Suirbhéanna staitistiúla ar tháirgí déiríochta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 96/16/CE — suirbhéanna staitistiúla ar bhainne agus ar tháirgí bainne

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos rialacha ar fud an AE leis le haghaidh staitisticí a bhailiú a bhaineann le bainne* agus táirgí bainne. Tá sé deartha chun monatóireacht ghearrthéarma agus mheántéarma a chumasú ar mhargadh an AE le haghaidh bainne agus táirgí bainne — teastaíonn faisnéis iontaofa, thráthúil uaidh sin maidir le táirgeadh agus úsáid bainne amh agus a chomhpháirteanna (agus soláthar bainne le haghaidh cóireála nó próiseála agus tairgeadh táirgí bainne ina dhiaidh sin san áireamh).

Aisghairtear reachtaíocht roimhe seo leis (Treoir 72/280/CEE) a leasaíodh ar roinnt ócáidí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá tíortha AE freagrach as bailiú sonraí agus as na suirbhéanna a eagrú. Clúdaítear na gabháltais talmhaíochta a tháirgeann bainne agus 2 ghrúpa gnólachtaí leis na suirbhéanna.

Ag brath ar an bhfaisnéis a bheidh le bailiú, ní mór do thíortha AE na suirbhéanna a dhéanamh ar bhonn míosúil, bliantúil nó trí bhliantúil. Leis an treoir leagtar amach na spriocdhátaí faoinar cheart do thíortha AE torthaí na suirbhéanna éagsúla a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach (Eurostat).

In 1997, ghlac an Coimisiún Eorpach le Cinneadh 97/80/CE lena leagtar síos na rialacha le haghaidh Treoir 96/16/CE a chur chun feidhme. Tá an liosta de tháirgí bainne atá clúdaithe le Treoir 96/16/CE leagtha amach in Iarscríbhinn I le Cinneadh 97/80/CE. Soláthraítear sainithe leis an iarscríbhinn sin freisin maidir le gach ceann de na táirgí.

In Iarscríbhinn II leis an gcinneadh soláthraítear foirmeacha samplacha de na táblaí atá le húsáid chun sonraí a tharchur chuig Eurostat.

In Iarscríbhinn III tá an ceistneoir maidir le comhthiomsú na staitisticí bainne.

Ní foláir nó go mbeidh na suirbhéanna uileghabhálach i gcásanna déirithe arb ionann iad agus 95 % ar a laghad de bhainne bó a bhailíonn gach tír AE, agus an t-iarmhéid á mheas ar bhonn samplaí ionadaíocha nó foinsí eile. Tá tíortha AE freagrach as torthaí cuimsitheacha atá beacht ar bhonn imleor a chinntiú.

Gach bliain, ní mór do thíortha AE tuarascáil a sheoladh chuig Eurostat lena n–áirítear a gceistneoir agus an mhodheolaíocht dá gcuid le haghaidh sonraí a thrasuí chuig na táblaí a sheoltar chuig Eurostat ag gabháil léi. Déanann grúpa saineolaithe athbhreithniú ar oibriú na treorach gach bliain.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá an treoir i bhfeidhm ón 1 Eanáir 1997. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 1 Eanáir 1997.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bainne: bainne bó, caorach, gabhar agus buabhall.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 96/16/CE ón gComhairle an 19 Márta 1996 maidir le suirbhéanna staitistiúla ar bhainne agus ar tháirgí bainne (IO L 78, 28.3.1996, lgh. 27-29)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 96/16/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le suirbhéanna ar struchtúir feirmeacha agus an suirbhé ar mhodhanna táirgthe talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 571/88 ón gComhairle (IO L 321, 1.12.2008, lgh. 14-34)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 97/80/CE ón gCoimisiún an 18 Nollaig 1996 lena leagtar síos forálacha do chur chun feidhme Threoir 96/16/CE ón gComhairle maidir le suirbhéanna staitistiúla ar bhainne agus ar tháirgí bainne (IO L 24, 25.1.1997, lgh. 26-49)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 24.04.2018