Eurostat — Oifig staidrimh AE
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 2012/504/AE lena soiléirítear ról Eurostat
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
Soiléirítear leis ról agus freagrachtaí Eurostat maidir le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a sholáthar agus a scaipeadh.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Tá Eurostat ina chuid den Choimisiún Eorpach agus tá Ard-Stiúrthóir i gceannas air.
- Feidhmíonn Eurostat i gcomhréir leis na prionsabail um staidreamh seo a leanas, arna sainiú i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh:
- neamhspleáchas gairmiúil;
- neamhchlaontacht;
- oibiachtúlacht;
- iontaofacht;
- rúndacht staidrimh; agus
- cost-éifeachtúlacht.
- Cuireann Eurostat an clár staidrimh Eorpach chun feidhme agus oibríonn sé ar bhonn na gclár oibre bliantúla.
- Is iad seo a leanas príomhthascanna Eurostat:
- sonraí staitistiúla Eorpacha a bhailiú agus a chomhiomlánú chun staidreamh Eorpach a thiomsú;
- caighdeáin, modhanna agus nósanna imeachta staidrimh a fhorbairt agus a chur chun cinn;
- an Córas Staidrimh Eorpach (CSE) a chomhordú, comhar a spreagadh i measc a chomhpháirtithe agus a chinntiú go bhfuil príomhról aige i staidreamh oifigiúil ar an leibhéal idirnáisiúnta;
- comhoibriú ar an leibhéal idirnáisiúnta le tíortha agus eagraíochtaí eile, agus tacaíocht a thabhairt do thíortha áirithe neamh-AE chun feabhas a chur ar a gcuid córas staidrimh.
- Maidir le hArd-Stiúrthóir Eurostat arb é an Príomhstaitisteoir chomh maith:
- tá an fhreagracht iomlán aige as cinneadh a dhéanamh faoi phróisis, modhanna, caighdeáin agus nósanna imeachta staidrimh, agus as ábhar agus tráthúlacht eisiúintí staidrimh. Ní mór don Ard-Stiúrthóir gníomhú go neamhspleách agus gan treoracha a iarraidh nó a ghlacadh ó institiúidí nó comhlachtaí AE ar bith, ó rialtais náisiúnta nó ó eagraíochtaí ar bith eile. Ní mór don Ard-Stiúrthóir gach beart is gá a dhéanamh lena chinntiú go ndéantar rúndacht staidrimh a urramú;
- déanann sé cathaoirleacht ar Choiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh, ina gcuimsítear ionadaithe ó thíortha AE (ó institiúidí náisiúnta staidrimh) agus a thugann treoir don Chóras Staidrimh Eorpach maidir le staidreamh Eorpach a fhorbairt, a thiomsú agus a scaipeadh;
- déanann sé idirchaidreamh chomh maith le Coiste an Chórais Staidrimh Eorpaigh (ina gcuimsítear saineolaithe neamhspleácha staidrimh) maidir le gach ábhar a bhaineann le Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh.
- Faoi réir rialacha rúndachta AE, féadfaidh Eurostat sonraí riaracháin sheirbhísí an Choimisiúin a rochtain chun an t-ualach oibre do fhreagróirí a laghdú.
- Tá Eurostat freagrach as bainistíocht cáilíochta staidrimh Eorpaigh agus ní mór dó córas dearbhaithe cáilíochta a chur ar bun lena chinntiú go gcuirfear Cód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh chun feidhme mar is ceart.
- Ní mór do Eurostat a chinntiú go bhfuil fáil ag gach úsáideoir ar staidreamh Eorpach i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh, go háirithe prionsabail an neamhspleáchais ghairmiúil, na neamhchlaontachta agus na rúndachta staidrimh.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá feidhm leis ón 8 Deireadh Fómhair 2012.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh 2012/504/AE an 17 Meán Fómhair 2012 maidir le Eurostat (IO L 251, 18.9.2012, lgh. 49-52)
Nuashonraithe 13.11.2017