Faisnéis do thomhaltóirí, an ceart chun tarraingt siar agus cearta eile tomhaltóirí
ACHOIMRE AR:
Treoir 2011/83/AE maidir le cearta tomhaltóirí
Treoir (AE) 2019/2161 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí
CAD IS AIDHM LEIS NA TREORACHA?
Tá sé d’aidhm ag Treoir 2011/83/AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
- cosaint tomhaltóirí a mhéadú trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar roinnt gnéithe éagsúla den reachtaíocht náisiúnta maidir le conarthaí idir tomhaltóirí agus trádálaithe;
- trádáil a spreagadh idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE), go háirithe do thomhaltóirí a cheannaíonn ar líne.
Gabhann an treoir in ionad na treorach (97/7/CE) um chiandíola agus na treorach um dhíol ó dhoras go doras (85/577/CEE) í.
Treoir (AE) 2019/2161 i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí leasaítear léi Treoir 2011/83/AE. Leis na leasuithe, méadaítear an chosaint atá ag tomhaltóirí an Aontais Eorpaigh i roinnt réimsí amhail ceannacháin trí mhargaí ar líne*, trédhearcacht pearsanú praghais* agus aicmiú tairiscintí ar líne agus cearta tomhaltóirí agus seirbhísí ar líne “saor in aisce” á n-úsáid.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
- Le roinnt eisceachtaí amhail cúram sláinte, seirbhísí sóisialta agus seirbhísí airgeadais (e.g. creidmheas tomhaltóirí agus árachas), cumhdaítear le Treoir 2011/83/AE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161, raon leathan conarthaí arna dtabhairt i gcrích idir trádálaithe agus tomhaltóirí, eadhon conarthaí díolacháin*, conradh seirbhíse*, conarthaí le haghaidh inneachar digiteach ar líne agus conarthaí le haghaidh soláthar uisce, gáis, leictreachais agus téimh cheantair. Tá feidhm aige maidir le conarthaí a dhéantar i siopaí agus conarthaí seacháitribh (e.g. ag baile an tomhaltóra) nó go cianda (e.g. ar líne).
- Treoir Leasaitheach (AE) 2019/2161 síntear léi raon feidhme Threoir 2011/83/AE chun conarthaí a chlúdach faoina soláthraíonn an trádálaí seirbhís dhigiteach* nó inneachar digiteach* don tomhaltóir nó faoina ngeallann sé nó sí iad a sholáthar don tomhaltóir, agus faoina soláthraíonn an tomhaltóir sonraí pearsanta*. Leagtar síos leis freisin oibleagáidí breise faisnéise do sholáthraithe margaí ar líne maidir leis na conarthaí a thugann tomhaltóirí i gcrích le soláthróirí éagsúla sa mhargadh ar líne.
Oibleagáidí maidir le faisnéis
- Sula ndeimhnítear conradh, caithfidh trádálaithe faisnéis, i dteanga shoiléir intuigthe, a chur ar fáil do thomhaltóirí amhail:
- a n-aitheantas agus sonraí teagmhála;
- príomhthréithe an táirge; agus
- na coinníollacha atá i bhfeidhm, lena n-áirítear téarmaí íocaíochta, am seachadta, agus comhlíonadh agus fad an chonartha agus coinníollacha foirceanta.
- I siopaí, ní mór faisnéis nach bhfuil soiléir cheana a chur ar fáil.
- Tá ceanglais maidir le faisnéis, go háirithe maidir leis an gceart tarraingt siar, níos mionsonraithe i gcás conarthaí a thugtar i gcrích go cianda (amhail ar líne, ar an teileafón nó trí ordú poist) agus i gcás conarthaí seacháitribh a thugtar i gcrích (e.g. i gcás ina dtugann trádálaí cuairt ar theach an tomhaltóra).
