Nós Imeachta tástála comhchuibhithe domhanda d’fheithiclí Saothair Éadroim (WLTP) agus Fíorastaíochtaí (RDE)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) 2017/1151 — lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leis an rialachán:
PRÍOMHPHOINTÍ
Ceanglais i gcomhair chineálcheadú AE
- Chun cineálcheadú* AE a fháil maidir le hastaíochtaí, deisiú agus cothabháil feithicle ní foláir don mhonaróir a léiriú go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais atá leagtha amach sa rialachán seo nuair a dhéantar é a thástáil faoi na nósanna imeachta sonraithe.
- Ní mór do gach feithicil teorainneacha astaíochta sceithphíopa (píobán sceite) atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a urramú nuair a thástáiltear iad i dtástálacha RDE agus WLTP, agus sraith tástálacha eile ina theannta sin lena n–áirítear seiceáil le haghaidh astaíochtaí galaithe (i.e. astaíochtaí a thagann ón umar breosla), nó seiceáil ag teochtaí timpeallacha ísle.
- Ní mór córais diagnóisice ar bord (OBD) a shuiteáil ar gach feithicil chun gach cineál meatha nó mífheidhmithe a shainaithint le linn shaolré na feithicle — leagtar amach sa rialachán na ceanglais maidir leis an gcóras OBD le linn gnáthúsáide.
- Ní mór do mhonaróirí feistí a shuiteáil chun an méid breosla/fuinnimh a úsáidtear chun an fheithicil a oibriú a thomhas go leanúnach.
Iarratas a dhéanamh i gcomhair chineálcheadú AE
- Ní mór don mhonaróir iarratas a chur isteach chuig an údarás ceadaithe le haghaidh chineálcheadú AE feithicle maidir le hastaíochtaí agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena n–áirítear:
- torthaí na dtástálacha rialaithe;
- faisnéis mhionsonraithe i scríbhinn ina ndéantar cur síos iomlán ar shaintréithe oibríochta an chórais OBD;
- tuairisc ar na forálacha a glacadh chun cur isteach ar an ríomhaire agus modhnú ar an ríomhaire rialaithe astaíochtaí, ar an odaiméadar lena n–áirítear taifeadadh luachanna míleáiste a chosc;
- pacáiste doiciméadaithe leathnaithe trínar féidir le húdarás measúnú a dhéanamh ar cé acu an gcloítear nó nach gcloítear leis an cosc ar “fheistí sáruithe”* a laghdaíonn an leibhéal rialaithe astaíochtaí.
- Má chomhlíontar na ceanglais ábhartha, deonóidh an t–údarás ceadaithe cineálcheadú AE agus eiseoidh sé uimhir chineálcheadaithe.
Comhréireacht táirgeachta
Ní mór don mhonaróir seiceálacha a dhéanamh lena áirithiú go gcloíonn na feithiclí go léir a tháirgeann an monaróir leis na teorainneacha astaíochtaí.
Comhréireacht inseirbhíse
Ní mór seiceálacha a dhéanamh lena áirithiú go gcloíonn na feithiclí atá á gcothabháil agus á n–úsáid i gceart leis na teorainneacha le linn a saolré atá leagtha amach mar a leanas:.
- idir 15 000 km nó 6 mhí, cibé acu is déanaí; agus
- 100 000 km nó 5 bliana, cibé acu is túisce.
Feistí rialaithe truaillithe
- Ní mór feistí rialaithe truaillithe amhail tiontairí catalaíocha a chineálcheadú mar aonaid theicniúla ar leithligh.
- Leagtar amach sa rialachán na rialacha agus na nósanna imeachta chun iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú d’fheistí den sórt sin.
Rochtain ar OBD feithicle agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
- Ní mór do mhonaróirí socruithe agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhfuil rochtain éasca ar OBD feithicle, agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil.
- Ní thabharfaidh na húdaráis cineálcheadú go dtí go bhfaighidh siad Deimhniú ar Rochtain ar OBD Feithicle agus Fáisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil Feithiclí ón monaróir.
- Is féidir le húdaráis cheadaithe comhlíonadh a sheiceáil ar bhonn gearáin nó measúnaithe ag seirbhís theicniúil.
- I gcás ina bhfuarthas amach nár chomhlíon an monaróir, féadfar bearta a ghlacadh, lena n–áirítear an cineálcheadú a chur ar fionraí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 27 Iúil 2017.
CÚLRA
Le teacht ar fhorléargas, féach: Astaíochtaí in earnáil na ngluaisteán (An Coimisiún Eorpach)
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Cineálcheadú: an nós imeachta trína ndeimhnítear táirge chun freastal ar íosmhéid de cheanglais rialála agus theicniúla.
Feistí sáruithe: athruithe d’aon turas ar an gcóras rialaithe astaíochtaí, atá ceaptha chun a éifeachtacht a laghdú go saorga faoi ghnáthúsáid feithiclí.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (CE) Uimh. 692/2008 agus Rialachán Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lgh. 1-643)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2017/1151 a ionchorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (OJ L 171, 29.6.2007, lgh. 1-16)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 04.10.2019