Dlínse Cúirte i gcásanna dlíthiúla a bhaineann le tíortha éagsúla AE

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 - dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Tugtar dlí AE roimhe seo maidir le dlínse, le haithint agus le forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (ar a dtugtar “ Rialachán na Bruiséile I ”). Féachtar ann le cúrsaíocht breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála a éascú agus a luathú laistigh den AE, de réir phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus threoirlínte Chlár Stócólm.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an Rialachán maidir le hábhair shibhialta agus tráchtála. Ní bhaineann sé, áfach, leis an dlí teaghlaigh, féimheacht, ceisteanna oidhreachta agus cúrsaí sainiúla eile atá liostaithe sa rialachán, amhail slándáil shóisialta agus eadráin.

Faoin dlí nua, cuirtear deireadh leis an nós imeachta exequatur a dtugtar air faoi “Rialachán na Bruiséile I”. Is ionann é seo agus breithiúnas a thugtar i dtír amháin AE a aithint i dtíortha eile AE gan gá a bheith le nós imeachta speisialta. Má tá an breithiúnas infhorghníomhaithe sa tír thionscnaimh, tá sé infhorghníomhaithe sna tíortha eile AE gan dearbhú um infhorghníomhaitheacht a bheith de dhíth.

Ní mór an duine a n-iarrtar forghníomhú ina choinne a chur ar an eolas faoi seo trí“ dheimhniúa bhaineann le breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála ”.). Déantar é sin a dhréachtú ar iarratas ó pháirtí ar bith ar suim leo an scéal. Ba chóir don bhreithiúnas a bheith ag gabháil leis an deimhniú (mura seirbheáladh cheana é). Ní mór é a sheirbheáil ar an duine sin laistigh de thréimhse réasúnta ama roimh an gcéad bheart forghníomhaithe.

I gcásanna áirithe, féadfaidh an duine a n-iarrtar forghníomhú ina choinne iarratas a dhéanamh ar dhiúltúd’aithint nó d’fhorghníomhú breithiúnaisá mheasann sé nó sígo bhfuil ann do cheann amháin de na foraischun diúltú d’aithint . D'fhéadfadh sé go dtarlódh sé sin má mheasann sé nó sígo bhfuil ann do cheann amháin de na foraischun diúltú d’aithint sa rialachán (e.g. sa chás go bhfui aithint breithiúnais contrártha go follasach leis an mbeartas poiblí). Ní mór do dthíortha AE na cúirteanna inniúla ar gá an t-iarratas a chur faoina mbráid a chur in iúl don Choimisiún.

Comhrialacha dlínse

Ní mór nasc a bheith ann idir imeachtaí a thagann faoi raon an dlí seo agus chríoch thíortha AE. Ba chóir go mbeadh feidhm, i bprionsabal, ag comhrialacha dlínse sa chás go bhfuil sainchónaí ar an chosantóir i dtír AE. Sa chás nach bhfuil sainchónaí ar chosantóir i dtír AE (nach bhfuil a bhaile nó a baile buan i dtír AE) ba chóir na rialacha náisiúnta dlínse a chur i bhfeidhm atá infheidhmithe i gcríoch thír na cúirte a dtagann an duine os a comhair (an chúirt inar dtionscnaítear na himeachtaí).

Mar sin féin, tá feidhm ag rialacha áirithe dlínse, beag beann ar chónaí an chosaontóra, d'fhonn:

I gcúinsí áirithe, féadfar na rialacha dlínse a chur i bhfeidhm chomh maith maidir le páirtithe a bhfuil sainchónaí orthu lasmuigh d'AE. D'fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, sa chás gur aontaiigh na páirtithe sin gur cheart do chúirteanna thír AE dlínse a bheith acu.

Urramú ar rogha chomhaontuithe cúirte a fheabhsú

Leis an dlí feabhsaítear éifeachtúlacht rogha na gcomhaontuithe cúirte: sa chás go bhfuil cúirt nó cúirteanna áirithe ainmnithe ag na páirtithe chun aighneas a réiteach. Tugtar tosaíocht don chúirt roghnaithe chun a dlínse a shocrú, cibé í an chéad chúirt nó an dara cúirt a dtagann an duine os a comhair. Ní mór bac a chur ar imeachtaí i ngach cúirt eile go dtí go mbíonn dlínse bunaithe ag an chúirt roghnaithe nó - má tá an comhaontú neamhbhailí - go ndiúltaíonn sé don dlínse.

Glacadh leis an rialachán seo agus cuireadh i bhfeidhm é sa Ríocht Aontaithe (1) agus in Éirinn. Cuirtear an Rialachán i bhfeidhm sa Danmhairg de réir an chomhaontaithe an 19 Deireadh Fómhair 2005 idir an Comhphobal Eorpach agus an Danmhairg maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála.

Cur chun feidhme rialacha Bhruiséil I ag Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus Cúirt Cheartais Benelux

Tugtar rialacha nua isteach le Rialachán (AE) Uimh. 542/2014 maidir leis an gcaidreamh idir imeachtaí roimh chúirteanna áirithe a bhaineann le roinnt tíortha AE (amhail Cúirt Aontaithe na bPaitinní agus Cúirt Cheartais Benelux) ar an taobh amháin agus cúirteanna thíortha AE faoi Rialachán Bhruiséil I ar an taobh eile. Ciallaíonn sé sin gur cheart breithiúnais a thugann na cúirteanna seo a aithint agus a fhorghníomhú ar aon dul le Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012

9.1.2013 I bhfeidhm ón 10.1.2015

-

IO L 351 an 20.12.2012, lgh. 1-32

Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 542/2014 o

30.5.2014

-

IO L 163, 29.5.2014, lgh. 1-4

Rialachán (AE) 2015/281

26.2.2015

-

IO L 54, 25.2.2015, lgh. 1-9

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála. [Iris Oifigiúil L 79, 21.03.2013, lch. 4-4]

Nuashonraithe 24.09.2015



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.