Contúirtí a eascraíonn as radaíocht ianúcháin (ó 2018 ar aghaidh)

Tugtar cúig threoir ar leith le chéile sa reachtaíocht seo agus leagtar síos inti caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta lena gcosnaítear daoine ar na contúirtí a d’fhéadfadh eascairt as nochtadh do radaíocht ianúcháin.

ACHT

Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta chun cosaint ar na contúirtí a eascraíonn as nochtadh do radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom.

ACHOIMRE

De ghnáth, bíonn dáileoga radaíocht ianúcháin chomh híseal sin nach mbaineann éifeachtaí díobhálacha leo in aon chor. Féachtar éifeachtaí díobhálacha áirithe, ailse ach go háirithe, ag dáta níos déanaí. Chun an chontúirt a íoslaghdú, cuirtear caighdeáin nua sábháilteachta i bhfeidhm faoi threoir an Aontais Eorpaigh (AE), treoir a glacadh léi i mí na Nollag 2013.

Tá na caighdeáin seo bunaithe ar beagnach fiche bliain de thaighde idirnáisiúnta ar radachosaint ag na comhlachtaí seo a leanas: an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta don Fhuinneamh Adamhach, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile. Is céim ar aghaidh thábhachtach iad maidir leis an radachosaint i raon leathan réimsí: leighis, tionsclaíoch, giniúint cumhachta agus bainistíocht dramhaíola.

An cuspóir

Ceapadh an reachtaíocht chun sláinte na n-oibrithe, an phobail i gcoitinne, na n-othar agus daoine eile a chosaint trí leibhéal cobhsaí tairsí maidir le cosaint a ráthú. Baineann sé seo le nochtadh beartaithe, le nochtadh atá ann cheana féin, le nochtadh timpisteach nó le nochtadh éigeandála a d’fhéadfadh teacht chun cinn. Féadfaidh rialtais AE caighdeáin bhunúsacha níos airde a chur i bhfeidhm más mian leo.

Dáileoga uasta a fhoilsiú nó staideanna éigeandála

Déantar foráil sa treoir do dháileoga uasta radaíochta a fhoilsiú ionas gur féidir leis an phobal dearbháil an bhfuil níos mó ná an teorainn dhlíthiúil radaíochta faighte acu ó fhoinsí éagsúla. Déantar foráil inti chomh maith d’eolas a sholáthar i gcás éigeandála. Ní mór go soláthrófaí eolas maidir le sonraí agus réamhaisnéisí aimsire, gluaiseachtaí aeir agus fosuithe talún, rátaí comhthimpeallacha dáileoige agus leibhéil éillithe na mbianna riachtanach.

Bíonn ar na húdaráis náisiúnta gach uile dhuine i mbaol a bhfuil cónaí air nó uirthi laistigh de 50 ciliméadar ar fhad ó mhonarchan, agus a d’fhéadfaí cur isteach air nó uirthi, a chur ar an eolas faoi na bearta cosanta sláinte ar cheart glacadh leo i gcás éigeandála.

Diúscairt

Tá bearta sa treoir seo maidir leis an chaoi ar cheart ábhar radaighníomhach a dhiúscairt agus leis an chaoi ar cheart dramhaíl radaighníomhach a stóráil go sealadach nó go buan. Tá bearta inti chomh maith maidir le nochtadh oibrithe do radaíocht chosmach ó aerárthaí, ó spásárthaí agus ó bheith ag eitilt go minic.

Díolúine

Cumhdaítear radaíocht ianúcháin ó fhearas liachta faoi Threoir na bhFeistí Liachta (93/42/CEE) - ní chumhdaítear faoin treoir seo í.

Aisghairm

Aisghairfear Treoracha 89/618/Euratom, 90/641/Euratom, 96/29/Euratom, 97/43/Euratom agus 2003/122/Euratom le héifeacht ón 6.2.2018.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2013/59/Euratom

6.2.2014

6.2.2018

IO L 13, 17.1.2014, lch 1-73

Nuashonrú is déanaí: 11.08.2014