Inimirce - freagra AE

Clár Oibre Eorpach maidir le himirce - COM(2015) 240 final

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Eorpach maidir le hImirce (COM(2015) 240 final, 13.5.2015)

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Forbraítear sraith tionscnamh buan chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar inimirce trína áirithiú go nglacann tíortha AE uile le sciar chothrom d’inimircigh agus d’iarrthóirí tearmainn.

Trí dhul i ngleic leis na gnéithe seachtracha agus inmheánacha de bheartas imirce AE, féachtar léi le borradh a chur faoi chomhar AE le tíortha lasmuigh den bhloc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tosaíochtaí gearrthéarmacha

Gníomh láithreach ionas nach bhfaighidh tuilleadh daoine bás sa Mheánmhuir:

dlús a chur le hiarrachtaí cuardaigh agus tarrthála sa Mheánmhuir;

díriú ar na líonraí smuigléireachta coiriúla a dhéanann dúshaothrú ar imircigh leochaileacha;

critéir oibiachtúla a úsáid chun inimircigh a athshuí agus a athlonnú i measc na mballstát;

oibriú i ndlúthchomhar le tíortha san Afraic chun sreafaí inimirce a laghdú;

cuidiú leis na tíortha AE a ghlacann le daoine as tíortha eile.

Tosaíochtaí meántéarmacha/fadtéarmacha

Bainistiú níos fearr ar gach gné de bheartas imirce AE:

dreasachtaí a laghdúle haghaidh inimirce neamhdhleathach:

oibriú le tíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna a chuireann iallach ar dhaoine aghaidh a thabhairt ar an Eoraip;

líonraí smuigléireachta agus gáinneála a chur ó mhaith;

feabhas a chur ar bheartas AE maidir le himircigh neamhdhleathacha a sheoladh ar ais go dtí a dtír dhúchais;

bainistiú na teorann a fheabhsú:

nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun teorainneacha seachtracha uile AE a bhainistiú ar bhealach níos stuama;

úsáid níos mó a bhaint as teicneolaíocht;

tacú le rialuithe teorann atá ann cheana;

beartas tearmainn AE a fheabhsú:

córas follasach a fhorbairt chun iarrthóirí tearmainn a ghlacadh ina mbeidh comhfhreagracht níos cothroime idir na tíortha go léir in AE maidir lena nglacadh;

beartas nua maidir le himirce dhleathach a fhorbairt:

díriú ar dhaoine a mhealladh a bhfuil na scileanna acu a theastaíonn ón AE tráth a bhfuil a dhaonra oibre féin ag dul i laghad.

Tuilleadh

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Clár Oibre Eorpach maidir le Slándáil (COM(2015) 185 final, 28.4.2015)

Nuashonraithe 26.08.2015