Lánpháirtiú na Romach sa réimse oideachais
ACHOIMRE
Iarrtar i moladh ón gComhairle ó 2013 glacadh le bearta i roinnt réimsí, an réimse oideachais san áireamh, chun lánpháirtiú na Romach, an mionlach eitneach is mó san Eoraip, a neartú. Tá ceart chun oideachais na bpáistí cumhdaithe in Airteagal 28 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine.
CAD É CUSPÓIR AN MHOLTA?
Léirítear sa mholadh gealltanas láidir comhroinnte polaitiúil na dtíortha AE uile chun iarracht bhreise a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas:
-
eisiamh sóisialta agus idirdhealú a chomhrac, agus
-
forbairtí cearta a bhaint amach maidir le lánpháirtiú na Romach a chur chun cinn sna réimsí seo a leanas: oideachas, fostaíocht, sláinte agus tithíocht.
PRÍOMHPHOINTÍ
Maidir le rochtain ar oideachas, iarrtar sa mholadh ar na tíortha AE bearta a ghlacadh chun a chinntiú:
-
1.
Go gcaithfear go comhionann le buachaillí agus le cailíní Romaigh agus go mbeidh rochtain iomlán acu ar ghnáthoideachas ardchaighdeáin;
-
2.
Go gcríochnóidh páistí Romaigh an t-oideachas éigeantach ar a laghad.
Ag cuimhneamh ar na spriocanna sin, ba cheart do na tíortha AE iarracht a dhéanamh a chinntiú:
-
nach dtarlóidh deighilt sna scoileanna agus nach gcuirfear páistí Romaigh isteach i scoileanna riachtanas speisialta,
-
go laghdófar luathfhágáil na scoile ag gach leibhéal oideachais (leibhéal meánscoile agus leibhéal gairmoideachais san áireamh) — iarrtar sa straitéis “Eoraip 2020”
líon na mac léinn a fhágann an scoil go luath a laghdú go dtí níos lú ná 10 % agus iarrtar inti freisin a chinntiú go mbeidh cáilíocht thríú leibhéal (e.g. ollscoile) nó cáilíocht chomhionann ag 40 % ar a laghad den ghlúin óg,
-
go gcuirfear le rochtain ar oideachas agus ar chúram luath-óige agus le caighdeán an oideachais agus an chúraim sin, tacaíocht spriocdhírithe san áireamh más gá,
-
go gcuirfear riachtanais na ndaltaí aonair san áireamh agus go rachfar i ngleic leis na riachtanais sin, i ndlúthchomhar le teaghlaigh na ndaltaí,
-
go mbainfear leas as modhanna múinteoireachta agus modhanna foghlama uilechuimsitheacha saincheaptha, lena n-áirítear tacaíocht do na foghlaimeoirí atá ag streachailt agus bearta chun neamhlitearthacht a chomhrac, agus go ndéanfar gníomhaíochtaí lasmuigh den scoil a chur chun cinn,
-
go ndéanfar tuismitheoirí a chur san áireamh sa phróiseas oideachais agus go ndéanfar oiliúint do mhúinteoirí a fheabhsú más gá,
-
go dtabharfar spreagadh do pháistí Romaigh páirt a ghlacadh san oideachas dara leibhéal agus tríú leibhéal agus an t-oideachas sin a chríochnú,
-
go ndéanfar rochtain ar oideachas athdheise agus ar fhoghlaim aosach a chur chun cinn, agus go gcuirfear tacaíocht ar fáil:
-
chun dul ó leibhéal oideachais amháin go dtí leibhéal oideachais eile,
-
chun go bhfoghlaimeoidh na Romaigh na scileanna atá uathu chun riachtanais mhargadh an tsaothair a chomhlíonadh.
Faireachán agus measúnú
-
Ní mór do na tíortha AE faireachán agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbeart lena nglacann siad, i dtéarmaí a straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach agus laistigh dá mbeartais ghinearálta maidir le cuimsiú sóisialta.
-
Is féidir é sin a dhéanamh trí spriocanna a leagadh amach nó trí shonraí cáilíochtúla nó cainníochtúla a bhailiú faoi na tionchair shóisialta agus eacnamaíocha a bhaineann leis na bearta lena nglactar leo.
-
Tá clár ilbhliantúil maidir le Romaigh (2012–20) curtha le chéile ag an nGníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha. Déanann an ghníomhaireacht tuarascálacha a ullmhú go rialta maidir leis an dul chun cinn a dhéantar agus tugann sí comhairle fhianaise-bhunaithe do na hinstitiúidí agus tíortha AE, bunaithe ar na sonraí a bhailítear ó gach cearn den Eoraip.
Tuairisciú agus obair leantach
Ní mór do na tíortha AE na bearta a nglactar leo i gcomhréir leis an moladh a chur in iúl don Choimisiún Eorpach faoin 1 Eanáir 2016; caithfidh siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil go bliantúil i ndiaidh an dáta sin.
Cinntíonn an Coimisiún ansin go n-úsáidfear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil mar bhunús don tuarascáil bhliantúil aige, tuarascáil faoi chur i bhfeidhm na straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach.
Úsáidtear na torthaí freisin i bpróiseas an tSeimeastair Eorpaigh maidir le comhordú an bheartais eacnamaíoch. Mar chuid den Seimeastar Eorpach, thosaigh an Chomhairle ag eisiúint moltaí sa bhliain 2012 do chúig thír a bhfuil pobail mhóra Romaigh acu (an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ungáir, an Rómáin agus an tSlóvaic), moltaí a bhaineann go sonrach le tíortha áirithe.
CÚLRA
GNÍOMH
Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um lánpháirtiú na Romach sna Ballstáit (IO C 378, 24.12.2013, lgh. 1-7)
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach suas go dtí 2020 (COM(2011) 173 final an 5 Aibreán 2011)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Chreata AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach 2015 (COM(2015) 299 final an 17 Meitheamh 2015)
Nuashonraithe 15.10.2015