Daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha nach tíortha d'AE iad (2014-20)

Cuirtear ar bun faoin rialachán seo ionstraim maoinithe chun an daonlathas agus chun cearta an duine ar fud an domhain a chur chun cinn agus a thacú, agus cúnamh á sholáthar ar neamhchead do thoiliú rialtas na dtíortha lena mbaineann.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 235/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim maoinithe don daonlathas agus do chearta an duine ar fud an domhain.

ACHOIMRE

Tá sé mar phríomhchuspóir ag an Ionstraim Eorpach i gcomhair Daonlathais agus Cearta an Duine (EIDHR) cúnamh a sholáthar maidir le forbairt agus le comhdhlúthú daonlathais i dtíortha nach tíortha d'AE iad agus maidir le meas ar chearta an duine.

Ceapadh an ionstraim seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) chun meáin eile AE a chomhlánú, meáin a chuireann an daonlathas agus cearta an duine chun cinn (amhail idirphlé polaitiúil nó ionstraimí éagsúla um chomhar airgeadais agus teicniúil).

TACAÍOCHT CHUN CEARTA AN DUINE AR FUD AN DOMHAIN A CHOSAINT

Tacóidh an EIDHR inter alia:

CUR CHUIGE SOLÚBTHA CHUN FREAGAIRT DO STAIDEANNA DAINSÉARACHA

Díreofar níos mó faoin EIDHR ar na staideanna éigeandála ina mbíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha is mó i mbaol. Beidh freagairt níos solúbtha agus níos tráthúla i gceist, a bheidh bunaithe ar mheicníochtaí maoinithe ar leith, amhail deontais dhíreacha i gcásanna nach féidir gairmeacha tograí a dhéanamh mar gheall ar atmaisféar dheacair polaitíochta, mar shampla an seans go gcuirfear imeagla ar dhuine nó go n-imreofar díoltas ar dhuine.

Ní mór go n-áiritheodh AE chomh maith go mbainfí an úsáid is éifeachtaí as na hacmhainní atá ar fáil chun an tionchar a bhíonn aige go háitiúil a bharrfheabhsú.

PRÍOMHRÓL NA SOCHAÍ SIBHIALTA

Cuirfidh an EIDHR ar chumas AE tacaíocht a sholáthar chun sochaithe sibhialta faoi bhláth a fhorbairt agus chun forbairt a dhéanamh ar a ról ar leith mar phríomhghníomhairí i ndáil le cearta an duine agus le daonlathas sna tíortha lena mbaineann.

BUISÉAD AGUS CUR I BHFEIDHM AN CHLÁIR

Is é buiséad an EIDHR don tréimhse 2014-20 ná EUR1.333 bhilliún . Formhór na rialacha agus na nósanna imeachta a bhaineann leis an chlár seo a chur i bhfeidhm, cuimsítear iad i Rialachán (AE) Uimh. 236/2014, ar rialachán cothrománach é a chuireann ar chomhréim agus a shimplíonn cur i bhfeidhm ionstraimí seachtracha AE.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 235/2014

1.1.2014

-

IO L 77, 15.3.2014, lch. 85-94

Nuashonrú is déanaí: 17.09.2014