Alúmana a úsáid chun fluairíd a bhaint ó uiscí mianraí
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 115/2010 — alúmana gníomhachtaithe a úsáid chun fluairíd a bhaint as uiscí mianraí
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Leagtar amach ann rialacha i dtaca le halúmana gníomhachtaithe* a úsáidchun fluairíd* a bhaint as uiscí mianraí agus fíoruiscí, d’fhonn cloí le treoracha AE maidir le cáilíocht uisce óil.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ceadaítear alúmana gníomhachtaithe a úsáid chun fluairíd in uiscí mianraí nádúrtha agus fíoruiscí a bhaint, faoi na coinníollacha seo a leanas:
- Ní mór scaoileadh fuíoll san uisce mar thoradh ar an gcóireáil a bheith chomh híseal agus is féidir go teicniúil agus gan a bheith ina bhaol don tsláinte phoiblí.
- Ní mór úsáid na cóireála a chur in iúl do na húdaráis inniúla 3 mhí ar a laghad roimh ré, in éineacht le doiciméadacht agus sonraí le léiriú go gcomhlíonann sí an rialachán.
- Ní mór do na ceimiceáin go léir a úsáidtear sa chóireáil na caighdeáin a bhaineann le cóireáil uisce óil a chomhlíonadh.
- Ní mór don alúmana gníomhachtaithe caighdeáin Eorpacha a chomhlíonadh d’fhonn a áirithiú nach scaoiltear fuíll iomarcacha isteach san uisce.
- Roimh úsáid, ní mór cóireáil a dhéanamh ar an alúmana gníomhachtaithe chun fuíll agus míncháithníní a bhaint.
- Ní mór scagairí a shruthlú mar chéim dheiridh chun a áirithiú nach ndéanann siad difear do chion mianrach an uisce cóireáilte.
- Ní mór an t-alúmana gníomhachtaithe a athghiniúint ag eatraimh iomchuí d’fhonn a éifeachtacht a athbhunú.
- Ní mór don oibritheoir monatóireacht a dhéanamh ar phróisis d’fhonn a áirithiú go gcoinnítear saintréithe bunúsacha an uisce.
- Ba chóir úsáid na cóireála um baint fluairíde a chur in iúl ar lipéad an uisce cóireáilte, gar do liosta na gcomhábhar, san fhoirm: “uisce a cuireadh faoi theicníc asúcháin údaraithe”.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 2 Márta 2010.
CÚLRA
- Le Treoir 2009/54/CE leagtar amach rialacha AE maidir leis na modhanna atá ceadaithe do chóireáil ar uiscí mianraí nádúrtha agus fíoruiscí. Tugtar údarás leis don Choimisiún Eorpach na coinníollacha a leagan síos d’úsáid cóireálacha i ndiaidh comhairliúcháin leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bhia.
- Le Treoir 2003/40/CE ón gCoimisiún leagtar síos teorainn maidir le fluairíd in uiscí mianraí nádúrtha. Socraítear an teorainn d’fhíoruisce le Treoir 98/83/CE ón gComhairle.
- Tá próiseáil cheimiceach faoi réir na ndea-chleachtas monaraíochta agus na bprionsabal a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Alúmana gníomhachtaithe: foirm ardphóiriúil d’ocsaíd alúmanaim a bhfuil achar dromchla mór air. Is féidir é a úsáid mar scagaire chun fluairíd a bhaint as uisce óil.
Fluairíd: dúil a fhaightear go nádúrtha i soláthairtí uisce. Bíonn difríochtaí móra idir na tiúchain ó thír amháin AE go tír AE eile.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 115/2010 ón gCoimisiún an 9 Feabhra 2010 lena leagtar síos na coinníollacha maidir le húsáid alúmana gníomhachtaithe chun fluairíd a bhaint as uiscí mianraí nádúrtha agus fíoruiscí (IO L 37, 10.2.2010, lgh. 13–15)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú (Athmhúnlú) (IO L 164, 26.6.2009, lgh. 45–58)
Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 1–54)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2003/40/CE ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2003 lena mbunaítear an liosta, teorainneacha tiúchan agus ceanglais lipéadaithe do chomhábhair uiscí mianraí nádúrtha agus na coinníollacha maidir le haer breis ózóin a úsáid do chóireáil ar uiscí mianraí nádúrtha agus fíoruiscí (IO L 126, 22.5.2003, lgh. 34–39)
Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce a bheartaítear le hól ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lgh. 32–54)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 28.09.2017