- Le Treoir Leasaitheach (AE) 2019/2161 cuirtear ceanglais shonracha maidir le faisnéis leis an treoir i ndáil le conarthaí a dhéantar ar mhargaí ar líne. Ní mór do mhargaí ar líne:
- tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi sholáthraithe tríú páirtí atá ina dtrádálaithe nó ina neamhtrádálaithe (i.e. tomhaltóir eile);
- rabhadh a thabhairt don tomhaltóir nach bhfuil feidhm ag rialacha cosanta tomhaltóirí an Aontais maidir le conarthaí a thugtar i gcrích le daoine nach trádálaithe iad; agus
- míniú cé atá freagrach as comhlíonadh an chonartha: An trádálaí tríú páirtí nó an margadh féin ar líne.
- Ina theannta sin, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/2161, ceanglaítear ar thrádálaithe tomhaltóirí a chur ar an eolas nuair a dhéantar an praghas atá á thairiscint a phearsantú bunaithe ar chinnteoireacht uathoibrithe.
Ceart chun tarraingt siar
- Féadfaidh tomhaltóirí tarraingt siar as cianchonarthaí agus as conarthaí seacháitribh laistigh de 14 lá ó sheachadadh na n-earraí* nó ó chur i gcrích an chonartha seirbhíse, faoi réir eisceachtaí áirithe, gan aon mhíniú nó aon chostas. Is leor gnáthfhoirm aistarraingthe curtha ar fáil ag an díoltóir. Mura gcuirtear a gcuid ceart in iúl do thomhaltóirí, sínfear an tréimhse tarraingthe siar ar feadh 12 mhí.
- Tá díolúintí i bhfeidhm i roinnt cúinsí, mar shampla, le haghaidh earraí meatacha, earraí séalaithe a osclaíonn an tomhaltóir agus nach féidir iad a thabhairt ar ais ar chúiseanna sláinte nó sláinteachais, agus le haghaidh áirithintí óstáin nó le gluaisteáin a fhaightear ar cíos do dhátaí ar leith. Tá díolúintí i bhfeidhm chomh maith, faoi chúinsí áirithe, le haghaidh conarthaí maidir le hinneachar digiteach a sholáthar, nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe má tá tús curtha leis an bhfeidhmíocht.
- I gcás ina dtarraingíonn tomhaltóirí siar as conradh, ní mór dóibh staonadh ó úsáid a bhaint as an inneachar digiteach nó an tseirbhís dhigiteach agus ón inneachar nó ón tseirbhís sin a chur ar fáil do thríú páirtithe.
Costais íocaíochta nó costais bhreise ar bith gan údar
- Níor cheart do thrádálaithe táillí a ghearradh ar thomhaltóirí as modh íocaíochta a úsáid atá níos airde ná an costas a íocann an trádálaí as na modhanna sin a úsáid. I mórán cásanna, tá toirmeasc iomlán ar tháillí den sórt sin a ghearradh i gcomhréir leis an treoir maidir le seirbhísí íocaíochta (Treoir (AE) 2015/2366 – féach an achoimre).
- I gcás go nglaofaí tomhaltóir ar thrádálaí chun fiosrúchán nó gearán a dhéanamh, ní mór nach n-íocfaidh sé nó sí níos mó ná an bunráta teileafóin.
- Ní mór toiliú sainráite an tomhaltóra a bheith ag an trádálaí nuair a thairgtear seirbhisí íochta breise. Ní féidir boscaí réamh-thicithe ar fhoirm ordaithe a úsáid le haghaidh íocaíochtaí mar seo.
Pionóis
- Le Treoir 2011/83/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a thabhairt isteach a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar rialacha náisiúnta lenar trasuíodh an treoir.
- Le Treoir Leasaitheach (AE) 2019/2161 tugtar isteach liosta critéar atá le cur i bhfeidhm agus na pionóis á bhforchur. Ceanglaítear leis freisin ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht fíneálacha a fhorchur suas le 4% ar a laghad de láimhdeachas bliantúil an trádálaí, nó €2 milliún i gcás nach bhfuil faisnéis faoi láimhdeachas an trádálaí ar fáil. Ní mór fíneálacha den sórt sin a bheith ar fáil nuair a ghníomhaíonn údaráis na mBallstát le chéile maidir le sáruithe móra trasteorann a dhéanann difear do thomhaltóirí i roinnt Ballstát i gcomhthéacs an Rialacháin maidir le comhar i ndáil le cosaint tomhaltóirí (Rialachán (AE) 2017/2394 – féach achoimre).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREORACHA?
