Soláthar poiblí

Cumhdaítear i gconarthaí soláthair phoiblí na soláthairtí, seirbhísí agus oibreacha a cheannaíonn an earnáil phoiblí. Cuirtear rialacha agus nósanna imeachta an Aontais Eorpaigh (AE) i bhfeidhm ar chonarthaí atá os cionn luach áirithe. Féachtar leis na rialacha sin le cóir chothrom do ghnólachtaí mar aon le hoscailteacht maidir le láimhseáil iarratas ar thairiscintí a áirithiú. Ba cheart breithniú orthu i gcomhthéacs iomaíochas feabhsaithe agus i gcomhthéacs na saoirse chun seirbhísí a chur ar fáil laistigh den mhargadh inmheánach an Aontais Eorpaigh.

Tá conarthaí áirithe, amhail conarthaí sa réimse cosanta, faoi Bhallstáit AE iad féin fós, toisc go mbíonn tionchar ag na conarthaí sin ar leasanna sonracha náisiúnta.

In 2014 d’athraigh an tAontas Eorpach na rialacha maidir le conarthaí oibreacha poiblí, soláthair agus seirbhíse, agus conarthaí lamháltais. Tosaíodh ag cur na rialacha sin i bhfeidhm ó 2016 i leith, lena laghdaítear rómhaorlathas, lena gcuirtear deireadh le bacainní ar rochtain ar an margadh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus lena áirithítear go ndéanfaidh údaráis chonarthacha coinbhleachtaí leasa, a thagann as feidhmiú nósanna imeachta soláthair, a chosc, a shainaithint agus a réiteach.

FÉACH FREISIN