Imeachtaí coiriúla — Toimhde na neamhchiontachta agus an ceart bheith i láthair ag an triail
ACHOIMRE AR:
Treoir (AE) 2016/343 — roinnt gnéithe maidir le toimhde na neamhchiontachta agus maidir leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúlaa neartú
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Féachtar inti leis an méid seo a leanas a ráthú:
-
toimhde na neamhchiontachta i leith duine ar bith a gcuireann na póilíní nó na húdaráis bhreithiúnacha coir ina leith nó duine ar bith a bhfuil amhras fúthu go ndearna sé coir;
-
an ceart ag duine cúisithe a bheith i láthair ag a dtriail choiriúil.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
-
Tá feidhm ag an treoir maidir le duine ar bith (duine nádúrtha) atá cúisithe nó atá faoi dhrochamhras in imeachtaí coiriúla.
-
Tá feidhm aici ag gach céim de na himeachtaí coiriúla, ón uair a bhfuil drochamhras faoi dhuine nó a gcuirtear ina leith go ndearna sé cion coiriúil go dtí an fíorasc deiridh.
Cearta
Leagtar amach sa treoir seo na cearta bunúsacha atá ag duine cúisithe nó ag duine atá faoi dhrochamhras in imeacht coiriúil:
-
neamhchiontach go dtí go gcruthófar é nó í bheith ciontach
-
Ní mór do thíortha AE céimeanna a ghlacadh chun a áirithiú nach dtagraíonn ráitis phoiblí (seachas iad sin a bhaineann le ciontacht) ó údaráis phoiblí agus ó chinntí breithiúnacha don duine mar dhuine atá ciontach
-
Ní mór do thíortha AE céimeanna a ghlacadh chomh maith lena áirithiú nach gcuirtear daoine cúisithe nó daoine a bhfuil amhras fúthu mar dhaoine atá ciontach sa chúirt nó go poiblí trí shrian a chur orthu go fisiciúil;
-
dualgas cruthúnais maidir leis an ionchúiseamh;
-
an ceart bheith i do thost agus gan tú féin a ionchoiriú;
-
an ceart bheith i láthair ag do thriail féin — féadfar triail a thionól in éagmais duine cúisithe nó duine atá faoi dhrochamhras nuair a chomhlíontar ceann de na coinníollacha seo
-
go gcuirfear an duine ar an eolas in am trátha faoin triail agus faoi na hiarmhairtí a bhaineann le neamhláithriú
-
go bhfuil dlíodóir, a cheap an duine é/í féin nó a cheap an Stát agus a bhfuil sainordú aige/aici, ina ionadaí don duine.
Leigheasanna
-
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go bhfuil leigheasanna éifeachtacha i bhfeidhm i leith sáruithe ar na cearta seo.
-
I gcás go sáraítear an ceart bheith i do thost nó an ceart gan tú féin a ionchoiriú, ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcuirtear cearta na cosanta agus cothroime na n-imeachtaí san áireamh agus na ráitis i gceist á measúnú.
-
I gcás nach raibh duine cúisithe nó duine atá faoi drochamhras i láthair ag a dtriail agus nár comhlíonadh na coinníollacha thuasluaite, tá an ceart acu chun triail nua a fháil nó leigheas dlíthiúil eile a fháil a cheadaíonn tuillteanais an cháis a chinneadh as an nua (lena n-áirítear fianaise nua a chur i láthair).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm aici ón 31 Márta 2016. Ní mór do thíortha AE í a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 1 Aibreán 2018.
CÚLRA
PRÍOMHDOICIMÉAD
Treoir (AE) 2016/343 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le roinnt gnéithe a bhaineann le toimhde na neamhchiontachta agus leis an gceart bheith i láthair ag an triail in imeachtaí coiriúla (IO L 65, 11.3.2016, lgh. 1-11)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2010/64/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus chun aistriúcháin in imeachtaí coiriúla (IO L 280, 26.10.2010, lgh. 1-7)
Treoir 2012/13/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla (IO L 142, 1.6.2012, lgh. 1-10)
Treoir 2013/48/EU ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an gceart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí Barántais Gabhála Eorpaigh agus maidir leis an gceart tríú páirtí a chur ar an eolas ar chailleadh saoirse agus cumarsáid a dhéanamh le tríú daoine agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear saoirse (IO L 294, 6.11.2013, lgh. 1-12)
Treoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le coimircí nós imeachta i gcomhair leanaí ar daoine cúisithe nó daoine atá faoi dhrochamhras iad (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 1-20)
Treoir (AE) 2016/1919 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le cúnamh dlí do dhaoine atá faoi dhrochamhras agus do dhaoine cúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí Barántais Gabhála Eorpaigh (IO L 297, 4.11.2016, lgh. 1-8)
Nuashonraithe 14.02.2017