Córais chliste iompair a úsáid san Eoraip

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/40/AE — rialacha maidir le córais chliste iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm le Treoir 2010/40/AE forbairt teicneolaíochtaí nuálacha iompair a spreagadh chun córais chliste iompair (CCInna)1 a chruthú. Déanfar é sin trí chaighdeáin agus sonraíochtaí coiteanna de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a thabhairt isteach. Tá sé mar aidhm leo sin seirbhísí idir–inoibritheacha2 agus éifeachtúla CCI a bhunú agus ag an am céanna beidh Ballstáit aonair AE ábalta na córais a n–infheisteoidh siad iontu a chinneadh.

Le Treoir leasaitheach (AE) 2023/2661 athbhreithnítear agus nuashonraítear Treoir 2010/40/AE chun seirbhísí atá ag teacht chun cinn amhail soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe, feidhmchláir mhóibíleacha ar éileamh agus iompar ilmhódach a ghlacadh. Ba cheart go mbeadh soghluaisteacht níos cliste, níos sábháilte agus níos éifeachtúla mar thoradh ar leathnú raon feidhme na treorach bunaidh ar fud an Aontais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear réimse leathan seirbhísí faoi CCIanna

Tá feidhm ag an treoir seo maidir le feidhmchláir agus seirbhísí CCI in earnáil iompair de bhóthar an Aontais, agus ar an mbealach a ndéanann na feidhmchláir sin cumarsáid le modhanna iompair eile.

Réimsí tosaíochta agus gníomhaíochtaí tosaíochta

Sainaithnítear na réimsí tosaíochta seo a leanas i dTreoir leasaitheach (AE) 2023/2661 maidir le forbairt agus úsáid sonraíochtaí agus caighdeán:

Laistigh de na réimsí tosaíochta sin, tá sé ghníomh tosaíochta maidir le sonraíochtaí agus caighdeáin a fhorbairt agus a úsáid, arna leagan amach go mion in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir. Dírítear iontu sin ar:

  1. seirbhísí faisnéise uile–Aontais faoi thaisteal ilmhodach a sholáthar;
  2. seirbhísí faisnéise uile–Aontais faoi thaisteal fíor–ama a sholáthar;
  3. sonraí agus nósanna imeachta chun faisnéis íosta um thrácht uilíoch a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a sholáthar saor in aisce d’úsáideoirí, nuair is féidir;
  4. soláthar comhchuibhithe le haghaidh seirbhís eCall éigeandála idir–inoibritheach ar fud Aontais;
  5. seirbhísí faisnéise a sholáthar maidir le háiteanna páirceála slána agus sábháilte do thrucailí agus d’fheithiclí tráchtála;
  6. seirbhísí áirithinte a sholáthar maidir le páirceáil shlán agus shábháilte do thrucailí agus d’fheithiclí tráchtála;

Clár oibre

Trí bhíthin ghníomh cur chun feidhme, glacann an Coimisiún Eorpach clár oibre a shínfear gach cúig bliana. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C/2024/6798, glactar an clár oibre is déanaí do 2024-2028.

Glacadh an clár i ndiaidh dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhairleach CCI Eorpach agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha, agus áirítear leis an méid seo a leanas ar a laghad:

Sonraíochtaí a chur i bhfeidhm ar úsáid CCI:

Ní mór do na Ballstáit:

Sonraíochtaí

Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, tá sonraíochtaí glactha ag an gCoimisiún le haghaidh:

Leis na sonraíochtaí atá le glacadh ag an gCoimisiún ina gcumhdaítear seirbhísí CCI an Aontais arna soláthraítear trí chórais chliste iompair (CCI), tabharfar aghaidh ar an gcóras bainistíochta dintiúr slándála agus leagfar síos leis dualgais na ról seo a leanas:

Beidh an Coimisiún freagrach as a áirithiú go gcuirfear dualgais na ról sin i gcrích.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean Treoir 2010/40/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin .

B’éigean Treoir leasaitheach (AE) 2023/2661 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Córais chliste iompair (C–CCI). Córais ina gcuirtear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i bhfeidhm i réimse an iompair de bhóthar, lena n–áirítear i mbonneagar, feithiclí agus úsáideoirí, i mbainistíocht tráchta agus soghluaisteachta agus le haghaidh comhéadan le modhanna iompair eile.
  2. Idir–inoibritheacht. I gcás inar féidir leis na córais agus na próisis ghnó bhunúsacha sonraí a mhalartú agus faisnéis agus eolas a chomhroinnt, rud a éascaíonn leanúnachas na seirbhísí CCI.
  3. Córais chliste iompair chomhoibrithe. Córais chliste iompair lena gcuirtear ar chumas úsáideoirí CCI idirghníomhú agus comhoibriú trí theachtaireachtaí slána iontaofa a mhalartú, gan aon eolas a bheith acu roimh ré faoina chéile agus ar bhealach neamh–idirdhealaitheach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le creat chun córais chliste iompair a chur chun úsáide i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (IO L 207, , lgh. 1-13).).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2010/40/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

an nuashonrú is déanaí