Creat beartais an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh aeráide agus fuinnimh (2020 go dtí 2030)

Tá creat á mholadh ag an Choimisiún Eorpach le haghaidh bheartais aeráide agus fuinnimh an AE don tréimhse 2020 go dtí 2030, creat a chuireann leis an dul chun cinn tábhachtach a rinneadh maidir le spriocanna 2020 le haghaidh astaíochtaí gáis cheaptha teasa, fuinnimh in-athnuaite agus chaomhnú fuinnimh a bhaint amach. I gceartlár an chreata 2030 tá laghdú 40 % ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa faoi 2030.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiúin chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: Creat beartais le haghaidh aeráide agus fuinnimh don tréimhse 2020 go dtí 2030 [COM(2014) 15 final/2 an 28.1.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Cuirtear béim sa teachtaireacht seo ar an ghá atá ann don AE bogadh i dtreo geilleagair ísealcharbóin, rud a chuirfidh leis an dul chun cinn tábhachtach a rinneadh cheana féin maidir le spriocanna 2020 an Aontais le haghaidh laghdú astaíochtaí gáis cheaptha teasa, fuinnimh in-athnuaite agus chaomhnú fuinnimh a bhaint amach.

Tar éis chomhairliúchán scairshealbhóirí bunaithe ar Pháipéar Uaine a foilsíodh i mí an Mhárta 2013, athdhearbhaítear sa teachtaireacht a thábhachtaí is atá sé coinneáil le geilleagar ísealcharbóin, rud a chinntíonn go gcuirfear iomaíochas, agus fuinneamh ar phraghas réasúnta, ar fáil do thomhaltóirí, a chruthaíonn fás agus poist agus a mhéadaíonn slándáil na soláthairtí fuinnimh, agus spleáchas ar allmhairiú fuinnimh á laghdú.

Molann an Coimisiún gur cheart go mbunófaí an creat aeráide agus fuinnimh 2030 ar fhorfheidhmiú iomlán spriocanna 2020 agus na nithe seo a leanas:

Iarrtar ar an Chomhairle agus ar Pharlaimint na hEorpa an togra a fhormhuiniú. Táthar ag súil le cinneadh na Comhairle faoi mhí Dheireadh Fómhair 2014. Tá an teachtaireacht ina cuid de phacáiste níos mó ina n-áirítear togra dlíthiúil le haghaidh athchóirithe ar an ETS, iomaíochais, gáis scealla, agus phraghsanna agus costais fuinnimh.

ACHTANNA GAOLMHARA

Togra le haghaidh cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúlchiste um chobhsaíocht mhargaidh a chur ar bun agus a fheidhmiú le haghaidh scéim an Aontais i ndáil le trádáil ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE. [COM(2014) 20/2 an 22.1.2014].

Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh [Iris Oifigiúil L 315, 14.11.2012, lch. 1].

Treoir 2009/28/CE maidir le foinsí fuinnimh in-athnuaite [Iris Oifigiúil L 140, 5.6.2013, lch. 16]

Treoir 2009/29/CE lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun scéim an Chomhphobail i ndáil le trádáil ar lamháltais i gcomhair astaíochtaí gáis cheaptha teasa a fheabhsú agus a leathnú (Treoir athbhreithnithe um ETS) [Iris Oifigiúil L 140, 5.6.2009, lch. 63].

Cinneadh Uimh 406/2009/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dícheall na mBallstát a n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú chun freastal do cheangaltais an Chomhphobail maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú suas go dtí 2020 [Iris Oifigiúil L 140, 05.06.2009, lch. 136].

An Treochlár Fuinnimh 2050 [COM(2011) 885 final an 15.12.2011].

Treochlár um gheilleagar iomaíoch ísealcharbóin roimh 2050 [COM(2011) 112 final an 8.3.2011]

Council Directive 2013/18/EU of 13 May 2013 adapting Directive 2009/28/EC of the European Parliament and of the Council on the promotion of the use of energy from renewable sources, by reason of the accession of the Republic of Croatia [Iris Oifigiúil L 158, 10.6.2013]

Nuashonraithe 08.06.2014