Clár tacaíochta AE maidir le faireachas agus rianú spáis
Cinneadh Uimh. 541/2014/AE - creat tacaíochta maidir le faireachas agus rianú spáis
GNÍOMH
Cinneadh Uimh. 541/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear Creat Tacaíochta maidir le Faireachas agus le Rianú Spáis
ACHOIMRE
Braitheann a lán feidhmchlár agus seirbhísí atá riachtanach don gheilleagar agus do shlándáil agus leas an phobail ar shatailítí. An baol is mó do ghníomhaíochtaí spáis, áfach, ná go mbuailfeadh na satailítí in aghaidh smionagair spáis*.
CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH?
Cuirtear creat tacaíochta maidir le faireachas agus rianú spáis ar bun faoin gcinneadh seo, agus féachtar leis an gcreat sin satailítí a chosaint ar smionagar spáis.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cad is faireachas agus rianú spáis (FRS) ann?
Déantar satailítí agus smionagar spáis a aithint agus a mhonatóiriú le FRS trí bhraiteoirí ar thalamh, amhail teileascóip agus radair, a úsáid den chuid is mó. Faoi láthair, níl aon chumas FRS ann ar leibhéal Eorpach; braitheann oibreoirí satailíte agus lainseála ar shonraí ó na Stáit Aontaithe (SA) le haghaidh foláireamh frith-imbhuailte.
Cuspóirí
Is é príomhchuspóir an chreata FRS ná tacú le seirbhís Eorpach FRS a fhorbairt. Bhunófaí an tseirbhís sin ar líonra atá bunaithe ar na braiteoirí FRS atá ann cheana i dtíortha AE. Féadfaidh na SA teicneolaíocht agus faisnéis a chur ar fáil chun tacú leis an líonra sin.
Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas ag an gcreat FRS freisin:
— |
na rioscaí a mheas agus a laghdú a bhaineann le satailítí agus le smionagar spáis buaileadh faoina chéile, agus a ghluaiseachtaí a rianú nuair a aithnítear go bhfuil riosca imbhuailte ann; is féidir bearta a phleanáil agus a chur i bhfeidhm ansin chun imbhuailtí a chosc;
|
— |
na rioscaí a laghdú a bhaineann le spásárthaí Eorpacha a lainseáil;
|
— |
staidéar a dhéanamh ar athiontrálacha neamhrialaithe spásárthaí nó smionagair spáis in atmaisféar na Cruinne agus réamhrabhadh níos cruinne agus níos éifeachtúla a chur ar fáil chun na rioscaí ionchasacha gaolmhara a laghdú;
|
— |
iarracht a dhéanamh iomadú an smionagair spáis a chosc.
|
Cé is féidir úsáid a bhaint as na seirbhísí seo?
Ba cheart go mbeadh fáil orthu ag údaráis agus ag oibreoirí poiblí, tráchtála, sibhialta agus míleata.
Dul chun cinn
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chur chun feidhme le chéile faoin 18 Iúil 2018 maidir le cuspóirí an chinnidh a bhaint amach.
CÚLRA
— |
— |
EOCHAIRTHÉARMAÍ
* Smionagar spáis: rudaí de dhéantús an duine, amhail seansatailítí agus píosaí roicéad, atá ar fithis timpeall na Cruinne.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Cinneadh Uimh. 541/2014/AE |
16.6.2014 |
- |
Nuashonraithe 28.09.2015