Trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa agus eitlíocht

Ag cur san áireamh scála agus nádúr domhanda an tionscail eitlíochta agus a iarmhairt ar an gcomhshaol, tugann an tAontas Eorpach (AE) faoi bheart a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a tharlaíonn i ngeall ar eitlíocht san Eoraip a laghdú, agus é ag obair leis an gcomhphobal idirnáisiúnta ag an am céanna tríd an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) chun bearta a bhunú a mbeidh tionchar domhanda acu.

GNÍOMH

Treoir 2008/101/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun gníomhaíochtaí eitlíochta a chur san áireamh sa scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal.

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leis an treoir seo leasaítear Treoir 2003/87/CE, lenar bunaíodh scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí (EU ETS), trí astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin a tharlaíonn le gníomhaíocht eitlíochta a chur san áireamh. Mar thoradh air sin, tá gach eitilt chuig gach tír AE, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin, agus ó na tíortha sin, cumhdaithe faoi scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

Tá eitlíocht ar cheann de na foinsí is mó fáis maidir le hastaíochtaí GCT ar bhonn domhanda (agus in AE), arb ionann iad agus thart ar 3 % d’iomlán na n-astaíochtaí. Táthar ag tuar, faoi 2020, go mbeidh an méid GCTanna a bheidh á scaoileadh ag eitlíocht 70 % níos airde ná mar a bhí sa bhliain 2005, fiú i ndiaidh feabhas ar éifeachtúlacht bhreoslaí a chur san áireamh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tá Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) ina cuid lárnach de bheart AE maidir le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus tá sí ina príomhuirlis ann chun astaíochtaí gás ceaptha teasa tionsclaíoch a laghdú go héifeachtúil ó thaobh costas de. Ar an gcéad - agus an ceann is mó fós - chóras idirnáisiúnta le lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil, cumhdaíonn Scéim AE maidir le Trádáil Astaíochtaí os cionn 11 000 stáisiún cumhachta agus gléasraí tionscail sna 28 tír AE, san Íoslainn, san Iorua agus i Lichtinstéin, chomh maith le hastaíochtaí ó eitlíocht.

Oibríonn Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí ar an bprionsabal “caidhpeáil agus trádáil” Socraítear “caidhp” nó teorainn ar líon iomlán na ngás ceaptha teasa a cheadaítear a astú as na monarchana, na stáisiúin chumhachta agus as suiteálacha eile sa chóras. Laghdaítear an chaidhp thar am ionas go laghdófar iomlán na n-astaíochtaí. Tríd an gcóras is féidir lamháltais astaíochtaí a thrádáil ionas go bhfanfaidh iomlán astaíochtaí oibreoirí na suiteálacha agus na n-aerárthaí laistigh den chaidhp agus is féidir na bearta is saoire a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach astaíochtaí a laghdú ó eitlíocht ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2008/101/CE

2.2.2009

-

IO L 8, 13.1.2009, lgh. 3-21

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh Uimh. 377/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2013 lena maolaítear go sealadach ar Threoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal (Iris Oifigiúil L 113 an 25.4.2013, lgh. 1-4).

Rialachán (AE) Uimh. 421/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Chomhphobal, i bhfianaise chur chun feidhme faoi 2020 comhaontuithe idirnáisiúnta lena gcuirtear i bhfeidhm beart domhanda aonair bunaithe ar an margadh ar astaíochtaí eitlíochta idirnáisiúnta (Iris Oifigiúil L 129 an 30.4.2014, lgh. 1-4).

Nuashonraithe 23.07.2015