCBanna neamh–dhé–ocsaineacha i mbia–ábhair áirithe a rialú agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 589/2014 (IO L 92, 6.4.2017, lgh. 9-34).

Rialachán (AE) 2015/705 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2015 lena leagtar síos modhanna samplála agus critéir feidhmíochta le haghaidh modhanna anailíse chun na leibhéil aigéid éarúcaigh i mbia–ábhair a rialú go hoifigiúil agus lena n–aisghairtear Treoir 80/891/CEE ón gCoimisiún (IO L 113, 1.5.2015, lgh. 29-37).

Rialachán (CE) 333/2007 ón gCoimisiún an 28 Márta 2007 lena leagtar síos modhanna samplála agus anailíse chun na leibhéil riandúl agus éilleán próiseála i mbia–ábhair a rialú (IO L 88, 29.3.2007, lgh. 29-38).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2006 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse le haghaidh rialú oifigiúil na leibhéal míceatocsainí i mbia–ábhair (IO L 70, 9.3.2006, lgh. 12-34).

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/685 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 333/2007 a mhéid a bhaineann leis na ceanglais samplála maidir le héisc agus ainmhithe talún (IO L 126, 29.4.2022, lgh. 14-17).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2093 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 333/2007 i ndáil le hanailís maidir le heistir aigéid shailligh 3-monachlóraprópán-1,2-dé-ól (3-MCPD) , eistir aigéid shailligh ghlicidile, sárchlóráit agus aicriolaimíd (IO L 317, 9.12.2019, lgh. 96-101).

Rialachán (AE) 2017/625 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/ agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gComhairle an 19 Samhain 2006 lena leagtar síos uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe i mbia–ábhair (IO L 364, 20.12.2006, lgh. 5-24).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.06.2022