Tá sé mar aidhm leis feabhas a chur ar bhainistiúmaoine intleachtúla agus aistriú eolais a dhéanann ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde phoiblí eile i dtíortha AE.
Sa mholadh seo, spreagann an Coimisiún Eorpach tíortha AE chun beartais nó treoirlínte a thabhairt isteach lena áirithiú go mbainfear úsáid tráchtála as torthaí taighde eolaíochta a mhaoinítear go poiblí nó go ndéanfar tuilleadh taighde leo, chun glacadh nuálaíochtaí a spreagadh.
Ba cheart d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí taighde phoiblí a maoin intleachtúil a bhainistiú chun aistriú eolais a éascú mar is ceart, go sonrach trí cheadúnais a dheonú agus trí seach-chuideachtaí a chruthú.
Chun feabhas a chur ar bhainistiú maoine intleachtúla agus eolas ag ollscoileanna Eorpacha agus eagraíochtaí taighde phoiblí, bunaítear leis an moladh seo líon prionsabal a n-iarrtar ar thíortha AE iad a dhéanamh agus a dtreoirlínte nó a rialacha á n-ullmhú.
I gcomhréir leis na prionsabail sin, molann an Coimisiún do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
Moltar sa Chód Cleachtais d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí taighde phoiblí prionsabail oibriúcháin d’eagraíochtaí taighde phoiblí agus d’ollscoileanna ar cheart dóibh úsáid a bhaint astu agus a mbeartais institiúideacha á sainiú nó á n-athbhreithniú acu. Ba cheart d’ollscoileanna, go háirithe, a spreagadh go ndéanfaí torthaí taighde a mhaoinítear go poiblí a úsáid agus a scaipeadh, ag cosaint na maoine intleachtúla ag an am céanna.
Tá an moladh seo ar cheann de na 5 thionscnamh straitéiseacha atá beartaithe ag an gCoimisiún in 2008 de thoradh ar a Pháipéar Uaine a bhfuil sé mar aidhm leis fíor-Limistéar Taighde Eorpach a chruthú. Tá sé bunaithe chomh maith ar Theachtaireacht 2007 ón gCoimisiún maidir le haistriú eolais.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Moladh 2008/416/CE ón gCoimisiún an maidir le bainistiú maoine intleachtúla i ngníomhaíochtaí aistrithe eolais agus an Cód Cleachtais le haghaidh ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde phoiblí eile (IO L 146, , lgh. 19–24)
nuashonrú is deireanaí