CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?
Bunaítear leis an gcomhaontú limistéar saorthrádála idir an tAontas Eorpach (AE) agus na Ballstáit, ar thaobh amháin, agus an Chóiré Theas, ar an taobh eile. Faoin gComhaontú Saorthrádála (FTA), tá sé d’aidhm ag na comhpháirtithe deireadh a chur de réir a chéile le dleachtanna agus cuótaí allmhairiúcháin ar allmhairí agus ar onnmhairí earraí tionsclaíocha agus ar tháirgí talmhaíochta agus iascaigh nó iad a laghdú.
Leis an gComhaontú Saorthrádála, tugtar isteach freisin léirscaoileadh forchéimnitheach na trádála i seirbhísí idir na comhpháirtithe agus éascaítear trádáil i roinnt réimsí eile.
Léiríonn na cinntí síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Saorthrádála leis an gCóiré Theas (Cinneadh 2011/265/AE) agus a thabhairt i gcrích (Cinneadh (AE) 2015/2169).
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuspóirí
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an chomhaontaithe Trádála:
réidh a fháil le dleachtanna le haghaidh onnmhaireoirí AE de tháirgí tionsclaíocha agus talmhaíochta;
feabhas a chur ar an rochtain ar an margadh do sholáthraithe seirbhíse AE;
deireadh a chur le bacainní neamhtharaife (i.e. bacainní seachas taraifí amhail cuótaí nó caighdeáin theicniúla), go háirithe sna hearnálacha leictreonaice, cógaisíochta agus gléasanna leighis;
feabhas a chur ar an rochtain ar an margadh do mhonaróirí carranna in AE;
soláthar rialtais a léirscaoileadh tuilleadh (i.e. a chinntiú nach féidir le soláthróirí AE agus na Cóiré Theas dul san iomaíocht ar théarmaí comhionanna i margaí ceannaigh rialtais a chéile);
córas tapa éifeachtach um réiteach díospóidí a bhunú.
Deireadh a chur le bearta taraife agus neamhtharaife
Comhaontaíonn an tAontas agus an Chóiré Theas deireadh a chur de réir a chéile leis na dleachtanna custaim a bhaineann lena dtrádáil in earraí (laistigh de 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saorthrádála). Tá feidhm ag an léirscaoileadh sin maidir le níos mó ná 98% d’earraí (liostaithe in Iarscríbhinn 2-A).
Tá idirthréimhsí níos faide i gceist (7 mbliana nó níos mó) maidir le deireadh a chur le dleachtanna le haghaidh táirgí íogair feirme nó iascaigh áirithe.
In imthosca áirithe, féadfaidh páirtí amháin bearta coimirce déthaobhacha a chur i bhfeidhm i gcás ina ndéanann méadú ar allmhairí damáiste tromchúiseach (e.g. cailliúint sciar den mhargadh nó praghsanna laghdaithe) don earnáil ábhartha ina gheilleagar féin, nó i gcás ina bhfuil an baol ann go ndéanfar damáiste tromchúiseach den sórt sin.
Maidir le bacainní teicniúla ar thrádáil, comhaontaíonn an tAontas agus an Chóiré Theas go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile maidir le caighdeáin agus rialacháin, agus tús a chur leis an bplé nuair is iomchuí.
Féadfar bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta a thabhairt isteach chun beatha nó sláinte an duine, ainmhithe nó plandaí a chosaint. Aontaíonn na páirtithe, áfach, iarmhairtí na mbeart sin ar fhorbairt trádála a íoslaghdú.
Sainítear sa chomhaontú na rialacha maidir leis an gceart bunaíochta chun rochtain a fháil ar mhargadh na seirbhísí, agus maidir leis an gceart cónaithe do ghairmithe.
Aithníonn na comhpháirtithe go gcuireann an ríomhthráchtáil leis an bhfás eacnamaíoch agus nach mór bacainní ar a húsáid agus ar a forbairt a sheachaint. Ní mór dá forbairt teacht go hiomlán le caighdeáin idirnáisiúnta um chosaint sonraí, áfach.
Comhaontaíonn na páirtithe a n-earnálacha seirbhísí airgeadais a oscailt dá chéile.
Soláthar rialtais
Comhaontaíonn an tAontas agus an Chóiré Theas rochtain a thabhairt dá chéile ar a margaí táirgí agus seirbhísí, i gcomhréir leis na rialacha maidir le hoscailteacht, trédhearcacht agus neamh-idirdhealú i gComhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais.
Leagtar síos na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí oibreacha poiblí in Iarscríbhinn 9 a ghabhann leis an gcomhaontú.
I gcás nach gcomhlíonfar an comhaontú saorthrádála tá sásra um réiteach díospóidí ann atá cosúil le sásra EDT. Baineann comhairliúchán agus eadráin le réiteach díospóidí CST, agus tá sásra idirghabhála ann.
Forbairt inbhuanaithe
Tá an tAontas agus an Chóiré Theas tiomanta do choinbhinsiúin agus caighdeáin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair, arna ndaingniú ag na páirtithe, a chur chun feidhme, mar aon leis na comhaontuithe iltaobhacha comhshaoil atá sínithe acu.
Comhaontaíonn na comhpháirtithe struchtúir institiúideacha a chur ar bun chun a ngealltanais chomhpháirteacha agus a sásraí comhair maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh orthu.
Tá an Comhaontú Saorthrádála á chur i bhfeidhm go sealadach ó mhí Iúil 2011 i leith agus tháinig sé i bhfeidhm go foirmiúil an .
CÚLRA
De réir staidéir in 2010, ba cheart go mbeifí ábalta trádáil dhéthaobhach a dhúbláil thar an gcéad 20 bliain amach romhainn i gcomparáid le cás nach bhfuil comhaontú i bhfeidhm.
Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 127, , lgh. 6–1343).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh 2011/265/AE ón gComhairle an maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 127, , lgh. 1–3).
Cinneadh (AE) 2015/2169 ón gComhairle an maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 307, , lgh. 2–4).
Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 235, , lch. 11).
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Tuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Saorthrádála idir AE agus an Chóiré (COM(2016) 268 final, ).
Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin — Cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 511/2011 — A ghabhann leis an doiciméad — Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Tuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas agus an Chóiré (SWD(2016) 162 final, ).
Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 307, , lch. 1).
Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Cóiré, den pháirt eile (IO L 168, , lch. 1).