Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta

Is éard is Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa ann ná cistí a oibríonn le chéile chun tacú le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus chun cuspóirí straitéis Eoraip 2020 de chuid an Aontais Eorpaigh a bhaint amach chun fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chruthú. Clúdaítear iontu infheistíochtaí idir 2014 agus 2020.

Tá cúig chiste i gceist:

Tá trí chiste ann a thagann faoi bheartas AE um chomhtháthú: an CFRE, an CSE agus an CC. Tá gach réigiún in AE incháilithe i leith cistiú CFRE agus CSE ach níl ach na réigiúin bheagfhorbartha incháilithe i leith tacaíocht CC. Cuirtear cistiú EUR 351.8 billiún ar fáil don tréimhse 2014 agus 2020 faoi bheartas comhtháthaithe AE.

Dírítear dhá chiste eile, an CETFT (faoin gcomhbheartas talmhaíochta, EUR 85 billiún) agus an CEMI (faoin gcomhbheartas iascaigh, EUR 6.5 billiún), go sonrach ar riachtanais na réigiún tuaithe agus na réigiún muirí faoi seach.

Fógraíodh i mí na Samhna 2014 go gcuirfear cistiú breise ar fáil i gcomhair an chaiteachais ar na cistí sin ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha.

Is é is cuspóir leis na cistí go léir thuas féachaint le cuspóir AE maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach, mar a leagtar síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

FÉACH FREISIN