Tá feidhm ag Treoir 2011/83/AE maidir le conarthaí a dhéanfar tar éis an 13 Meitheamh 2014.
Ní mór dlí a dhéanamh de Threoir Leasaitheach (AE) 2019/2161 sna Ballstáit faoin 28 Samhain 2021 agus beidh feidhm léi ón 28 Bealtaine 2022.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Margadh ar líne. Seirbhís a úsáideann bogearraí, lena n–áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar ceann trádálaí trínar féidir le tomhaltóirí cianchonarthaí a dhéanamh le trádálaithe eile nó le tomhaltóirí.
Pearsanú praghais. I gcás ina socraíonn trádálaí praghsanna éagsúla do thomhaltóirí aonair nó do ghrúpaí tomhaltóirí ar bhonn anailís uathoibrithe ar roghanna na dtomhaltóirí sin agus ar thoilteanas na dtomhaltóirí sin iad a íoc.
Conradh díolacháin. Cconradh ar bith faoina ndéanann an trádálaí úinéireacht na n-earraí a aistriú nó trína ngeallann siad úinéireacht na n-earraí a aistriú chuig an tomhaltóir, lena n-áirítear conradh ar bith a bhfuil earraí agus seirbhísí araon mar chuspóir leis.
Conradh seirbhíse. Aon chonradh seachas conradh díolacháin ar faoina sholáthraíonn an trádálaí seirbhís nó a bhfuil sé i gceist aige seirbhís a sholáthar lena n-áirítear seirbhís dhigiteach, don tomhaltóir.
Seirbhís dhigiteach. Is í sin:
- seirbhís trínar féidir le tomhaltóirí sonraí a chruthú, a phróiseáil, a stóráil nó a rochtain i bhfoirm dhigiteach; nó
- seirbhís trínar féidir sonraí a chomhroinnt agus trínar féidir idirghníomhú ar bith eile leo ar bhealach eile i bhfoirm dhigiteach a uaslódálann nó a chruthaíonn an tomhaltóir nó úsáideoirí eile na seirbhíse sin.
Inneachar digiteach. Sonraí a chruthaítear agus sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach.
Sonraí pearsanta. Faisnéis ar bith a bhaineann le duine aonair aitheanta nó inaitheanta.
Earraí. Is iad sin:
- míreanna sochorraithe fisiceacha ar bith, lena n–áirítear uisce, gás agus leictreachas nuair a dhíoltar iad i méid teoranta nó i gcainníocht shocraithe;
- aon mhíreanna sochorraithe fisiceacha lena n-ionchorpraítear ábhar digiteach nó seirbhís dhigiteach nó atá idirnasctha leo ar bhealach a chuirfeadh easpa an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse digití sin cosc ar na hearraí a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh (earraí ag a bhfuil eilimintí digiteacha).
PRÍOMHDHOICIMÉID
Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 64-88).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2011/83/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 98/6/CE, Treoir 2005/29/CE agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lgh. 7-28).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Fógra ón gCoimisiún – Treoir maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm Threoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta tomhaltóirí (IO C 525, 29.12.2021, lgh. 1-85).
Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n–aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lgh. 28-50).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar (IO L 136, 22.5.2019, lgh. 1-27).
Féach an leagan comhdhlúite.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Margadh Nua do Thomhaltóirí (COM(2018) 183 críochnaitheach, 11.4.2018).
Rialachán (AE) Uimh. 2017/2394 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le comhar idir na húdaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 345, 27.12.2017, lgh. 1-26).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir (AE)2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (athmhúnlú) (IO L 26,2.2.2016, lgh. 19-59).
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lgh. 1-33).
Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa do thomhaltóirí agus lena n–aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008,, lgh. 66–92).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 03.02.2022