Ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Bunaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 sraith aonair rialacha stuamachta comhchuibhithe, nach mór do bhainc ar fud an Aontais Eorpaigh cloí leo. Tá sé mar aidhm leis an “leabhar rialacha aonair” sin a áirithiú go gcuirfear caighdeáin dhomhanda (Basel III) i bhfeidhm go haonfhoirmeach i mBallstáit uile AE.

Leasaíodh an reachtaíocht roinnt uaireanta, i gcomhréir leis na caighdeáin rialála idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn arna leagan síos ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht.

Áirítear iad seo a leanas ar phríomh–nuálaíochtaí Rialachán (AE) Uimh. 575/2013:

Reachtaíocht leasaitheach

Gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme

Le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 tugtar cumhachtaí don Choimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh d’fhonn éifeacht iomlán a thabhairt do leabhar rialacha aonair na baincéireachta. Tá liosta iomlán de na gníomhartha sin ar fáil anseo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 9 (IFRS 9). Caighdeán lena bhféachtar le tuairisciú airgeadais ionstraimí airgeadais a fheabhsú trí úsáid a bhaint as samhail níos réamhbhreathnaithí chun caillteanais chreidmheasa ionchais ar shócmhainní airgeadais a aithint. D’fhéadfadh méadú suntasach tobann ar sholáthairtí caillteanais creidmheasa ionchais a bheith mar thoradh ar chur i bhfeidhm IFRS 9 agus laghdú tobann dá réir sin ar chaipiteal gnáthchothromais Leibhéal 1 na n–institiúidí. Dá réir sin, teastaíonn socruithe chun an tionchar diúltach suntasach a d’fhéadfadh a bheith ar ghnáthchaipiteal Leibhéal 1 mar gheall ar chuntasaíocht caillteanais creidmheasa ionchais a mhaolú.
Caipiteal gnáthchothromais leibhéal 1. Comhpháirt de chaipiteal Leibhéal 1 ina gcuimsítear príomhchaipiteal bainc agus ina gcuimsítear gnáthscaireanna agus tuilleamh coimeádta.
Urrúsú. Idirbheart lena gcuirtear ar chumas iasachtóra — banc go minic — sraith iasachtaí/sócmhainní (e.g. morgáistí, léasanna ar charr, iasachtaí tomhaltóirí, cártaí creidmheasa) a athmhaoiniú trína n–aistriú go h–urrúis ar féidir le daoine eile infheistíocht a dhéanamh iontu.
Iascachtaí neamhthuillmheacha. Meastar go bhfuil iasacht neamhthuillmheach i gcás go bhfuil 90 lá imithe thart agus nár íoc an t–iasachtaí (cuideachta nó duine aonair) na suimeanna dlite nó an t–ús a comhaontaíodh, nó i gcás nach dócha go n–aisíocfaidh an t–iasachtaí í.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí infheistíochta agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 1–337).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338–436).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lgh. 1–59).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 28.06.2023