Gairmoiliúint

Is féidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint foghlaimeoirí a ullmhú le scileanna praiticiúla le haghaidh na bpost agus na dtras-inniúlachtaí faoi leith is gá le haghaidh forbairt phearsanta agus mhargadh an tsaothair araon.

Le hAirteagal 14 de Chairt AE um Chearta Bunúsacha tugtar an ceart d’oideachas do gach duine agus do rochtain a bheith acu ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach.

Aithnítear le hAirteagal 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go bhfuil tíortha AE freagrach as ábhar agus as eagrú an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna náisiúnta agus gurb é ról AE a gcuid gníomhaíochtaí a chomhlánú. Dá réir sin, féachtar i mbeartas AE, , le dul i ngleic le dúshláin choitianta cosúil le haosú, le heasnaimh scileanna agus le hiomaíochas domhanda, agus é mar sprioc infhostaitheacht agus scileanna a fheabhsú.

Faoi mar a threisítear sa mholadh ón gComhairle an 24 Samhain 2020, tá ról ríthábhachtach ag an ngairmoideachas agus ag an ngairmoiliúint maidir le cur le hiomaíochas inbhuanaithe, le cothroime shóisialta agus le hathléimneacht chun daoine óga a ullmhú chun dul isteach sa saol oibre agus le haghaidh riachtanais uasoiliúna agus athoiliúna an daonra in aois oibre, mar aon le gach duine a chumasú leis an eolas, na scileanna agus na dearcthaí ionas go n-éireoidh go maith leo ina bhforbairt ghairmiúil, shóisialta agus phearsanta.

Tá sé mar aidhm ag clár Erasmus le haghaidh 2021-2027, atá á bhainistiú ag an gCoimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, agus gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+, caighdeán an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a fheabhsú ar fud an Aontais Eorpaigh agus tairgtear leis deiseanna le haghaidh socrúchán agus forbairt ghairmiúil thar lear. Spreagtar leis chomh maith comhpháirtíochtaí idir eagraíochtaí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna agus gnólachtaí agus páirtithe leasmhara eile.

I measc chomhlachtaí AE eile atá gníomhach sa réimse oiliúna tá siad seo a leanas:

FÉACH FREISIN