Riail de minimis — méideanna beaga Státchabhrach a dhíolmhú ó fhógra a thabhairt ina leith

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 maidir le cabhair de minimis

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Rialaítear leis méideanna beaga Státchabhrach (cabhair de minimis) atá díolmhaithe ó rialú Státchabhrach toisc go meastar nach bhfuil aon tionchar acu ar an iomaíocht ná ar an trádáil i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh (AE).

Tagraíonn cabhair de minimis go deimhin do mhéideanna beaga Státchabhrach do ghnóthais (cuideachtaí) nach gcaithfidh Ballstáit AE fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach ina leith. Is é EUR 200 000 an uasteorainn in aghaidh an ghnóthais thar thréimhse 3 bliana.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is ionann maoiniú Stáit, lena gcomhlíontar na critéir in Airteagal 107(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus Státchabhair agus ní mór fógra a thabhairt ina leith don Choimisiún de bhua Airteagal 108(3) CFAE. Féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh, áfach, a chinneadh go bhfuil catagóirí Státchabhrach díolmhaithe ón gceanglas sin um fhógra a thabhairt agus féadfaidh an Coimisiún rialacháin a ghlacadh a bhaineann leis na catagóirí Státchabhrach sin. D’fhéadfadh cabhair de minimis a bheith mar cheann de na catagóirí sin agus dá réir sin bheadh sí díolmhaithe ón nós imeachta um fhógra a thabhairt.

Sa bhliain 2006, ghlac an Coimisiún rialachán de minimis (Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006) a bhí bailí le haghaidh 2007–2013. Méadaíodh faoi dhó leis an uasteorainn do mhéideanna cabhrach atá díolmhaithe ó EUR 100,000 go EUR 200,000 in aghaidh na cuideachta thar thréimhse 3 bliana. Tugadh cuntas leis an méadú sin ar fhorás an bhoilscithe agus na holltáirgeachta intíre in AE suas go dtí 2006, agus ar an dóigh a bhféadfadh athrú teacht ar na tosca sin sa tréimhse 2007–2013 freisin. Bhí fíorbhoilsciú na bliana 2006 i bhfad níos ísle ná mar a bhíothas ag súil leis de dheasca na géarchéime airgeadais. Ar na forais sin, níorbh éigean an uasteorainn a mhéadú arís eile.

Le Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1998/2006 agus a thagann in ionad an rialacháin sin, déantar an chaoi a gcaitear le bearta um Státchabhair bheag a shimpliú tuilleadh. Go sonrach, ní eisiaitear cuideachtaí atá i gcruachás airgeadais ó raon feidhme an rialacháin a thuilleadh agus mar sin beidh siad in ann cabhair de minimis a fháil.

Ina theannta sin, in Airteagal 2.2, déantar an sainmhíniú ar cad is “gnóthas” ann a shimpliú agus a shoiléiriú.

Thairis sin, i measc rialacha eile in Airteagal 4, féadfaidh iasachtaí fóirdheontais ar luach suas le EUR 1 mhilliún tairbhe a bhaint as an rialachán de minimis chomh maith má chomhlíontar coinníollacha áirithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2023.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2013 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ar chabhair de minimis (IO L 352, 24.12.2013, lgh. 1–8).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1407/2013 ón gCoimisiún a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 23.09.2021