Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (2014-2020)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le rialacha sonracha a bhaineann le sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Cáilitheacht

Tá gach réigiún i dtíortha AE incháilithe ach braithfidh an chabhair ar thosaíochtaí AE agus ar an gcineál réigiúin.

Príomhthéamaí

Díreofar infheistíochtaí CFRE ar cheithre phríomhthéama:

Cineálacha infheistíochta

Buiséad foriomlán

Is é breis agus EUR 185 billiún an buiséad don tréimhse 2014-2020.

Tosaíochtaí beartais agus buiséid

Cur chun feidhme

An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas

Leis an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2020/460, tairgtear rochtain do thíortha AE ar EUR 37 billiún ó chistí SIE chun córais sláinte a neartú agus tacú le fiontair bheaga agus mheánmhéide, scéimeanna oibre gearr-ama agus seirbhísí pobalbhunaithe.

Bearta speisialta maidir leis an gCoróinvíreas: níos mó solúbthachta in úsáid chiste SIE

Le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/558 féadfaidh tíortha AE acmhainní a aistriú idir Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, idir na catagóirí éagsúla réigiún agus idir réimsí tosaíochta sonracha na dtrí chiste.

Ón 1 Iúil 2020 go dtí an 30 Meitheamh 2021, féadfar cláir um beartas comhtháthaithe a bhaineann le COVID-19 a mhaoiniú ar bhonn eisceachtúil trí 100 % de mhaoiniú AE le linn na bliana cuntasaíochta. Déantar faomhadh an chláir a shimpliú leis na bearta chomh maith, chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme, chun ionstraimí airgeadais a dhéanamh níos éasca agus chun iniúchtaí a shimplí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 21 Nollaig 2013.

CÚLRA

Le haghaidh faisnéise breise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha i ndáil le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 289-302)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1301/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/2056 ón gCoimisiún an 22 Lúnasa 2017 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 522/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis na prionsabail i gcomhair roghnú agus bainistiú gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe lena dtacófar faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (IO L 294, 11.11.2017, lch. 26)

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 522/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca leis na prionsabail i gcomhair roghnú agus bainistiú gníomhaíochtaí nuálacha i réimse na forbartha uirbí inbhuanaithe lena dtacófar faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (IO L 148, 20.5.2014, lgh. 1-3)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/99/AE ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2014 lena leagtar síos liosta na réigiún atá incháilithe chun cistiú a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ó Chiste Sóisialta na hEorpa, agus liosta na mBallstát atá incháilithe chun cistiú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe don tréimhse 2014-2020 (IO L 50, 20.2.2014, lgh. 22-34)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 07.07.2020