Fiontraíocht 2020: plean trí chéim chun ligean le cumas fiontraíochta na hEorpa

Is treoirphlean é Plean Gníomhaíochta na Fiontraíochta 2020 chun athspreagadh a thabhairt do chultúr fiontraíochta na hEorpa. Dírítear ann ar oideachas agus oiliúint, ar an timpeallacht cheart a chruthú, ar eiseamláirí agus ar theagmháil a dhéanamh le dreamanna áirithe.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: Plean Gníomhaíochta na Fiontraíochta 2020: Spiorad na fiontraíochta a athspreagadh san Eoraip [COM(2012)795 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil]

ACHOIMRE

Féachtar le Plean Gníomhaíochta na Fiontraíochta 2020 Spiorad na fiontraíochta a athspreagadh san Eoraip tacaíocht a sholáthar d’fhiontraithe, a mbíonn ról riachtanach acu maidir le fostaíocht, fás agus geilleagar níos láidre a spreagadh. Gineann cuideachtaí nua san Eoraip amháin, gnóthais bheaga go háirithe, breis is ceithre mhilliún post nua in aghaidh na bliana.

Iarrtar leis an phlean gníomhaíochta cultúr agus dearcthaí na saoránach Eorpach maidir le fiontraíocht a athrú agus í a bhunú mar ghairm bheatha tharraingteach réadach. Tugtar cuireadh ann do na Ballstáit cuid éigeantach den oideachas scoile a dhéanamh d’oideachas fiontraíochta agus féachtar leis braistint an phobail maidir le fiontraithe a athrú, ionas go dtabharfar an t-aitheantas agus an tacaíocht dóibh atá tuillte acu. Téitear i ngleic chomh maith sa phlean gníomhaíochta leis na bacainní iomadúla a thagann os comhair daoine ar mian leo bheith ina bhfiontraithe, amhail easpa oideachais chuí agus oiliúna cuí, an deacracht a bhaineann le creidmheas agus le margaí a rochtain, fadhbanna agus gnóthais á n-aistriú, faitíos na teipe agus an aithis a bhaineann léi agus an iomarca rómhaorlathais.

Rangaítear tograí an phlean gníomhaíochta faoi thrí theideal, tograí a chuirfear i bhfeidhm ag riaracháin ar na leibhéil chuí uile (Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil) agus nach dtaispeántar ach cuid díobh anseo:

Oideachas agus oiliúint fiontraíochta

Timpeallacht a chruthú inar féidir rath a bheith ar fhiontraithe agus inar féidir leo dul chun cinn a dhéanamh

Eiseamláirí agus teagmháil a dhéanamh le dreamanna áirithe

Tosaíodh ag obair ar thograí Phlean Gníomhaíochta na Fiontraíochta 2020 sa bhliain 2013, agus roinn comhlachtaí agus rialtais an AE a saineolas, a saíocht agus a ndea-chleachtais.

Leis an phlean gníomhaíochta, cuirtear le comhar faoin Acht um Ghnólachtaí Beaga chun rómhaorlathas gnóthas a laghdú. Bíonn Toscaire um FBM freagrach as tograí an phlean a leanúint sna tíortha éagsúla.

DOICIMÉID THAGARTHA

Fiontraíocht 2020 - Plean Gníomhaíochta an AE: Achoimre do Shaoránaigh

Nuashonrú is déanaí: 10.03.2014