Substaintí radaighníomhacha in uisce a bheartaítear le hól ag an duine: cosaint na sláinte poiblí

Leagtar amach sa treoir seo ceanglais éagsúla chun sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint ar shubstaintí radaighníomhacha a d’fhéadfadh a bheith dochrach agus ar féidir leo a bheith in uisce óil.

ACHT

Treoir 2013/51/Euratom ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos ceanglais maidir le sláinte an phobail i gcoitinne a chosaint i ndáil le substaintí radaighníomhacha in uisce a bheartaítear le hól ag an duine.

ACHOIMRE

Is bealach amháin é an gnáthuisce óil ar féidir le substaintí radaighníomhacha dul isteach i gcorp an duine agus díobháil a dhéanamh d’orgáin ríthábhachtacha. Chun an riosca a laghdú a oiread agus is féidir, leagtar síos sa reachtaíocht luachanna paraiméadracha i gcomhair substaintí amhail radón agustritiam. Éilítear ar údaráis náisiúnta faireachán a dhéanamh ar na luachanna seo agus uisce óil a thástáil go rialta, ar thráthanna chomhghearr i ndiaidh a chéile, ag brath ar na toirteanna a bhíonn i gceist.

Cumhdaítear sa reachtaíocht an t-uisce go léir a bheartaítear le hól ag an duine, lena n-áirítear an t-uisce go léir,ina staid bhunaidh nó i ndiaidh cóireála, a bheartaítear le hól, le cócaráil, le bia a ullmhú nó chun críocha baile eile, beag beann ar an áit óna dtagann sé agus ar cibé an mbíonn sé á sholáthar trí phríomhlínte, i dtancaeir, i mbuidéil nó i gcoimeádáin.

Cumhdaítear sa reachtaíocht chomh maith an t-uisce a bhaineann gnóthais feidhm as chun bia atá oiriúnach lena chaitheamh ag an duine a ullmhú, a phróiseáil, a chaomhnú nó a mhargú, ach amháin má mheasann na húdaráis náisiúnta go bhfuil caighdeán an uisce de chaighdeán ard go leor nach gcuirfidh sé isteach ar shábháilteacht an táirge bia dheiridh.

Ní bhaineann an reachtaíocht le huisce mianraí nádúrtha ná le huisce a mheastar gur táirge íocshláinte é. Rialaítear na huiscí seo faoi reachtaíocht an AE ar leith. Féadfaidh údaráis náisiúnta uisce óil ó sholáthar aonair a eisiamh atá níos lú ná 10 méadar ciúbacha sa lá, ar an meán, nó a fhreastalaíonn ar níos lú ná 50 duine, ach amháin má sholáthraítear é mar chuid de ghníomhaíocht thráchtála nó phoiblí.

Nuair a aithnítear contúirt fhéideartha do shláinte an duine, ní mór comhairle chuí a thabhairt don phobal i gcoitinnemaidir leis na rioscaí féideartha agus na bearta breise réamhchúraim a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil. Ba cheart gníomhú láithreach chun uisce den chaighdeán riachtanach a chur ar fáil arís.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2013/51/Euratom

27.11.2013

28.11.2015

IO L 296, 7.11.2013, lch. 12

Nuashonrú is déanaí: 22.04.2014