Teorainneacha muirí seachtracha AE a rialú agus saolta inimirceach a shábháil le linn oibríochtaí ar muir

Leagtar amach sa rialachán seo na rialacha a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar theorainneacha farraige an Aontais Eorpaigh (AE), le hárthaí a idircheapadh a mheastar go bhfuil inimircigh neamhdhlíthiúla á n-iompar acu agus le daoine a tharrtháil atá i mbaol ar muir, le linn oibríochtaí fhaireachas teorainneacha faoi chomhordú Frontex.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 656/2014 lena mbunaítear rialacha i gcomhair faireachais ar na teorainneacha farraige seachtracha i gcomhthéacs comhair oibríochtúil a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha an Aontais Eorpaigh.

ACHOIMRE

Is é cuspóir bheartas AE um theorainneacha muirí seachtracha ná faireachas éifeachtach ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha a áirithiú chun an inimirce neamhdhlíthiúil agus an choireacht thrasteorann a chomhrac, agus saolta ar muir á gcosaint.

Chun na críche sin, tá sé beartaithe go ndéanfaidh oibríochtaí muirí, faoi mhaoirseacht Frontex (an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha an Aontais Eorpaigh):

ÁRTHAÍ A IDIRCHEAPADH

Leagtar amach rialacha speisialta maidir le hárthaí a aimsiú ar a bhfuil inimircigh neamhdhlíthiúla ar bord, ag brath ar an áit ina ndéantar na hárthaí a idircheapadh (in uiscí teorann, i réigiúin thadhlacha nó ar mórmhuir). Is féidir le Ballstáit AE an t-árthach a urghabháil, na daoine ar bord a ghabháil agus an t-árthach a thabhairt go dtí tír chósta, go dtí tír aíochta d'AE nó go dtí tír nach tír d'AE í ar an choinníoll nach gcuirfí na daoine sin i mbaol.

Leagtar amach rialacha eile maidir le staideanna cuardaigh agus tarrthála a bhainistiú, le cúnamh a thabhairt do dhaoine i ngátar ar muir agus le daoine a ndéantar iad a tharrtháil a chur i dtír.

Le linn oibríochta ar muir, ní mór cúnamh a sholáthar de réir an dlí ábhartha idirnáisiúnta, beag beann ar náisiúntacht nó ar stádas na ndaoine ar gá cúnamh a thabhairt dóibh.

PLEAN OIBRÍOCHTÚIL FRONTEX

Téann Ballstáit AE i mbun oibríochtaí fhaireachas teorainneacha le tacaíocht oibríochtúil ó Frontex. Tá an ghníomhaireacht freagrach as:

Chun na críche sin, ullmhaítear plean oibríochtúil a chuimsíonn mionsonraí arna n-oiriúnú do chúinsí na hoibríochta ar muir atá pleanáilte. Ní mór a áirithiú go háirithe i bpleananna oibríochtúla go dtugtar cúnamh iomchuí do leanaí agus do dhaoine leochaileacha.

Meicníochtaí dlúthpháirtíochta

Féadfaidh Ballstáit AE, a gcuirtear brú mór imirce orthu, cabhair agus tacaíocht ar leith a iarraidh ar an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn agus iarraidh ar Fhoirne Eorpacha na nGardaí Teorann a úsáid, i gcás éigeandála.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 656/2014

17.7.2014

-

IO L 189, 27.6.2014, lgh. 93-107

Nuashonraithe 28.09.2014