Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí chun aerárthaí níos glaine a fhorbairt

Chuaigh tionscal eitlíochta na hEorpa i bpáirt leis an gCoimisiún Eorpach agus le heagraíochtaí taighde chun lorg comhshaoil na heitlíochta a laghdú mar chuid den chomhpháirtíocht phríobháideach phoiblí atá curtha i bhfeidhm faoi láthair le Comhghnóthas Spéire Glaine 2.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear an Comhghnóthas Spéire Glaine 2.

ACHOIMRE

Féachtar le Comhghnóthas Spéire Glaine 2 feidhmíocht chomhshaoil na n-aerárthaí a fheabhsú trí aerárthaí atá níos glaine agus níos éifeachtúla ó thaobh breosla de a chruthú a dhéanann níos lú torainn, agus trí chabhrú le tionscal láidir iomaíoch um aerloingseoireacht a fhorbairt san Eoraip.

Cumhdaíonn Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 an tréimhse ama go dtí 2024. Leanann an chéim nua seo ar aghaidh ón phointe a tháinig deireadh leis an gclár bunaidh. Tá cuideachtaí, ollscoileanna, saotharlanna poiblí, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iomaíocha agus an Coimisiún Eorpach ag glacadh páirte sa chéim seo.

Is iad seo a leanas cuspóirí an chomhghnóthais:

éifeachtúlacht aerárthaí ó thaobh breosla de a mhéadú chun astaíochtaí CO2 a laghdú idir 20% agus 30%; agus

astaíochtaí ocsaíd nítrigin (NOx) agus torainn na n-aerárthaí a laghdú idir 20% agus 30% i gcomparáid leis na haerárthaí nua-aimseartha a chuirfear ag obair ó 2014 ar aghaidh.

Cuimsíonn an comhghnóthas:

1.

Trí ardán nuálacha um thaispeántóir aerárthaí, le haghaidh aerárthaí móra paisinéirí, aerárthaí réigiúnacha agus rótarárthaí tapa (héileacaptair fhorbartha), a dhéanann taispeántóirí eitilte a fhorbairt agus a thástáil ar leibhéal iomlán aerárthaigh/feithicle;

2.

Trí thaispeántóir teicneolaíochta comhtháite, a dhéanann scrúdú ar aerfhrámaí, ar innill agus ar chórais, a úsáideann taispeántóirí ar mhórleibhéal córais chomhtháite;

3.

Dhá ghníomhaíocht thrasnacha (mioniompar aeir, éiceadhearadh), a chuireann an t-eolas le chéile a bhaineann le Taispeántóirí Teicneolaíochta Comhtháite agus le hardáin nuálacha um taispeántóir aerárthaí éagsúla, lena mbaineann feidhmeanna sonracha, agus a ligeann d’úsáid a bhaint as sineirgíochtaí idir na hardáin dhifriúla trí chomhthionscadail agus trí chomhthorthaí;

4.

Meastóir teicneolaíochta, a dhéanann monatóireacht agus measúnú ar thionchair chomhshaoil agus shochaíocha na dteicneolaíochtaí a dhéantar a fhorbairt in ardáin nuálacha um taispeántóir aerárthaí agus i dtaispeántóirí teicneolaíochta comhtháite.

Bainistíocht

Is eintiteas dlíthiúil é an Comhghnóthas Spéire Glaine 2 a cuireadh ar bun faoi Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (lena gceadaítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí sa réimse taighde thionsclaíoch ar leibhéal AE). Déanann an comhghnóthas a chlár oibre taighde straitéisigh féin a leagadh amach agus cuireann sé maoiniú ar fáil do thionscadail na mball agus do thionscadail a roghnaítear i ndiaidh gairmeacha tograí a fhoilsiú ar a láithreán Gréasáin. Mar riail ghinearálta, cuireann an comhghnóthas rialacha an chláir Fís 2020 i bhfeidhm maidir le rannpháirteachas.

Déanann Bainisteoir Feidhmiúcháin an comhghnóthas a bhainistiú, le tacaíocht ó fhoireann na Spéire Glaine. Tá Bord Rialachais ag an gcomhghnóthas, a chuimsíonn an tionscal, eagraíochtaí taighde agus ionadaithe ón Choimisiún Eorpach. Tá an bord sin freagrach go foriomlán as oibríochtaí an chomhghnóthais. Cuireann Coistí Eolaíochta comhairle ar fáil dó faoi thosaíochtaí eolaíochta. Tá ann freisin do Ghrúpa Ionadaithe Stáit Spéire Glaine 2 ar a bhfuil ionadaithe ó na tíortha lena mbaineann, agus do Choistí Stiúrtha do na hArdáin Nuálacha um Thaispeántóir Aerárthaí agus do na Taispeántóirí Teicneolaíochta Comhtháite. Comhlíontar na rialacha vótála arna mbunú ag an gcomhghnóthas agus cinntí á ndéanamh.

Déantar foráil in Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais AE (Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012) do rialacha saincheaptha éadroma le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí AE.

Buiséad

Is é buiséad foriomlán an chomhghnóthais ná EUR 4 bhilliún. Faightear EUR 1.8 billiún den tsuim sin ó bhuiséad an chláir Fís 2020. Faightear EUR 2.2 billiún ó chomhpháirtithe tionsclaíocha, EUR 1 bhilliún den tsuim sin trí ghníomhaíochtaí breise atá lasmuigh de phlean oibre an chomhthionscnaimh theicneolaíochta, ach a chabhraíonn leis a chuspóirí a chomhlíonadh. Chun aga an chláir Fís 2020 a chur san áireamh, ní mór go seolfar gairmeacha tograí faoi Chomhghnóthas Spéire Glaine 2 faoin 31 Nollaig 2020:

cuirtear 40 % den bhuiséad i leataobh le haghaidh bhaill bhunaidh Spéire Glaine 2, baill a bhíonn chun tosaigh maidir leis an gclár teicniúil agus a bhíonn tiomanta dó fad agus a mhaireann sé;

leithdháiltear 30 % ar phríomhpháirtithe, a roghnaítear trí ghairmeacha oscailte ag tús an chláir, agus a dhéantar baill iomlána den chomhghnóthas díobh;

dáiltear an 30 % deireanach le linn gairmeacha bliantúla oscailte chun tacú le cúraimí sonracha.

Iarrtar leis an gcomhghnóthas freisin sineirgíochtaí le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (ESIF) a fhorbairt.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 558/2014ón gComhairle

27.6.2014

-

IO L 169, 7.6.2014, lgh. 77-107

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 20 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 104-173).

Nuashonrú is déanaí: 10.08.2014