Sábháilteacht an trealamh agus an ábhar brú-árthaigh

ACHT

Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le dlíthe na mBallstát a chomhchuibhiú a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh.

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Leagtar síos sa dlí seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) na ceanglais riachtanacha sábháilteachta le haghaidh brú-threalaimh agus cóimeálacha (amhail coirí, brú-bhruthairí, múchtóirí dóiteáin, teasmhalartóirí agus gineadóirí gaile). Ní mór go gcloífeadh an brú-threalamh do-inaistrithe le sonraíochtaí dochta dá ndíolfaí in AE é.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le dearadh, le monarú agus le comhréireacht brú-threalaimh, brú-threalamh lena mbaineann uasbhrú incheadaithe de bhreis is 0.5 bar. Cuimsítear faoin treoir an brú-threalamh agus na cóimeálacha a cuireadh ar fáil le déanaí ar an mhargadh AE, cibé in AE nó in áit éigin eile a ndearnadh iad a mhonarú. Áirítear earraí caite allmhairithe leis seo chomh maith.

Raon leathan feidhmeanna

Baintear úsáid fhorleathan as an bhrú-threalamh i dtionscail amhail na tionscail seo a leanas:

Is féidir le brú-threalamh do-inaistrithe a bheith contúirteach ó nádúr mura mbíonn caighdeáin dhochta curtha i bhfeidhm go héifeachtach.

Freagracht chomhlíonta

Bíonn ar mhonaróirí agus ar a n--ionadaithe, a n-allmhaireoirí agus a ndáileoirí a chinntiú go gcloíonn a gcuid táirgí leis an dlí seo. Déantar amhlaidh chun sláinte agus sábháilteacht na n-úsáideoirí agus chun sábháilteacht na n-ainmhithe clóis agus na réadmhaoine a chinntiú, agus chun an iomaíocht chóir a chinntiú in AE.

Sonraí an mhonaróra/allmhaireora

Ní mór go dtaispeánfaí sonraí an mhonaróra (ainm, trádainm cláraithe/trádmharc agus an seoladh poist) ar an trealamh, nó, mura bhfuil sé seo indéanta, ar an phacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis an trealamh. Ní mór go gcuirfí iad seo ar fáil i dteanga atá éasca le tuiscint ag tomhaltóirí agus ag na húdaráis um fhaireachas margaidh (údaráis phoiblí a chinntíonn go gcloíonn táirgí leis an reachtaíocht agus gur táirgí slána iad). Bíonn ar allmhaireoirí a gcuid sonraí teagmhála a chur ar fáil.

Neamhchomhlíonadh

Bíonn ar Bhallstáit AE a chinntiú go gcloíonn monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí leis an dlí. Má thaispeántar nach bhfuil an dlí á chomhlíonadh, ní mór dóibh srian nó cosc a chur ar an trealamh a dhíol.

Iarscríbhinní

Tá faisnéis mhionsonraithe le fáil sna hiarscríbhinní seo faoi ghnéithe amhail na gnéithe seo:

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Tá na rialacha se réimse seo á rialú ag Treoir 97/23/CE faoi láthair. Cuirfear Treoir 2014/68/AE in ionad na Treorach 97/23/CE le héifeacht ón 1 Meitheamh.2015 (agus ón 19 Iúil2016 i gcás gnéithe áirithe).

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Brú-threalamh: árthaí, píobáin, gabhálais sábháilteachta agus brú-threalaimh, lena n-áirítear, más infheidhme, na heilimintí a bhíonn ceangailte le comhpháirteanna faoi bhrú, amhail feirí, buinní, cúpláin, tacaíochtaí agus cluaisíní ardaithe.

Cóimeálacha: píosaí éagsúla brú-threalaimh arna gcóimeáil ag monaróir chun iomlán comhtháite feidhmeach a chruthú.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir2014/68/AE

17.7.2014

28.2.2015 agus i gcás airteagal áirithe: 18.7.2016

IO L 189, 27.06.2014, lgh. 164-259

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 97/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Bealtaine 1997 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh (IO L 181, 09.7.1997, lgh. 1-55)

Nuashonraithe 23.09.2014