Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?
Leagtar amach sa rialachán seo na rialacha a bhaineann le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) a chur ar bun agus a fheidhmiú.
Tugann BEREC comhairle d’institiúidí an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le margadh inmheánach níos fearr a fhorbairt le haghaidh líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí. Chomh maith leis sin, cruthaíonn BEREC naisc idir na húdaráis rialála náisiúnta (NRAnna) agus an Coimisiún Eorpach.
PRÍOMHPHOINTÍ
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí BEREC:
-
dea-chleachtais a fhorbairt agus a scaipeadh i measc NRAnna;
-
cuidiú le NRAnna sa réimse rialála;
-
tuairimí a thabhairt maidir le dréacht-chinntí, le moltaí agus le treoirlínte;
-
tuarascálacha a eisiúint agus comhairle a chur ar fáil maidir le hearnáil na cumarsáide leictreonaí.
Comhdhéanamh agus leagan amach:
-
Tá ionadaithe ó NRAnna a bunaíodh i ngach tír AE ar bhord na rialálaithe. Príomhfhreagracht an bhoird ná gach cinneadh a dhéanamh a bhaineann le BEREC a fheidhmiú agus le tascanna BEREC a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear:
-
tuairimí a fhoilsiú maidir le dréacht-bhearta NRAnna (mar shampla, nuair a shainmhínítear oibreoirí a bhfuil méid mór cumhachta mhargaidh acu);
-
comhairliúchán maidir le dréacht-mholtaí a bhaineann le margaí ábhartha táirge agus seirbhíse;
-
comhairliúchán maidir le dréacht-mholtaí a bhaineann le rochtain éifeachtach ar an uimhir éigeandála 112 agus le cur i bhfeidhm éifeachtach an raoin uimhrithe 116 (línte cabhrach);
-
faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar earnáil na cumarsáide leictreonaí agus tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú maidir leis na forbairtí.
-
Cuidíonn an oifig (Coiste Bainistíochta agus bainisteoir riaracháin) le BEREC. Tá baill de bhord na rialálaithe agus ionadaithe ón gCoimisiún ar an gcoiste. Déanann an coiste maoirseacht ar an mbainisteoir, atá ina cheannaire ar an oifig. Príomhthasc na hoifige ná seirbhísí tacaíochta gairmiúla agus riaracháin a chur ar fáil do BEREC.
-
Eagraítear obair BEREC i ngrúpaí oibre saineolaithe, a théann i ngleic le topaicí ar leith atá ar chlár oibre BEREC nó ar iarratas ó institiúidí AE.
Cistiúchán
Faigheann oifig BEREC maoiniú ón Aontas Eorpach agus ó ranníocaíochtaí deonacha ó thíortha AE nó ó NRAnna den chuid is mó.
Leagtar amach an buiséad ag an mbainisteoir riaracháin, buiséad arna dhréachtú ag an gCoiste Bainistíochta.
An obair a rinneadh le déanaí
Díreofar i straitéis BEREC 2015-2017 ar na trí phríomhthosaíocht atá againn:
-
iomaíochas agus infheistíocht a chur chun cinn;
-
an margadh inmheánach a chur chun cinn;
-
úsáideoirí deiridh a chumhachtú agus a chosaint.
Cuireann BEREC tuairimí in iúl agus déanann sé tuairimí a mhalartú leis an gCoimisiún Eorpach maidir le measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha reatha don mhargadh cumarsáide leictreonaí, margadh atá ina chuid de thionscnamh an Choimisiúin um an margadh aonair digiteach.
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?
Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 7 Eanáir 2010.
CÚLRA
Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC)
GNÍOMH
Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus an Oifig (IO L 337, 18.12.2009, lgh. 1-10)
Nuashonraithe 22.02.2016