Prótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin
ACHOIMRE AR:
Prótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin
Cinneadh 88/540/CEE maidir le tabhairt chun críche Choinbhinsiún Vín um chosaint an chisil ózóin agus Prótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin
CAD IS AIDHM LEIS AN BPRÓTACAL AGUS LEIS AN GCINNEADH?
- Comhaontú domhanda is ea Prótacal Montréal (a ghabhann le Coinbhinsiún Vín um Chosaint an chisil ózóin) chun ciseal strataisféarach ózóin an domhain a chosaint trí dheireadh a chur de réir a chéile leis na ceimiceáin a ídíonn é. Baineann sé sin le deireadh a chur de réir a chéile le táirgeadh agus ídiú substaintí ídithe ózóin.
- Toisc gur gáis cheaptha teasa láidre iad na substaintí ídithe ózóin chomh maith, tá sé ríthábhachtach deireadh a chur leo chun an t-athrú aeráide a mhaolú chomh maith. Ina theannta sin, in ainneoin nach n-ídíonn hidreafluaracarbóin (HFCanna) an t-ózón, féachtar leis an bprótacal a dtáirgeadh agus a n-ídiú a laghdú ionas nach gcuirfear na HFCanna, a chuireann go mór leis an athrú aeráide, in ionad na substaintí ídithe ózóin.
- Comhaontaíodh Prótacal Montréal in 1987 agus tháinig sé i bhfeidhm in 1989. Rinneadh é a leasú roinnt uaireanta. Sa leasú is déanaí, Leasú Kigali éilítear go déanfar HFCanna a laghdú de réir a chéile.
- Tá astaíochtaí ó na HFCanna clúdaithe i gComhaontú Pháras, a faomhadh le Cinneadh (AE) 2016/1841. Dá réir sin cuidíonn Prótacal Montréal leis an gcuspóir a bhaint amach maidir leis an méadú ar an teocht dhomhanda a choinneáil giota maith faoi 2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus iarrachtaí a dhéanamh chun an méadú ar an teocht a theorannú tuilleadh fós go 1.5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch.
- Le Cinneadh 88/540/CEE tugtar cead dlíthiúil an Aontais Eorpaigh do Choinbhinsiún Vín um chosaint an chisil ózóin agus do Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin, arna ghlacadh ag a Pháirtithe ar an 15 Meán Fómhair 1987.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá AE agus tíortha AE ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Vín agus i bPrótacal Montréal.
- Cuimsítear sa Phrótacal forálacha a bhaineann le:
- bearta rialaithe (Airteagal 2)
- ríomh na leibhéal rialaithe (Airteagal 3)
- rialú trádála le neamh-Pháirtithe (Airteagal 4)
- cás speisialta na dtíortha i mbéal forbartha (Airteagal 5)
- tuairisciú sonraí (Airteagal 7)
- neamhchomhlíonadh (Airteagal 8)
- sásra airgeadais
- cúnamh teicniúil (Airteagal 10), chomh maith le topaicí eile.
- Tá na substaintí atá rialaithe liostaithe sna hIarscríbinní: A (Clórafluaracarbóin — CFCanna, halóin), B (CFCanna eile atá halaiginithe go hiomlán, teitreaclóiríd charbóin, clóraform meitile), C (hidreaclórafluaracarbóin — HCFCanna, hidreabrómafluaracarbón — HBFCanna agus brómaclóraimeatán), E (bróimíd mheitile) agus F (HFCanna).
- I bPrótacal Montréal tá sé beartaithe go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hídiú agus táirgeadh na substaintí ídithe ózóin agus laghdú ar HFCanna céim ar chéim. Tá amchláir éagsúla ann do thíortha i mbéal forbartha (dá ngairtear Páirtithe Airteagal 5) agus do thíortha forbartha (dá ngairtear Páirtithe neamh-Airteagal 5) le haghaidh gach grúpa substaintí.
