Forbairt scoile agus teagasc den scoth
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht (COM(2017) 248 críochnaitheach) — Forbairt scoile agus teagasc den scoth le haghaidh tús maith sa saol mór
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
Sainaithnítear sa teachtaireacht na dúshláin atá le sárú i scoileanna agus sa teagasc in AE agus léirítear inti na bealaí inar féidir le AE cuidiú le tíortha AE a gcórais scoile a athchóiriú chun na dúshláin sin a shárú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá ról ríthábhachtach ag scoileanna san fhoghlaim ar feadh an tsaoil, agus dá bhrí sin ní mór gníomhaíocht a dhéanamh chun feabhas a chur ar cháilíocht agus ar fheidhmíocht an oideachais scoile. Tá roinnt príomhdhúshlán le sárú ag beagnach gach thír AE.
- Laigí i bhforbairt inniúlachta:
- tá deacrachtaí tromchúiseacha ag 1 as 5 scoláire sa léitheoireacht, sa mhatamaitic agus i scileanna eolaíochta, ar féidir bacainní saoil ar chuimsiú sóisialta agus infhostaitheacht a bheith mar thoradh air;
- ní ghnóthaíonn ach leibhéal measartha íseal de na scoláirí torthaí an-mhaith;
- níl na scileanna digiteacha cuí ag a lán daoine óga;
- in ainneoin dul chun cinn i dtreoir sprioc Eoraip 2020 maidir leis an ráta luathfhágála scoile a laghdú go dtí níos lú ná 10 %, fágann barraíocht daoine óga an t–oideachas nó an oiliúint róluath.
- Níl a pháirt iomlán á glacadh san oideachas scoile chun cothromas agus cothroime shóisialta a chur chun cinn:
- tá na bearnaí inscne sa mhatamaitic agus san eolaíocht ag éirí níos lú, ach mar gheall ar stéiréitíopáil tá sé fós deacair rannpháirtíocht a shroicheadh;
- tá sé ceithre huaire níos cosúla go bhfuil gnóthachtáil íseal oideachais ag daoine óga ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste ná mar atá acu siúd ó chúlraí atá faoi bhuntáiste;
- tá dúshláin faoi leith ann do scoláirí a mbaineann cúlra imirceach nó Romach leo;
- Tá sé léirithe ag an Eastóin agus ag an bhFionlainn gur féidir le córais oideachais scoile ardleibhéil ghnóthachtála agus chothromais a sheachadadh ag an am céanna.
- Tionchar dhlús an athraithe theicneolaíoch agus dhigitigh ar an ngeilleagar agus ar shochaithe:
- Ní mór do scoileanna freagairt ar bhealach níos fearr don fhírinne úr seo — níl sé sách maith a thuilleadh scileanna nó eolas a thabhairt do dhaoine óga anois agus an seans ann nach mairfidh siad;
- ní mór do scoileanna athléimneacht agus an cumas oiriúnú d’athrú a fhorbairt le bealaí úra chun foghlaim i ndomhan atá ag éirí níos soghluaiste agus níos digití;
- ní mór córais oideachais a nuachóiriú agus cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil agus meon fiontraíochta a chur chun cinn.
Tá trí réimse ann ina bhféadfadh tacaíocht AE bheith ina chuidiú le dul i ngleic leis na dúshláin.
- Scoileanna níos fearr agus níos uilechuimsithí a fhorbairt, lena n–áirítear:
- tacaíocht a thabhairt do gach foghlaimeoir agus dá bhforbairt inniúlachta;
- feabhas a chur ar an bhfoghlaim trí chineálacha úra comhair a oscailt, mar shampla, seirbhísí áitiúla, eagraíochtaí pobail, gnóthais agus ollscoileanna chun cuidiú le daoine óga ullmhú d’fhostaíocht agus do staidéar amach anseo;
- feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas agus cúram na luath-óige agus ar ardchaighdeán oideachais agus chúram na luath-óige.
- Tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile le haghaidh teagasc agus foghlaim den scoth, lena n–áirítear:
- gairmeacha teagaisc a dhéanamh níos mealltaí;
- breathnú ar theagasc mar ghairm bheatha foghlaimeoirí ar feadh na gairme ag obair le chéile;
- tacaíocht a thabhairt do cheannaireacht scoile.
- Éirí níos éifeachtaí, níos cothroime agus níos éifeachtúla maidir le córais oideachais scoile a reáchtáil:
- infheistíocht leordhóthanach agus éifeachtúil a dhéanamh in acmhainní scoile;
- féinriar agus dearbhú cáilíochta a chomhcheangal.
Gabhann an Coimisiún Eorpach air féin an méid seo a leanas a dhéanamh chomh maith:
- comhar idir scoileanna a mhéadú trí Erasmus+ agus rannpháirtíocht in rNascadh;
- uirlis féinmheasúnaithe a fhorbairt do scoileanna ar chumas digiteach;
- tacú le feabhsuithe san oideachas san eolaíocht, sna teicneolaíochtaí, san innealtóireacht agus sa mhatamaitic (STEM) trí naisc agus trí chomhar ardoideachais, taighde agus gnóthas le scoileanna;
- Turgnamhaíocht beartas a chur chun cinn agus tacú leis maidir le hoideolaíocht dhátheangach agus teagasc i seomraí ranga éagsúla a fhorbairt mar chuid de chlár oibre Erasmus+ 2018;
- leanúint le breithnithe Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas trí thacaíocht a thabhairt do chomhar idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Riachtanais Speisialta agus Oideachas Uilechuimsitheach agus tíortha AE;
- tacaíocht a thabhairt d’oideachas na luath-óige agus do chúram na luath-óige agus dea-chleachtas a chomhroinnt;
- treoir ar bheartais a thairiscint ar ghairmeacha agus ar fhorbairt ghairmiúil múinteoirí agus ceannairí scoile;
- rochtain a shimpliú agus deiseanna a chur chun cinn do mhúinteoirí chun taithí phraiticiúil teagaisc a fháil thar lear le tacaíocht ó Erasmus+;
- pobail agus acmhainní ar líne a fhorbairt do ghairmithe scoile;
- comhthionscadail a fhorbairt tuilleadh leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) chun sonraí comparáideacha maidir le baill foirne scoile a chur ar fáil;
- socrú do thacaíocht theicniúil a chur ar bun i gcomhar le ECFE chun cuidiú le tíortha AE a dteastaíonn cúnamh uathu le mór-athchóirithe san oideachas scoile;
- comhthuarascáil a chur ar aghaidh maidir le héifeachtúlacht agus le héifeachtacht an chaiteachais san oideachas scoile; agus
- treoir ar bheartais a fhorbairt maidir le dearbhú cáilíochta in éineacht le tíortha AE agus le páirtithe leasmhara.
An bealach chun cinn
Tasc do thíortha AE is ea é córais oideachais scoile a athchóiriú, ach tá an Coimisiún sásta tacú leo le réimse uirlisí agus próisis AE. Spreagthach seanbhunaithe is ea an Seimeastar Eorpach, agus ba cheart comhar deonach faoi ET 2020 a fhorbairt tuilleadh chun cuidiú le tíortha AE. Go sonrach, ba cheart úsáid iomlán a bhaint as an bhFaireachán ar Oideachas agus Oiliúint le cuidiú le tíortha AE cinntí beartais eolasacha agus bunaithe ar fhianaise a dhéanamh.
CÚLRA
Féach freisin:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Forbairt scoile agus teagasc den scoth le haghaidh tús maith sa saol mó (COM(2017) 248 críochnaitheach, 30.5.2017)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Ag infheistiú in óige na hEorpa. (COM(2016) 940 críochnaitheach, 7.12.2016)
Nuashonraithe 10.08.2017