Beartas Comhtháthaithe chun an Straitéis Eoraip 2020 (2014-2020) a sheachadadh

 

ACHOIMRE AR:

Cumarsáid (COM (2015) 639 deireanach) — rannchuidiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a uasmhéadú

Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

CÉARD IS AIDHM LEIS AN GCUMARSÁID AGUS LE HAIRTEAGAL 174 DE CFAE?

Leis an gcumarsáid sonraítear príomhthorthaí na hidirbheartaíochta idir tíortha AE, a gcomhpháirtithe, agus an Coimisiún Eorpach maidir le comhaontuithe agus cláir chomhpháirtíochta Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (ESI).

Is leanúint í ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 lenar dtugadh roinnt príomh-athchóirithe isteach i leith na gclár de chuid Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí ESI) le haghaidh 2014-2020. Ba é an príomhchuspóir bunúsach AE na héagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú idir réigiúin ilchineálacha trína bheartas comhtháthaithe, agus Cistí ESI á n-úsáid chun spriocanna Straitéis Eoraip 2020a sheachadadh.

Déantar achoimre sa tuarascáil maidir le dul chun cinn ar fhaisnéis maidir le:

bunaithe ar anailís ar an gcéad bhliain de chur chun feidhme na n-athchóirithe.

Déantar foráil le hAirteagal 174 de CFAE, d’fhonn a chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, go mbeidh sé mar aidhm ag an Aontas na héagothromaíochtaí a laghdú idir leibhéil na forbartha sna réigiúin éagsúla agus cúlmhaireacht na réigiún nó na n-oileán is mídheisiúla.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faoi 2023, táthar ag súil go soláthrófar níos mó ná €637 mbilliún d’infheistíocht le níos mó ná 500 clár de Chistí ESI i dtíortha AE le haghaidh fás inbhuanaithe fadtéarma agus saol níos fearr a sholáthar do na saoránaigh dá gcuid, agus na tosaíochtaí athbhreithnithe a leanas ag baint leo d’fhonn:

Is ionann cláir na gCistí ESI agus príomhchuid den infheistíocht phoiblí agus baineann gach réigiún agus tír san AE tairbhe astu. Dírítear ar 4 phríomh-earnáil giniúna fáis leo:

Ar aon dul leis an seimeastar Eorpach agus moltaí AE a bhaineann go sainiúil le tír, is é aidhm infheistíochtaí Chistí ESI na dálaí cearta a bhunú ionas go mbeidh rath ag tionscadail ardchaighdeáin, dea-rialachas a chur chun cinn agus riarachán poiblí a fheabhsú ionas go rachaidh gnólachtaí ó neart go neart. Is é an aidhm a bhaineann leo freisin ná saol laethúil na ndaoine a fheabhsú, ar a mbeidh tús nua san Eoraip mar thoradh orthu uile, agus creat dlíthiúil feabhsaithe ann le haghaidh 2014-2020 - lena seachadfar infheistíochtaí ardcháilíochta mar chuid den athchóiriú.

Cuirtear gnóthachtálacha ionchais na gclár i ngach tír AE i láthair leis an gcumarsáid.

Tuarascáil maidir le dul chun cinn

CÚLRA

Féach freisin:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cumarsáid ón gCoimisiún — Infheistiú i bpoist agus i bhfás — rannchuidiú Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a uasmhéadú (COM(2015) 639 deireanach, 14.12.2015).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid 3 — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal XVIII — Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach — Airteagal 174 (Airteagal 158 TEC roimhe seo) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 127)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa 2014-2020 — Tuarascáil Achomair 2016 maidir le tuarascálacha cur chun feidhme bliantúla na gclár lena gclúdaítear cur chun feidhme in 2014-2015 (COM(2016) 812 deireanach, 20.12.2016)

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Ráthaíocht don Aos Óg agus Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg tar éis trí bliana (COM(2016) 646 deireanach, 4.10.2016)

Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1291/2013 agus (AE) Uimh. 1316/2013 — An Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lgh. 1–38)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2015/1017 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An Tionscnamh um Fhostaíocht Ghlas: Acmhainneacht cruthaithe post an gheilleagair ghlais a shaothrú (COM(2014) 446 deireanach, 2.7.2014)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2014 an 7 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir leis na cistí a leanas: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis na cistí a leanas: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh maidir le modheolaíochtaí chun tacaíocht um athrú aeráide, chun garspriocanna agus spriocanna a chinneadh sa chreat feidhmíochta agus in ainmníocht na gcatagóirí idirghabhála do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 69, 8.3.2014, lgh. 65-84)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 i dtaca leis an gcód iompair Eorpach ar chomhpháirtíocht i gcreat Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 74, 14.3.2014, lgh. 1-7)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir leis na cistí a leanas: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis na cistí a leanas: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (OJ L 347, 20.12.2013, lgh. 320–469)

Féach an leagan comhdhlúite.

Eoraip 2020: Straitéis le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (COM(2010) 2020 leagan deireanach, 3.3.2010)

Nuashonraithe 16.05.2018