Is iad bás daoine agus damáiste eacnamaíoch agus comhshaoil na tionchair is tromchúisí le tubaistí nádúrtha agus le tubaistí de dhéantús an duine atá ag méadú de réir cuma i gcomhthéacs líonta agus déine araon. Is iad iarmhairtí an athraithe aeráide agus na forbartha uirbí agus tionsclaíche go háirithe is cúis leis an leochaileacht i leith tubaistí den sórt sin atá ag méadú.
Tá an straitéis atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach ina cuid de shraith ionstraimí lena bhfuil gné sheachtrach agus inmheánach araon. Ní chumhdaítear éigeandálaí léi a bhaineann le coinbhleachtaí nó gníomhartha sceimhlitheoireachta.
Tá straitéis 2009 bunaithe ar 3 phríomhthéama:
In mí na Nollag 2013, ghlac an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa an cinneadh maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Agus an cinneadh i bhfeidhm ón , tugtar fócas láidir isteach leis inter alia maidir le tubaistí a chosc, agus le rialacha a bhaineann le bainistíocht riosca agus measúnú ar chumas na bainistíochta riosca, agus leagtar amach ann sraith uaillmhianach tionscnamh a chuirfidh an Coimisiún chun feidhme (lena n-áirítear measúnú riosca, cumas na bainistíochta riosca agus athbhreithniú piaraí deonach).
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cur chuige an Chomhphobail maidir le cosc ar thubaistí nádúrtha agus ar thubaistí de dhéantús an duine (COM(2009) 82 leagan deireanach, )
nuashonrú is deireanaí