Fiontraíocht a ghiniúint san oideachas agus san oiliúint

Baineann tairbhí suntasacha le meonta fiontraíochta a fhorbairt don Aontas Eorpach (AE) agus dá shaoránaigh. Tugtar bealaí chun suntais sna conclúidí seo ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun fiontraíocht a chuimsiú san oideachas agus san oiliúint.

GNÍOMH

Conclúidí ón gComhairle maidir le fiontraíocht san oideachas agus san oiliúint (2015/C 17/02) (Iris Oifigiúil C 17 an 20.1.2015, lgh 2-7).

ACHOIMRE

Baineann tairbhí suntasacha le meonta fiontraíochta a fhorbairt don Aontas Eorpach (AE) agus dá shaoránaigh. Tugtar bealaí chun suntais sna conclúidí seo ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh chun fiontraíocht a chuimsiú san oideachas agus san oiliúint.

CAD A DHÉANTAR SNA CONCLÚIDÍ SEO ÓN GCOMHAIRLE?

Cuirtear béim iontu ar an tábhacht agus ar na tairbhí a bhaineann le fiontraíocht a ghiniúint isteach san oideachas agus san oiliúint, agus tugtar cuireadh iontu do thíortha AE agus don Choimisiún Eorpach chun bearta a chuidíonn le fiontraíocht a éascú ar fud timpeallachtaí foghlama a spreagadh agus a imscrúdú agus tacú leo.

PRÍOMHPHOINTÍ

An sainmhíniú ar fhiontraíocht

Úsáidtear an sainmhíniú cuimsitheach sna conclúidí seo ón gComhairle a úsáidtear i moladh 2006 ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil: an cumas gníomhartha a dhéanamh de smaointe ag baint leas as cruthaitheacht, nuálaíocht, dul i riosca, pleanáil agus bainistíocht tionscadal.

Bearta ag tíortha AE

Iarrtar sna conclúidí ar thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:

Bearta ina bhfuil an Coimisiún Eorpach bainteach in éineacht le tíortha AE

Iarrtar orthu:

CÚLRA

Déantar trácht sna conclúidí seo ón gComhairle ar roinnt ceisteanna a ardaíodh i gconclúidí ón gComhairle roimhe seo maidir le creat straitéiseach um chomhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint: nuachóiriú ar an ardoideachas, cur chun cinn na fiontraíochta don óige chun cuimsiú sóisialta daoine óga agus oideachas éifeachtach do mhúinteoirí a chothú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Fiontraíocht san oideachas ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

Nuashonraithe 10.06.2015