Staidreamh gnó Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/2152 maidir le staidreamh gnó Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear i staidreamh gnó Eorpach:

Is é an creat Eorpach do chláir ghnó staidrimh an fhoinse údarásach chun pobail ar chláir ghnó staidrimh ardcháilíochta agus comhchuibhithe a dhíorthú chun staidreamh gnó Eorpach a tháirgeadh. Cuimsítear ann:

Féadfaidh údaráis staidrimh náisiúnta i mBallstáit AE na foinsí seo a leanas a úsáid chun staidreamh gnó a tháirgeadh agus cláir ghnó staidrimh náisiúnta a bhunú:

Cumhdaítear na réimsí seo a leanas i staidreamh gnó Eorpach:

Ní mór príomhthopaic amháin nó níos mó a bheith i ngach réimse, mar shampla daonra gnó, aschuir agus feidhmíocht, úsáid TFC agus ríomhthráchtáil, ionchuir taighde agus forbartha, slabhraí luacha domhanda agus trádáil idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí. Cuirtear síos go mion ar na topaicí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán.

Leagtar amach in Iarscríbhinn II an mhinicíocht (míosúil, ráithiúil, bliantúil nó thar roinnt blianta), an tréimhse thagartha agus an t-aonad staidrimh do gach topaic.

Maidir leis na Ballstáit:

Tá feidhm ag rialacha sonracha maidir le malartú sonraí rúnda idir Eurostat, údaráis staidrimh náisiúnta agus bainc cheannais agus an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le grúpaí ilnáisiúnta agus trádáil inmheánach AE in earraí, ar an gcoinníoll go mbeidh sé sin chun críocha staidrimh amháin.

Maidir le Eurostat:

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an reachtaíocht a leasú nó a fhorlíonadh, ar choinníoll nach gcuirfidh siad costas ná ualach suntasach breise ar údaráis náisiúnta ná ar fhreagróirí.

Ós rud é go mbailítear roinnt tacar staitisticí go bliantúil, go háirithe maidir leis an topaic “úsáid TFC agus ríomhthráchtáil”, glactar roinnt gníomhartha ar bhonn bliantúil chun na ceanglais sonraí le haghaidh na dtacar sin a shonrú.

Féadfaidh AE tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’institiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis eile le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla, amhail modheolaíochtaí ar chaighdeán níos fearr nó ar chostas níos ísle a fhorbairt.

Aisghairm

Aisghairtear leis an rialachán:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2021.

CÚLRA

Roimhe seo, bhí faisnéis staidrimh maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnólachtaí náisiúnta bunaithe ar phíosaí éagsúla reachtaíochta. Cuireadh cosc leis sin ar chomhsheasmhacht sonraí staidrimh aonair agus ar chur chuige comhtháite i gcomhair staidreamh gnó a fhorbairt, a sholáthar agus a scaipeadh. Réitíonn an rialachán nua na fadhbanna sin.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 327, 17.12.2019, lgh. 1–35).

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/2152 sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/918 ón gCoimisiún an 13 Meitheamh 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí le haghaidh na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 159, 14.6.2022, lgh. 43–51).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1092 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí le haghaidh na topaice “Nuálaíochta” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 176, 1.7.2022, lgh. 10–20).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1344 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le ceanglais sonraí le haghaidh na topaice “úsáid TFC agus ríomhthráchtáil” le haghaidh na bliana tagartha 2023, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 202, 2.8.2022, lgh. 18–26).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2552 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí le haghaidh na topaice mionsonraithe staidrimh ar tháirgeadh tionsclaíoch lena mbunaítear miondealú aicmiúcháin na dtáirgí tionsclaíocha, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún, a mhéid a bhaineann le cumhdach aicmiú an táirge (IO L 336, 29.12.2022, lgh. 1–221).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1704 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonrú breise a dhéanamh ar na mionsonraí maidir leis an bhfaisnéis staidrimh atá le soláthar ag údaráis chánach agus chustaim agus lena leasaítear Iarscríbhinní V agus VI a ghabhann leis (IO L 339, 24.9.2021, lgh. 33–39).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1225 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2021 lena sonraítear na socruithe le haghaidh na malartuithe sonraí de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún, a mhéid a bhaineann leis an mBallstát onnmhairiúcháin lasmuigh den Aontas agus oibleagáidí na n-aonad tuairiscithe (IO L 269, 28.7.2021, lgh. 58–64).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún an 30 Iúil 2020 lena leagtar síos sonraíochtaí agus socruithe teicniúla de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh gnó Eorpach lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 271, 18.8.2020, lgh. 1–170).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le hainmníocht tíortha agus críoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh i ndáil le trádáil idirnáisiúnta earraí agus maidir leis an miondealú geografach ar staidreamh gnó eile (IO L 334, 13.10.2020, lgh. 2–21).

Rialachán (CE) Uimh. 1165/98 ón gComhairle an 19 Bealtaine 1998 maidir le staidreamh gearrthéarmach (IO L 162, 5.6.1998, lgh. 1–15).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 27.06.2022