Rialachán (AE) 2019/1240 — líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú
Tá sé mar aidhm le beartas imirce AE imirce atá sábháilte agus dea-bhainistithe a chur in ionad na himirce mírialta agus neamhrialaithe, trí chur chuige cuimsithe a dhírítear ar bhainistíocht éifeachtach imirce a áirithiú.
Leagtar síos leis an rialachán rialacha lena bhféachtar le dea-chomhar, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú i measc oifigigh idirchaidrimh inimirce* a imlonnaíonn tíortha AE, an Coimisiún Eorpach agus gníomhaireachtaí AE go tíortha neamh-AE, trí líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce.
Cruthaítear leis an rialachán líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce chun cuidiú leis an imirce a bhainistiú ar bhealach níos fearr chun na tosaíochtaí AE seo a leanas a bhaint amach:
Líonraí áitiúla nó réigiúnacha oifigeach idirchaidrimh inimirce
Comhdhéanann oifigigh idirchaidrimh inimirce, a imlonnaítear go dtí na tíortha nó réigiúin chéanna, líonraí áitiúla nó réigiúnacha comhair. Nuair is gá agus is cuí, déanfaidh siad an méid seo a leanas:
Cúraimí oifigeach idirchaidrimh inimirce
Déanann oifigigh idirchaidrimh faisnéis a bhailiú, ar an leibhéal oibriúcháin nó straitéiseach, nó ar an dá leibhéal, maidir le:
Féadfaidh oifigigh idirchaidrimh cúnamh a sholáthar d’údaráis agus do dhaoine eile a bhfuil baint acu le tíortha neamh-AE chomh maith sna réimsí seo a leanas:
Maidir le bearta arna ndéanamh ag oifigigh idirchaidrimh inimirce, go háirithe cásanna a bhaineann le daoine leochaileacha, ba cheart go n–urramófaí cearta bunúsacha iontu i gcomhréir leis na dlíthe ábhartha idirnáisiúnta agus AE, lena n–áirítear Airteagal 2 agus Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Bord Stiúrtha
Tá feidhm leis ón 14 Lúnasa 2019. Le Rialachán (AE) 2019/1240 rinneadh athbhreithniú ar Rialachán (EC) Uimh. 377/2004 agus ar na leasuithe a rinneadh air ina dhiaidh sin agus cuireadh in ionad an rialacháin agus na leasuithe sin é.
Rialachán (AE) 2019/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le líonra Eorpach oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (athmhúnlú) (IO L 198, 25.7.2019, lgh. 88-104)
Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lgh. 1-131)
Rialachán (AE, Euratom) 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (CE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lgh. 1-76)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/1624 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 2 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 17)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 6 (sean-Airteagal 6 CAE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 19)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce (COM(2015) 240 final, 13.5.2015)
Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena mbunaítear an Córas Eorpach um Fhaireachas ar Theorainneacha (EUROSUR) (IO L 295, 6.11.2013, lgh. 11-26)
Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna i ndáil le cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lgh. 60-95)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Dearcadh Domhanda don Imirce agus do Shoghluaisteacht (COM(2011) 743 críochnaitheach, 18.11.2011)
Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh ó thíortha neamh-AE atá ag fanacht go mídhleathach a sheoladh ar ais (IO L 348, 24.12.2008, lgh. 98-107)
Rialachán (CE) Uimh. 377/2004 an 19 Feabhra 2004 ón gComhairle maidir le líonra oifigeach idirchaidrimh inimirce a chruthú (IO L 64, 2.3.2004, lgh. 1-4)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 17.01.2020