Inrianaitheacht bia réamhphacáistithe
ACHOIMRE AR:
ACHOIMRE
CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?
— |
Déantar cinnte de sa treoir seo gur féidir le tomhaltóirí bunphointe bia réamhphacáistithe a rianú.
|
— |
Faoin treoir seo, ní mór bia a lipéadú sa chaoi gur féidir le tomhaltóirí an bhaisc óna dtagann sé a fheiceáil.
|
— |
Déantar cinnte de sa treoir gur féidir le húdaráis phoiblí um shláinte agus um shábháilteacht bunphointe agus aitheantas an bhia a aimsiú i gcás díospóide faoin mbia nó más guais sláinte é do thomhaltóirí.
|
— |
Leagtar amach sa treoir rialacha le haghaidh táirgeoirí, monaróirí, pacáisteoirí agus allmhaireoirí maidir le bia a lipéadú trí chomhchóras aitheantais baisce a úsáid.
|
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon
Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le bia réamhphacáistithe, ach amháin an bia seo a leanas:
— |
táirgí talmhaíochta:
|
— |
táirgí nach bhfuil réamhphacáistithe agus iad ar díol don tomhaltóir deiridh, a dhéantar a phacáistiú ar iarratas ceannaitheora nó a dhéantar a réamhphacáistiú lena ndíol ar an bpointe;
|
— |
pacáistíocht nó coimeádáin a bhfuil an taobh is mó níos lú ná 10cm2;
|
— |
uachtar reoite do dhaoine aonair a dhéantar a phacáistiú le chéile, nuair is gá aitheantas na baisce a thaispeáint ar an taobh amuigh den phacáiste iomlán.
|
Baisceanna a lipéadú
— |
Ní mór do gach baisc a bheith lipéadaithe ag an táirgeoir, monaróir nó pacáisteoir nó, má allmhairítear í, ag an gcéad díoltóir bunaithe in AE.
|
— |
Ní mór an litir “L” a chur roimh aitheantas na baisce ach amháin más féidir idirdhealú soiléir a dhéanamh idir an t-aitheantas sin agus an fhaisnéis eile ar an lipéad.
|
— |
Ní mór don fhaisnéis ar an lipéad a bheith infheicthe go héasca, inléite go soiléir agus doscriosta.
|
— |
Má thaispeántar an dáta éagtha ar an lipéad, ní gá an bhaisc a léiriú.
|
CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?
Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 5 Eanáir 2012.
EOCHAIRTHÉARMA
* Baisc: baisc d’aonaid díolacháin bia-ábhair, bia-ábhar a tháirgtear, a mhonaraítear nó a dhéantar a phacáistiú faoi na coinníollacha céanna.
GNÍOMH
Treoir 2011/91/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2013 maidir le tásca nó marcanna a úsáidtear chun an bhaisc lena mbaineann bia-ábhar a aithint (IO L 334, 16.12.2011, lgh. 1-5)
Nuashonraithe 23.11.2015