Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an aontais fuinnimh agus gníomhú ar son na haeráide
Baineann cúig ghné le Straitéis an Aontais Fuinnimh:
Baineann roinnt príomhghnéithe leis an rialachán seo.
Rialachán leasaitheach
Le Rialachán (AE) 2021/1119, da ngairtear an Dlí Aeráide Eorpach, leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999. Déantar foráil i leith sprioc cheangailteach AE um ghlanlaghdú intíre 55% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (i gcomparáid le leibhéil 1990) faoi 2030, agus gealltar ann sprioc aeráide a leagan síos do 2040 laistigh de 6 mhí ón gcéad athbhreithniú domhanda faoi Chomhaontú Pháras.
Ghlac an Coimisiún dhá ghníomh cur chun feidhme:
Aisghairm
Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa.
Tá sé i bhfeidhm ón 24 Nollaig 2018.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fhuinnimh agus Gníomhaithe ar son na hAeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Treoir 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán 2009/119/CE agus Rialachán (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 1–77).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1294 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le sásra maoiniúcháin an Aontais don fhuinneamh in–athnuaite (IO L 303, 17.9.2020, lgh. 1-17).
Rialachán cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2020/1208 ón gCoimisiún an 7 Lúnasa 2020 maidir le struchtúr, formáid, próisis tíolactha agus athbhreithniú faisnéise arna tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) Uimh. 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 749/2014 (IO L 278, 26.8.2020, lgh. 1–132).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1044 ón gCoimisiúin an 8 Bealtaine 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le luachanna i ndáil le hacmhainneacht téite domhanda agus treoirlínte an fhardail agus maidir le córas fardail an Aontais agus lena n–aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 666/2014 ón gCoimisiún (IO L 230, 17.7.2020, lgh. 1–6).
Cinneadh (AE) 2016/1841 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2016 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (IO L 282, 19.10.2016, lgh. 1–3).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Creat beartais um an aeráid agus fuinneamh don tréimhse 2020 agus 2030 (COM(2014) 15 final, 28.1.2014).
Nuashonraithe 18.12.2021