- Cuimsítear san amchlár:
- CFCanna faoin 1 Eanáir 1996 do Pháirtithe neamh-Airteagal 5 agus faoin 1 Eanáir 2010 do Pháirtithe Airteagal 5 (agus d’fhéadfadh díolúintí a bheith i gceist);
- Halóin faoin 1 Eanáir 1994 do Pháirtithe neamh-Airteagal 5 agus faoin 1 Eanáir 2010 do Pháirtithe Airteagal 5 (agus d’fhéadfadh díolúintí a bheith i gceist);
- HCFCanna faoin 1 Eanáir 2020 do Pháirtithe neamh-Airteagal 5 agus faoin 1 Eanáir 2030 do Pháirtithe Airteagal 5 (agus d’fhéadfadh díolúintí a bheith i gceist agus féadfar céatadán beag a úsáid chun trealamh cuisniúcháin agus aerchóirithe atá ann cheana a sheirbhísiú (i.e. lamháltas 0.5 % d’ídiú bonnleibhéil go dtí an 1 Eanáir, 2030 maidir le seirbhísiú trealaimh cuisniúcháin agus aerchóirithe a bheidh ann ar an 1 Eanáir 2020 do Pháirtithe neamh-Airteagal 5, agus lamháltas 2.5 % d’ídiú bonnleibhéil nuair a dhéantar é a mheánú thar 10 mbliana, 2030-2040 go dtí an 1 Eanáir, 2040 maidir le seirbhísiú trealaimh cuisniúcháin agus aerchóirithe a bheidh ann ar an 1 Eanáir 2030 do Pháirtithe Airteagal 5);
- Maidir le HFCanna beidh an chéad chéim um laghdú do Pháirtithe neamh-Airteagal 5 in 2019, agus cuirfear tús le laghdú formhór Pháirtithe Airteagal 5 in 2024.
- Cuimsítear rialacha trádála neamhpháirtithe in Airteagal 4 de Phrótacal Montréal: Cuirtear toirmeasc nó srian leo sin ar thíortha atá ina bpáirtí sa Phrótacal maidir le trádáil a dhéanamh i substaintí rialaithe le tíortha nach bhfuil ina bpáirtí sa Phrótacal. Trí amhlaidh a dhéanamh, féachtar leo rannpháirtíocht sa Phrótacal a uasmhéadú. Cuireadh na forálacha i bhfeidhm ar dtús ar chéad ghrúpaí na substaintí ídithe ózóin agus síneadh iad thar am chun na grúpaí breise substaintí atá cuimsithe sa Phrótacal i leasuithe comhleanúnacha a chur san áireamh.
- Maidir leis na Páirtithe i bPrótacal Montréal:
- glacann siad nósanna imeachta chun bearta um neamhchomhlíonadh a chinneadh agus chun déileáil le Páirtithe nach bhfuil ag comhlíonadh na rialacha;
- déanann siad measúnú gach 4 bliana, ó 1990, ar chur chun feidhme na mbeart um rialú, lena n–áirítear an fhéidearthacht go gcuirfí substaintí leis na liostaí coiscthe nó go mbainfí de na liostaí coiscthe iad;
- tá oibleagáidí tuairiscithe bliantúla orthu maidir le gach ceann de na substaintí rialaithe. Ní mór na sonraí a thabhairt do Rúnaíocht an Phrótacail:
- comhoibríonn siad chun na teicneolaíochtaí is fearr, straitéisí um rialú agus malartuithe féideartha ar na substaintí a chur chun cinn;
- cuireann siad cúnamh teicniúil chun cinn chun cuidiú le tíortha neamh-Pháirtí páirt a ghlacadh sa phrótacal agus é a chur chun feidhme;
- tionólann siad cruinnithe rialta a sheirbhísíonn an rúnaíocht;
- soláthraíonn siad na cistí le haghaidh oibriú an Phrótacail, lena n–áirítear le haghaidh fheidhmiú na rúnaíochta;
- féadfaidh siad a rún tarraingt siar as an bPrótacal a chur in iúl faoi na coinníollacha arna sonrú in Airteagal 19.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN PHRÓTACAIL, A LEASUITHE AGUS NA GCINNTÍ LENA MBAINEANN?
- Cuireadh Prótacal tosaigh Montréal i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1989.
- Tá feidhm le Cinneadh 88/540/CEE ón 25 Deireadh Fómhair 1988.
- Tháinig an chéad leasú ar Phrótacal Montréal, Londain, 1990 i bhfeidhm ar an 10 Lúnasa 1992.
- Tá feidhm le Cinneadh 91/690/CEE ón 23 Nollaig 1991.
- Tháinig an dara leasú ar Phrótacal Montréal, Cóbanhávan, 1992 i bhfeidhm ar an 14 Meitheamh 1994.
- Tá Cinneadh 94/68/CE ón gComhairle i bhfeidhm ón 14 Feabhra 1994.
- Tháinig an tríú leasú ar Phrótacal Montréal, Montréal, 1997 i bhfeidhm ar an 10 Samhain 1999.
- Tá Cinneadh 2000/646/CE i bhfeidhm ón 17 Deireadh Fómhair 2000.
