Staidreamh — beostoc agus feoil faoin gcomhbheartas talmhaíochta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 — staidreamh beostoic agus feola

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear faoin rialachán staidreamh maidir le:

Cumhdaítear leis chomh maith comhthiomsú réamhaisnéisí táirgthe maidir le mairteoil, muiceoil, laofheoil, caoireoil agus feoil ghabhair.

Staidreamh beostoic

Clúdach agus catagóirí

Ní mór do gach tír AE staidreamh a sholáthar i ndáil le líon na mbó-ainmhithe, muc, caorach, gabhar agus éanlaithe a choinnítear i ngabháltais talmhaíochta ar a chríoch. Ní mór dóibh siúd a dhéanann suirbhéanna samplacha go leor gabháltais talmhaíochta a chlúdach chun 95 % ar a laghad den líon iomlán a áireamh, de réir mar a cinneadh sa suirbhé is déanaí a rinneadh ar struchtúr gabháltas talmhaíochta. Tá na catagóirí dá soláthraítear an staidreamh beostoic leagtha amach in Iarscríbhinn II den rialachán.

Minicíocht agus an tréimhse thagartha

Soláthraítear an staidreamh ar chaoirigh agus ar ghabhair gach bliain, agus soláthraítear an staidreamh ar bhó-ainmhithe agus ar mhuca dhá uair sa bhliain. Is é an eisceacht tíortha ina bhfuil líon cineáil áirithe ainmhí faoi thairseach faoi leith, i gcás nach soláthraítear staidreamh le haghaidh caorach agus gabhar agus i gcás nach soláthraítear iad sin ach ar bhonn bliantúil le haghaidh bó-ainmhithe agus muc.

Beachtas

Ní mór do thíortha AE a dhéanann suirbhéanna samplacha a chinntiú go gcomhlíonfaidh torthaí eachtarshuite na suirbhéanna náisiúnta na ceanglais i dtaca le beachtas in Iarscríbhinn III den rialachán.

I gcás go n–úsáideann tíortha foinse riaracháin, ní mór dóibh an gCoimisiún Eorpach (Eurostat) a chur ar an eolas faoina modheolaíocht agus faoi cháilíocht na sonraí.

Agus foinsí eile á n–úsáid nach suirbhéanna iad, ní foláir nó go mbeidh an fhaisnéis a gheofar ó na foinsí sin ar aon cháilíocht ar a laghad leis an bhfaisnéis a fhaightear ó shuirbhéanna staidrimh.

Spriocdhátaí tarchuir

Leagtar síos sa rialachán na spriocdhátaí faoina gcaithfidh tíortha AE staidreamh beostoic sealadach agus críochnúil a tharchur chuig an gCoimisiún.

Staidreamh réigiúnach

Ní mór staidreamh mhí na Samhna/na Nollag a mhiondealú de réir aonaid chríche NUTS 1 agus NUTS 2 faoi mar a shainítear i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, agus le haghaidh aonaid chríche NUTS 1 amháin don Ghearmáin agus don Ríocht Aontaithe (1). Más ionann na haonaid chríche sin agus 5 % nó níos lú de líon náisiúnta na n–ainmhithe ábhartha, beidh an staidreamh roghnach mar sin d’aonaid chríche ag a bhfuil níos lú ná:

Staidreamh maidir le marú

Clúdach agus catagóirí

Ní mór do gach tír AE staidreamh a sholáthar i ndáil le líon agus meáchan conablaigh bó-ainmhithe, muc, caorach, gabhar agus éanlaithe a mharaítear i seamlais ar a chríoch agus a meastar a bhfeoil a bheith oiriúnach mar bhia don duine. Ní mór dóibh chomh maith meastacháin ar mharuithe nach ndéantar i seamlais a sholáthar, ionas go gclúdófar sa staidreamh na bó-ainmhithe, na muca, na caoirigh, agus na gabhair go léir a mharaítear ar a gcríoch. Tá na catagóirí nach mór staidreamh a sholáthar ina leith leagtha amach in Iarscríbhinn IV den rialachán.

Minicíocht agus tarchur

Ní mór staidreamh maidir le marú i seamlais a sholáthar gach mí agus a tharchur chuig Eurostat laistigh de 60 lá.

Réamhaisnéisí táirgthe feola

Clúdach

Ní mór do thíortha AE úsáid a bhaint as an staidreamh maidir le beostoc agus marú agus as faisnéis eile atá ar fáil chun réamhaisnéisí dá soláthar bó-ainmhithe, muc, caorach agus gabhair a sholáthar. Cuirfear an soláthar sin in iúl mar olltáirgeadh dúchasach iomlán, a fhreagraíonn don líon bó-ainmhithe, muc, caorach agus gabhar a mharaítear móide comhardú na trádála sna hainmhithe beo sin laistigh agus lasmuigh de AE. Soláthraítear réamhaisnéisí do na catagóirí atá liostaithe in Iarscríbhinn V den rialachán.

Minicíocht, tréimhsí tagartha agus spriocdhátaí tarchuir

Leagtar amach sa rialachán an mhinicíocht, na tréimhsí tagartha atá le clúdach sna réamhaisnéisí de réir an chineáil ainmhí agus na spriocdhátaí faoina gcaithfidh tíortha AE a réamhaisnéisí táirgthe feola a tharchur chuig Eurostat.

Rialacha ginearálta

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2009.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bó-ainmhithe: ainmhithe clóis den speiceas Bos taurus agus Bubalus bubalis, lena n–áirítear hibridí amhail buabhó.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le staidreamh beostoic agus feola agus lena n–aisghairtear Treoir 93/23/CEE, Treoir 93/24/CEE agus Treoir 93/25/CEE (IO L 321, 1.12.2008, lgh. 1-13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le rangú coiteann d’aonaid chríochacha le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lgh. 1-41)

Féach leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.01.2018



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.