An bhithéagsúlacht a chosaint ar speicis choimhthíocha ionracha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis rialacha maidir leis an drochthionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais gaolmhara mar gheall ar thabhairt isteach agus scaipeadh speiceas coimhthíoch ionrach* san Aontas Eorpach (AE). D’fhéadfadh speicis choimhthíocha ionracha drochthionchar suntasach a bheith acu ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar.

PRÍOMHPHOINTÍ

Liosta de speicis choimhthíocha ionracha

Ceadanna

Pleananna gníomhaíochta náisiúnta

Laistigh de 3 bliana ó na speicis a liostú, ní mór do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme chun déileáil le príomhbhealaí leathadh na speiceas coimhthíoch ionrach ar a gcríocha. Déantar é sin chun cosc a chur ar thabhairt isteach agus leathadh neamhbheartaithe na speiceas coimhthíoch ionrach atá liostaithe ina gcríocha.

Speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní ar bhonn réigiúnach agus speicis choimhthíocha ionracha dhúchasacha

D’fhéadfadh speicis choimhthíocha ionracha teacht as réigiún amháin den Aontas Eorpach agus fadhbanna a chruthú i réigiún eile den Aontas Eorpach. Sa chás sin, arna iarraidh sin ag na Ballstáit lena mbaineann, féadfaidh an Coimisiún ról a imirt lena áirithiú go n-oibreoidh na Ballstáit lena mbaineann le chéile chun déileáil leis an bhfadhb.

Córais faireachais

Laistigh de 18 mí ón liosta speiceas coimhthíoch ionrach a ghlacadh, ní mór do na Ballstáit córais faireachais a bhunú trína mbaileofar agus trína dtaifeadfar sonraí maidir le speicis choimhthíocha ionracha a bheith ar fáil sa timpeallacht.

Rialuithe oifigiúla

Faoin 2 Eanáir 2016, ní foláir go mbeadh struchtúir lánfheidhmiúla curtha ar bhun ag na Ballstáit chun na rialuithe oifigiúla is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar speicis choimhthíocha ionracha a thabhairt isteach san Aontas Eorpach d’aon turas. Tá feidhm ag na rialuithe oifigiúla sin maidir leis na catagóirí earraí a thagann faoi na cóid ainmníochta comhcheangailte a ndéantar tagairt dóibh i liosta an Aontais.

Luathbraith agus díothú tapa speiceas coimhthíoch ionrach nuabhunaithe

I ndiaidh aon bhreathnóireacht nua (an chéad bhreathnóireacht nó an chéad bhreathnóireacht i ndiaidh díothaithe) de speiceas coimhthíoch ionrach atá liostaithe i mBallstát nó i gcuid dá chríoch, ní mór é a dhíothú go tapa. Féadfar díothú a bhaint amach trí bhearta marfacha nó neamh-mharfacha.

Bainistíocht speiceas coimhthíoch ionrach forleitheadach

Athshlánú éiceachóras a bhfuil dochar déanta dóibh

Ba cheart do na Ballstáit bearta a dhéanamh chun cuidiú a thabhairt le téarnamh éiceachórais atá díghrádaithe, damáistithe nó millte ag speiceas coimhthíoch ionrach atá liostaithe.

Bearta idirthréimhseacha

Gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe

Le Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 tugtar cumhachtaí cur chun feidhme agus tarmligthe don Choimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2015.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Speicis choimhthíocha ionracha (IAS). Plandaí nó ainmhithe ar iompair daoine iad amach as a raon éiceolaíoch nádúrtha (cibé d’aon turas nó de thimpiste) isteach i dtimpeallacht úr. Cé nach maireann go leor de na speicis sin, maireann cuid acu agus, mar gheall ar a ionraí is atá siad, déanann siad dochar suntasach don éiceolaíocht agus don gheilleagar.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú (IO L 317, 4.11.2014, lgh. 35-55).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/968 ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2018 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnuithe riosca i ndáil le speicis choimhthíocha ionracha (IO L 174, 10.7.2018, lgh. 5-11).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1454 ón gCoimisiún an 10 Lúnasa 2017 lena sonraítear na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 208, 11.8.2017, lgh. 15-27).

Rialachán cur chun feidhme (AE) 2016/1141 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2016 lena nglactar liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 189, 14.7.2016, lgh. 4-8).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán cur chun feidhme (AE) 2016/145 ón gCoimisiún an 4 Feabhra 2016 lena nglactar formáid an doiciméid atá mar fhianaise ar an gcead a d’eisigh údaráis inniúla Ballstát lena gceadaítear do bhunaíochtaí gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh maidir le speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 30, 5.2.2016, lgh. 1-6).

Nuashonraithe 03.08.2022