Tá feidhm ag an treoir maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe is infheidhme maidir le hiompar muirí le haghaidh long ag teacht isteach i gcalafoirt thíortha AE agus ag imeacht ó chalafoirt thíortha AE.
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go n–iarrfar na foirmiúlachtaí tuairiscithe ag a gcalafoirt ar bhealach comhchuibhithe agus comhordaithe. Ní mór don mháistir, nó do dhuine ar bith eile a bheidh údaraithe go cuí ag oibreoir na loinge, fógra a thabhairt don údarás náisiúnta inniúil, sula dtiocfaidh sé nó sí isteach i gcalafort AE, faoin bhfaisnéis a theastaíonn faoi na foirmiúlachtaí tuairiscithe.
Maidir le tíortha AE:
Tá longa a thagann faoi raon feidhme Threoir 2002/59/CE (féach an achoimre) agus a oibríonn idir calafoirt atá suite i gcríoch chustaim AE, gan teacht ó chalafort lasmuigh de AE, gan stopadh ag calafort lasmuigh de AE nó gan dul i treo calafoirt lasmuigh de AE, díolmhaithe ón oibleagáid an fhaisnéis a sholáthar.
Aisghairfear Treoir 2010/65/AE le Rialachán (AE) 2019/1239 maidir le timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí ón i leith. Bunaítear leis an rialachán úr creat maidir le timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí (EMSWe) atá neodrach ón taobh teicniúil agus idir-inoibritheach ina bhfuil comhéadain chomhchuibhithe chun tarchur leictreonach faisnéise a éascú i ndáil le hoibleagáidí um thuairisciú le haghaidh long a bheidh ag teacht isteach i gcalafoirt AE, a bheidh ag fanacht i gcalafoirt AE agus a bheidh ag imeacht ó chalafoirt AE.
Tá feidhm ag an treoir i dtíortha AE ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE ar an dáta céanna.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:
Treoir 2010/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le foirmiúlachtaí tuairiscithe le haghaidh long ag teacht isteach i gcalafoirt na mBallstát agus/nó ag imeacht ó chalafoirt na mBallstát agus lena n–aisghairtear Treoir 2002/6/CE (IO L 283, , lgh. 1-10)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2010/65/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí