Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le mionaoisigh neamhthionlactha in AE

 

ACHOIMRE AR:

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2013 maidir le cás na mionaoiseach neamhthionlactha in AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RÚN?

Tá sé bunaithe ar thuarascáil féintionscnaimh* agus leanann sé tuarascáil mheántéarma ón gCoimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta (2010-2014) maidir le mionaoisigh neamhthionlactha (daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois) ar theacht isteach dóibh in AE, inar tugadh chun suntais líon réimsí a dteastaíonn tuilleadh airde agus gníomh spriocdhírithe ina leith.

moltaí agus treoirlínte straitéiseacha ann chun feabhas a chur ar chás na mionaoiseach neamhthionlactha in AE agus lena n–áirithiú go ndéanfar a gcearta bunúsacha a urramú go hiomlán. Tá cuid díobh sin cosúil leis na hábhair sa phlean gníomhaíochta agus na réimsí a bhfuil béim leagtha orthu i dtuarascáil cur chun feidhme an Choimisiúin lena bhfeabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugann an Pharlaimint chun cuimhne go bhfuil mionaoisigh neamhthionlactha, thar aon ní eile, ina leanaí leochaileacha agus gur cheart go mbeadh cosaint leanaí ina príomhphrionsabal do thíortha AE agus do AE i ngach plé leo.

Éilíonn sí go gcaithfear leas an linbh a urramú. Faoin gConradh ar an Aontas Eorpach, faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta an Linbh, tá sé d’oibleagáid ar thíortha AE cearta an linbh a chosaint, agus is tosaíocht iad faoi Chlár Stócólm.

Measann sí nach mór do AE dul i ngleic leis na croíchúiseanna leis an imirce agus gur cheart go mbeadh cosaint leanaí agus an cheist maidir le mionaoisigh neamhthionlactha ina gcuid dhílis den bheartas forbartha agus comhair.

Is ábhar imní faoi leith é an gá atá le stádas an “chaomhnóra dhleathaigh” a neartú in AE agus i dtíortha comhpháirtíochta. Molann an Pharlaimint chomh maith go ndréachtófar plean monatóireachta, i gcomhar le tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais, lena n–áirithiú go dtugtar cosaint mar is ceart do leanaí i ndiaidh dóibh dul ar ais chuig a dtír thionscnaimh agus a bheith athimeasctha inti arís.

Iarrann an Pharlaimint:

Maidir le caighdeáin um fháiltiú go sonrach, éilíonn an Pharlaimint ar thíortha AE urraim a thabhairt do chearta mionaoiseach neamhthionlactha ar an méid a leanas:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tuarascáil féintionscnaimh: faoi Riail 52 dá Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh buanchoistí Pharlaimint na hEorpa a chinneadh go n–ullmhófar tuarascáil ar ábhar a bhaineann lena n–inniúlacht nuair nach ndeachthas i gcomhairle leo.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Meán Fómhair 2013 maidir le cás na mionaoiseach neamhthionlactha in AE (2012/2263(INI)) (IO C 93, 9.3.2016, lgh. 165-173)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, le tacaíocht agus le cosaint íospartaigh na coireachta agus lena n–ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 57–73)

Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le caighdeáin i ndáil le cáiliú náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe na cosanta idirnáisiúnta, le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá i dteideal cosaint choimhdeach a fháil, agus le hábhar na cosanta a dheonaítear (IO L 337 20.12.2011, lgh. 9-26)

Treoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le comhrac i gcoinne drochúsáid ghnéasach agus dúshaothrú gnéasach leanaí agus pornagrafaíocht leanaí, agus lena n–ionadaítear Cinneadh Réime 2004/68/CGB (IO L 335, 17.12.2011, lgh. 1–14)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2011/93/AE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir leis na híospartaigh a chosaint, agus lena n–ionadaítear Cinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle (IO L 101, 15.4.2011, lgh. 1–11)

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Tuarascáil mheántéarma ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Mionaoisigh Neamhthionlactha (COM(2012) 554 críochnaitheach, 28.9.2012)

Doiciméad oibre inmheánach an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Mionaoisigh Neamhthionlactha — Ag gabháil leis an doiciméad: Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Tuarascáil mheántéarma ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le Mionaoisigh Neamhthionlactha (SWD(2012) 281 leagan críochnaitheach, 28.9.2012)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Plean Gníomhaíochta maidir le Mionaoisigh Neamhthionlactha (2010-2014) (COM(2010) 213 leagan críochnaitheach, 6.5.2010)

Nuashonraithe 06.02.2018