Tomhaltóirí Eorpacha a chumhachtú agus a muinín a threisiú

Tá muinín na dtomhaltóirí ina chomhpháirt ríthábhachtach de gheilleagar Eorpach láidir agus iomaíoch.

ACHT

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún: Clár Oibre Eorpach um Thomhaltóirí - Muinín agus fás a threisiú (COM(2012) 225 final an 22 Bealtaine 2012).

ACHOIMRE

In 2012, d’eisigh an Coimisiún Cumarsáid lenar glacadh clár oibre Eorpach um thomhaltóirí chun muinín agus fás a threisiú trí thomhaltóirí a chur ag croílár an mhargaidh aonair.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir le beartas tomhaltóirí idir Eanáir 2012 agus Nollaig 2013 ina ndearnadh measúnú ar na tionscnaimh a rinneadh ó bhí 2012 ann chun an muinín sin a mhéadú, go háirithe i ré ina bhfuil siopadóireacht ar líne agus trasteorann ag méadú.

CAD A DHÉANANN AN CHUMARSÁID?

In 2012, leag an Coimisiún a fhís straitéiseach amach maidir le beartas tomhaltóirí AE sna blianta le teacht. Sainaithníodh 61 bheart ann chun muinín na dtomhaltóirí a chinntiú agus a neartú i saol tráchtála atá ag athrú go gasta. Díríodh sna bearta ar shábháilteacht tomhaltóirí, rochtain ar fhaisnéis, sásamh agus forfheidhmiú, agus a chinntiú go gcoinnítear cearta tomhaltóirí suas le hathruithe teicneolaíocha atá ag athrú go gasta.

CAD ATÁ BAINTE AMACH?

Baineadh de thátal i dtuarascáil a d’eisigh an Coimisiún in 2013 gur cuireadh 50 ceann de na bearta a sainaithníodh sa Chlár Oibre Eorpach um Thomhaltóirí i gcrích faoi mhí na Nollag 2013. Tá an 11 bheart eile faoi shiúl.

Taifeadadh i dtuarascáil 2014:

CÚLRA

Is ionann caiteachas tomhaltóirí agus díreach os cionn 50 % d’olltáirgeacht intíre AE. Tugann sé sin tionchar comhchoiteann ollmhór do dhaoine aonair ar shláinte gheilleagar na hEorpa. Is piléar bunúsach i bhfás mhargadh aonair AE é a muinín agus a iontaoibh a chinntiú.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht um Cheartas agus Tomhaltóirí an Choimisiúin Eorpaigh.

ACHTANNA GAOLMHARA

Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin: Tuarascáil maidir le Beartas Tomhaltóirí (Iúil 2010 - Nollaig 2011) Ag gabháil leis an doiciméad an Chumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún - Clár oibre Eorpach um thomhaltóirí - Muinín agus fás a threisiú (SWD/2012/132 final, 22.5.2012)

Tuarascáil an Choimisiúin Eorpaighmaidir le Beartas Tomhaltóirí Eanáir 2012-Nollaig 2013.

Nuashonraithe 05.01.2015