Ceanglas um chlúdú leachtachta i gcomhair institiúidí creidmheasa

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a fhorlíonann Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglas um chlúdú leachtachta i gcomhair Institiúidí Creidmheasa

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach sa rialachán tarmligthe seo, le mionchuntas, conas an prionsabal ginearálta a tugadh isteach ag Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chur i bhfeidhm, is é sin an Rialachán um Cheanglais Caipitil, gur gá go mbeidh go leor cistí ag institiúidí creidmheasa chun cloí le héilimh aistarraingthe thar tréimhse 30 lá.

Aitheanta mar rialachán tarmligtheLCR (cóimheas clúdaithe leachtachta), sonraítear ann cén sócmhainní ar féidir glacadh leo mar shócmhainní leachtacha*. Leagtar amach leis conas is gá sreabhaidh airgid amach agus isteach a ríomh thar tréimhse 30 lá.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór d’institiúidí creidmheasa cóimheas clúdaithe leachtachta a choinneáil ar 100% ar a laghad. Tá sé sin cothrom leis an gcóimheas idir a idirghabháil leachtachta* agus glanleachtacht sreabhaidh amach* thar 30 lá.

Bíonn institiúid creidmheasa faoi strus* sna cásanna seo a leanas (liosta gan teorainn):

Is gá do shócmhainní leachtacha :

Roinntear sócmhainní leachtacha i catagóirí:

Ní mór d’institiúidí creidmheasa a chinntiú:

Úsáidtear rialacha agus áirimh mionsonraithe chun sreabhaidh amach agus isteach leachtachta a aithint agus a thomhais, mar aon leis na gnáthaimh le glacadh.

Rinne an Rialachán arna Tharmligean ag an gCoimisiún (AE) 2018/1620 leasuithe áirithe ar an rialachán ó 2015 chun a chur i bhfeidhm a fheabhsú. Is iad na cinn is tábhachtaí ná:

Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1620 ón gCoimisiún ón 30 Aibreán 2020.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN SEO?

Tá feidhm leis ón 1 Deireadh Fómhair 2015.

CÚLRA

Le tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sócmhainn leachtach: sócmhainn ar féidir a thiontú go héasca in airgead tirim.
Idirghabháil leachtachta: méid sóchmhainní leachtacha faoi sheilbh ag institiúid creidmheasa.
Glanleachtacht sreabhaidh amach: méid a fhanann i ndiaidh airgead isteach lúide airgead amach.
Strus: meath láithreach nó trom i sóchmhainneacht nó leachtacht institiúide creidmheasa.
Comhaontú athcheannacháin: aitheanta freisin mar “repo”, is iasacht gearrthéarmach é seo ina gcomhaontaíonn díoltóir an urrúis é a cheannach ar ais ar phraghas agus am sonrach.
Fíordhíolachán: próiseas ina mbíonn go leor sócmhainní airgeadais nó fiacha conartha, amhail iasachtaí gluaisteáin nó morgáistí, pacáistithe arís agus díolta d’infheisteoirí.
Comhaontuithe athcheannacháin droim ar ais: aitheanta mar “athcheannaigh droim ar ais” freisin, ceannachán urrúis chun iad a dhíol ag praghas níos airde ag dáta sonrach sa todhchaí.
Idirbhirt malartaithe comhthaobhachta: iasacht shócmhainní leachtacha mar íocaíocht ar chomhthaobhacht nach bhfuil chomh leachtach céanna. Íocann an t–iasachtaí táille don iasachtóir le haghaidh an riosca a bhaineann leis.
Meicníocht leachtaithe: idirbhirt a chur i gcrích (amhail athcheannachán nó athcheannachán droim ar ais idirbhirt) dlite sna 30 lá ina dhiaidh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2014 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh maidir leis an riachtanas um chlúdú leachtachta i gcomhair Institiúidí Creidmheasa (IO L 11, 17.1.2015, lgh. 1-36)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/1620 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2018 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a fhorlíonadh maidir leis an riachtanas um chlúdú leachtachta i gcomhair Institiúidí Creidmheasa (IO L 271, 30.10.2018, lgh. 10-24)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 680/2014 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na caighdeáin teicniúla cur chun feidhme maidir le tuairisciú maoirseachta institiúidí de réir Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 28.6.2014, lgh. 1-1861)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 680/2014 arna gcorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 149-178)

Féach ar an leagan comhdhlúite.

Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí a bhaineann le réadmhaoin chónaithe dhochorraithe agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lgh. 34-85)

Féach ar an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí infheistíochta do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 1-337)

Féach ar an leagan comhdhlúite.

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338-436)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lgh. 1-59)

Féach ar an leagan comhdhlúite.

Treoir 94/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 1994 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 135, 31.5.1994, lgh. 5-14)

Féach ar an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.01.2019