- Tháinig an ceathrú leasú ar Phrótacal Montréal, Béising, 1999 i bhfeidhm ar an 25 Feabhra 2002.
- Tá Cinneadh 2002/215/CE i bhfeidhm ón 4 Márta 2002.
- Tháinig an cúigiú leasú ar Phrótacal Montréal, Kilagi, 2016 i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2019.
- Tá feidhm le Cinneadh (AE) 2017/1541 ón 18 Iúil 2017.
CÚLRA
- Go dtí seo, is é Prótacal Montréal an t-aon chonradh de chuid na Náisiún Aontaithe atá daingnithe ag gach tír ar domhan — gach ceann den 197 mballstát de chuid na Náisiún Aontaithe. Is garsprioc thábhachtach é i stair na Náisiún Aontaithe. Tagann sé chun cinn le himeachta ama i bhfianaise forbairtí eolaíocha, teicniúla agus eacnamaíocha. Clúdaítear ann anois beagnach 100 ceimiceán de dhéantús an duine lena bhféadfaí damáiste a dhéanamh do chumas an chisil ózóin daoine agus beatha eile a chosaint ar radaíocht ultraivialait dhíobhálach ón ngrian.
- Cuireann AE an prótacal chun feidhme trína reachtaíocht féin ina bhfuil bearta níos doichte agus níos uaillmhianaí.
- Cé go rialaítear táirgeadh na substaintí agus bulcthrádáil na substaintí leis an bprótacal, le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin, mar shampla, cuirtear toirmeasc ar a n–úsáid i dtáirgí agus i dtrealamh agus rialaítear leis substaintí nach bhfuil clúdaithe sa Phrótacal agus déantar monatóireacht orthu leis.
- Lena chois sin, áirítear le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 maidir le gáis cheaptha teasa fhluairínithe a laghdú laghdú uaillmhianach ar HFCanna, ar cuireadh tús leis cheana in 2015 agus ina gclúdaítear chomh maith HFCanna a fhaightear i dtáirgí agus i dtrealamh áirithe. Áirítear le Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 chomh maith toirmeasc ar tháirgí agus ar threalamh nua áirithe ina bhfuil gáis fhluairínithe agus áirítear roinnt beart leis lena gcuirtear cosc ar astaíochtaí.
- Le haghaidh breis faisnéis, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Prótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin — Dearbhú ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (IO L 297, 31.10.1988, lgh. 21-28)
Leasú ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 377, 31.12.1991, lgh. 30-40)
Leasú ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 33, 7.2.1994, lgh. 3-10)
Leasú ar Phrótacal Montréal arna ghlacadh i naoú cruinniú na bpáirtithe (IO L 272, 25.10.2000, lgh. 27-28)
Leasú ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 72, 14.3.2002, lgh. 20-22)
Leasú ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 236, 14.9.2017, lgh. 3-13)
Cinneadh 88/540/CEE ón gComhairle an 14 Deireadh Fómhair 1988 maidir le tabhairt i gcrích Choinbhinsiún Vín um chosaint an chisil ózóin agus Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 297, 31.10.1988, lgh. 8-9)
Cinneadh 91/690/CEE an 12 Nollaig 1991 maidir le tabhairt i gcrích an leasaithe ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin arna ghlacadh ag na Páirtithe sa Phrótacal i mí an Mheithimh 1990 i Londain (IO L 377, 31.12.1991, lgh. 28-40)
Cinneadh 94/68/CE ón gComhairle an 2 Nollaig 1993 maidir le tabhairt i gcrích an leasaithe ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 33, 7.2.1994, lgh. 1-2)
Cinneadh 2000/646/CE ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2000 maidir le tabhairt i gcrích an leasaithe ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 272, 25.10.2000, lch. 26)
Cinneadh 2002/215/CE ón gComhairle an 4 Márta 2002 maidir le tabhairt i gcrích na Ceathrún Leasaithe ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 72, 14.3.2002, lgh. 18-19)
Cinneadh (AE) 2017/1541 ón gComhairle an 17 Iúil 2017 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an leasaithe ar Phrótacal Montréal um shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 236, 14.9.2017, lgh. 1-2)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lgh. 4-18)
Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lgh. 1-3)
Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le substaintí a ídíonn an ciseal ózóin (IO L 286, 31.10.2009, lgh. 1-30)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 517/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le gáis cheapa teasa fhluairínithe agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 842/2006 (lO L 150, 20.5.2014, lgh. 195-230)
Nuashonraithe 12.12.2019